Tá teagmháil déanta ag cathaoirleach Bhord TG4 le baill foirne an stáisiúin lena chur in iúl dóibh nach bhfuil an chéad cheannaire eile ar TG4 ceaptha go fóill. I ríomhphost a seoladh chuig an bhfoireann tráthnóna dúradh go bhfuil an próiseas earcaíochta fós ar siúl agus nach mbeadh sé críochnaithe go dtí mí Eanáir.
Seoladh an ríomhphost tráth a raibh caint in TG4 agus in áiteanna eile go raibh an folúntas a bheidh ann don phost is sinsearaí i saol na craoltóireachta teilifíse Gaeilge líonta. Dúirt an Cathaoirleach, Anna Ní Ghallachair, sa ríomhphost chomh maith go gcaithfeadh an rialtas aon cheapachán a cheadú agus go ndéanfaí fógra oifigiúil nuair a bheadh na dualgais reachtúla sin curtha i gcrích.
Tuigtear do Tuairisc gur ceathrar ar éirigh leo teacht tríd na céimeanna luatha den phróiseas earcaíochta. Tuigtear go raibh duine amháin atá ag obair in TG4 faoi láthair i measc an cheathrair sin agus gur fostaithe i bpoist shinsearacha in eagraíochtaí in earnáil na Gaeilge a bhí beirt eile. Is ó shaol na craoltóireachta an duine eile ar éirigh leis dul chomh fada leis na céimeanna deireanacha.
Tá Alan Esslemont le héirí as a phost in Aibreán na bliana seo chugainn, tráth a mbeidh seacht mbliana caite aige ina ardstiúrthóir. Beidh an té a cheapfar ina áit ar an gceathrú ceannasaí ar TG4 ó bunaíodh an stáisiún i 1996. Tuarastal idir €150,000 agus €170,000 atá luaite leis an ról agus conradh seacht mbliana a bheidh ann.
Beidh an tArd-Stiúrthóir nua ag teacht i gceannas tráth a mbeidh TG4 ag iarraidh seirbhís nuachta a bhunú a bheidh neamhspleách ó RTÉ. Is é mian TG4 go mbeadh neamhspleáchas bainte amach dá seirbhís nuachta agus cúrsaí reatha faoi Mheán Fómhair 2025 ach tá aighneas idir an craoltóir agus RTÉ le tamall faoin bplean a bhfuil glactha ag an Rialtas leis.
An bhliain seo chugainn freisin a thabharfar faoi fhormhór na hoibre don athbhreithniú ar an soláthar Gaeilge sna meáin atá beartaithe ag Coimisiún na Meán.
Fág freagra ar 'Iarracht déanta corc a chur i gcaint go bhfuil ardstiúrthóir nua TG4 roghnaithe'