Iarracht le déanamh Oireachtas na Samhna a thabhairt ar ais go dtí an Ghaeltacht in 2024

Beidh Oireachtas na Gaeilge ag iarraidh scéala a fháil go luath ó aon phobal ar fud na tíre a mbeadh spéis acu Oireachtas na Samhna a bheith acu in 2024 nó sna blianta ina dhiaidh sin

Iarracht le déanamh Oireachtas na Samhna a thabhairt ar ais go dtí an Ghaeltacht in 2024

Tá iarracht le déanamh Oireachtas na Samhna a thabhairt ar ais go dtí Cois Fharraige 50 bliain ó eagraíodh an fhéile sa Ghaeltacht den chéad uair.

I gCois Fharraige i gConamara a bhí féile an Oireachtais i 1974, an chéad uair di a bheith sa Ghaeltacht agus an chéad uair gur eagraíodh lasmuigh de Bhaile Átha Cliath an fhéile ó athbhunaíodh í i 1939.

Dheimhnigh Oireachtas na Gaeilge do Tuairisc go bhfuil siad ag iarraidh scéala a fháil ó aon phobal ar fud na tíre a mbeadh spéis acu Oireachtas na Samhna a bheith acu in 2024 nó sna blianta ina dhiaidh sin.

Tá plé déanta cheana féin ag Cumann Forbartha Chois Fharraige ar iarratas a dhéanamh Oireachtas na Gaeilge a thabhairt ar ais go dtí Cois Fharraige in 2024.

Tuigtear do Tuairisc go mbeadh aon iarratas a dhéanfaí bunaithe ar chuid den fhéile a bheith ar siúl i gcathair na Gaillimhe agus cuid di a bheith ar siúl i gCois Fharraige.

I gCill Airne i gCiarraí a bheidh na tOireachtas ar siúl arís an bhliain seo chugainn ach níl aon chinneadh déanta faoi 2024 ná na blianta ina dhiaidh sin.

Dúirt urlabhraí ón Oireachtas le Tuairisc go mbeidh glaoch ar léirithe spéise á fhógairt acu roimh dheireadh na bliana.

Is in Óstán an Gleneagle i gCill Airne a bhí an tOireachtas ocht n-uaire ó 2010 agus bhí sé dhá bhabhta sa Citywest i mBaile Átha Cliath sa tréimhse chéanna. Fágann cúraimí eile a bheith ar an Citywest nach mbeadh fáil ar an óstán sin mar ionad féile go ceann roinnt blianta.

Bhí Oireachtas na Gaeilge in ainm is a bheith ar siúl sa Ghaillimh in 2020, ach cuireadh an fhéile ar ceal ar feadh dhá bhliain de dheasca na paindéime Covid-19.

Ba í an bhliain 2020 an chéad uair go raibh Oireachtas na Gaeilge le bheith ar siúl sa Ghaillimh ó 1993 agus an chéad uair ó 2008 go raibh an fhéile le bheith ar siúl aon áit eile seachas Cill Airne, Baile Átha Cliath agus Leitir Ceanainn.

Is minic é ráite ag lucht na Oireachtais go bhfuil líon na n-áiteanna gur féidir an fhéile a reáchtáil teoranta mar gheall ar oiread daoine a bhíonn ag freastal uirthi agus mar gheall ar chineál na n-áiseanna a theastaíonn ó ócáidí agus comórtais áirithe.

Luaitear, mar shampla, an comórtas rince ‘Steip’. Deir daoine eile gur cheart féachaint ar chomórtais mar sin a dhealú ón mbunOireachtas agus a stáitse féin a thabhairt dóibh i mbaile éigin eile.

Fág freagra ar 'Iarracht le déanamh Oireachtas na Samhna a thabhairt ar ais go dtí an Ghaeltacht in 2024'

  • An Teanga Bheo

    An saol ó dheas is minicí