Iarracht le déanamh cás athlonnaithe Gaelscoile i mBéal Feirste a thabhairt os comhair na Cúirte Uachtaraí i Londain

Iarrfar ar an gCúirt Uachtarach an cás a éisteacht ar an mbonn go  bhfuil tábhacht shuntasach phoiblí ag baint leis

Iarracht le déanamh cás athlonnaithe Gaelscoile i mBéal Feirste a thabhairt os comhair na Cúirte Uachtaraí i Londain

Tá tuismitheoirí dalta gaelscoile i mBéal Feirste le hiarratas a dhéanamh ar an gCúirt Uachtarach i Londain achomharc a dhéanamh maidir le cinneadh diúltú d’iarratas a rinneadh an ghaelscoil a athlonnú chuig láthair nua.

Dheimhnigh dlíodóir thar ceann na dtuismitheoirí go dtabharfar aghaidh ar an gcúirt is údarásaí sa Bhreatain le cead a lorg athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh gan Gaelscoil an Lonnáin ar Bhóthar na bhFál a athlonnú go dtí an láthair ina mbíodh scoil Naomh Comhgall i gceantar Divis na cathrach.

Maíonn na tuismitheoirí nach raibh aon chiall le cinneadh an iarAire Oideachais de chuid an DUP Peter Weir nuair a dhiúltaigh sé d’athlonnú na scoile sa bhliain 2016 agus gur cliseadh a bhí ann ar an dualgas reachtúil atá ann an Gaeloideachas a fhorbairt.

D’iarr abhcóide ar son na dtuismitheoirí ar an gCúirt Achomhairc i mBéal Feirste inné achomharc chun na Cúirte Uachtaraí a cheadú ach dhiúltaigh beirt as triúr de na breithiúna don iarratas sin.

Dúirt dlíodóir na dtuismitheoirí Michael Flannigan go ndéanfadh a chuid cliant achainí chuig an gCúirt Uachtarach anois ar an mbunús go bhfuil tábhacht shuntasach phoiblí ag baint leis an gcás.

Thacaigh breitheamh de chuid na hArd-Chúirte le seasamh na dtuismitheoirí sa chás i nDeireadh Fómhar na bliana 2017 ach chuir móramh sa Chúirt Achomhairc an cinneadh sin ar ceal an mhí seo caite.

Dúirt an Príomh-Bhreitheamh an Tiarna Sir Declan Morgan agus an breitheamh an Tiarna Deeny go raibh sé de cheart agus d’údarás ag an iarAire Oideachais ag an am diúltú d’athlonnú na gaelscoile.

Tá Gaelscoil an Lonnáin ag feidhmiú i bhfoirgneamh 115 bliain d’aois in iarthar Bhéal Feirste agus thart ar 60 dalta ag freastal uirthi faoi láthair. Tá an scoil ar an láthair sin ar Bhóthar na bhFál ó 2004.

Maíonn tuismitheoirí an dalta atá ag tógáil an cháis go bhfuil suíomh na scoile ró-sháinnithe agus nach bhfuil sé oiriúnach dá fheidhm.

Teastaíonn ó na tuismitheoirí go dtreoródh an Chúirt Uachtarach go ndéanfaí athbhreithniú ar an bpróiseas a bhain le cinneadh an iarAire Weir diúltú don iarratais maidir le hathlonnú na scoile.

 

Fág freagra ar 'Iarracht le déanamh cás athlonnaithe Gaelscoile i mBéal Feirste a thabhairt os comhair na Cúirte Uachtaraí i Londain'

  • DJ Mac Lochlainn

    Divis = Duibhis nó Dhuibhise sa tuiseal ginideach