‘Iarracht ar siúl ‘cúlú’ na nGardaí ón nGaeilge a cheilt le focail mhilse’

Phléigh Éamon Ó Cuív ceist na Gaeilge sna Gardaí leis an Aire Dlí agus Cirt sa Dáil, Helen McEntee

‘Iarracht ar siúl ‘cúlú’ na nGardaí ón nGaeilge a cheilt le focail mhilse’

Tá iarracht á déanamh “cúlú leanúnach” an Gharda Síochána ón nGaeilge a cheilt le “focail mhilse” agus “plean nach bhfuil aon rian de le feiceáil ar an talamh”.

B’in a bhí le rá ag Éamon Ó Cuív, an t-iar-aire Gaeltachta, i ndiaidh dó ceist na Gaeilge sna Gardaí a phlé leis an Aire Dlí agus Cirt sa Dáil, Helen McEntee.

Chosain McEntee sa Dáil le déanaí an cinneadh deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge d’arduithe céime san fhórsa agus mhaígh sí go raibh na Gardaí tiomanta do chur chun cinn na Gaeilge.

Thagair sí don straitéis do chur chun cinn na Gaeilge atá le foilsiú ag an nGarda Síochána an mhí seo chugainn agus don phróiseas earcaíochta atá ar bun faoi láthair acu, próiseas a deir sí ina bhfuil béim ar Ghaeilgeoirí a earcú. Dúirt sí chomh maith go bhfuil polasaí ag na Gardaí gan ach cainteoirí Gaeilge a chur ar dualgas sa Ghaeltacht.

Dúirt Éamon Ó Cuív, áfach, “gur caint gan ghníomh” a bhí ansin agus go leor folúntais ann do Ghaeilgeoirí sa Ghaeltacht nach raibh á líonadh. Dúirt sé go raibh cúlú óna ndualgas i leith na teanga i gceist ó thaobh pholasaí iontrála an fhórsa agus ó thaobh an riachtanais Ghaeilge d’arduithe céime.

Éamon Ó Cuív

Mhaígh Ó Cuív nach raibh “aon phlean” ag an nGarda Síochána chun a chinntiú go mbeadh seirbhís ar fáil trí Ghaeilge ag lucht labhartha na teanga taobh amuigh den Ghaeltacht, fiú sna ceantair atá ainmnithe le bheith mar ghréasáin Ghaeltachta faoi Acht na Gaeltachta 2012.

“Níl aon phlean ceart ann daoine le Gaeilge ar ardchaighdeán a earcú sa nGarda Síochána. Níl aon fhógraíocht earcaíochta i nGaeilge ar TG4, mar shampla,” arsa Ó Cuív.

“Tá cúlú leanúnach maidir leis an nGaeilge ar siúl sa nGarda Síochána agus é clúdaithe le focail mhilse faoi phlean nach bhfuil aon rian de le feiceáil ar an talamh.”

Dúirt na Gardaí go mbeadh an Ghaeilge ina cuid “lárnach” d’fheachtas earcaíochta nua ar cuireadh tús leis níos túisce an mhí seo.

Dúirt na Gardaí go raibh an feachtas, ar cheann de na cinn is cuimsithí ar thug an eagraíocht faoi riamh agus go mbeadh béim ar leith ar dhaoine ón nGaeltacht agus cainteoirí líofa Gaeilge a mhealladh.

Tá ceist na Gaeilge sa Gharda Síochána i mbéal an phobail le tamall.

Deir Coimisinéir an Gharda Síochána nach raibh an eagraíocht ag iarraidh fáil réidh leis an riachtanas Gaeilge a bhíodh ann do sháirsintí agus cigirí ach gur aontaigh siad sin a dhéanamh tar éis an cheist a phlé leis an Roinn Dlí agus Cirt.

Deir Drew Harris gur iarr An Garda Síochána nach n-athrófaí an riachtanas ach gur aontaíodh an t-athrú i ndiaidh “an-chuid cainteanna” mar go bhfaigheann iontrálaithe chuig na Gardaí “oiliúint leathan cheana féin”.

De réir anailíse a rinne Tuairisc.ie in 2020 ní raibh ach triúr a earcaíodh trí “sruth Gaeilge” an Gharda Síochána curtha ar dualgas i stáisiúin Ghaeltachta le seacht mbliana.

55 Garda ar fad a earcaíodh tríd an sruth Gaeilge, an córas a bunaíodh in 2013 chun cur le líon na nGardaí le Gaeilge sa Ghaeltacht.

Léirigh na figiúirí freisin gur tháinig laghdú suntasach ar líon na nGardaí a earcaíodh tríd an ‘sruth Gaeilge’ i ndiaidh bliain a bhunaithe.

Dúirt Coimisinéir na nGardaí Drew Harris ag an am gur “ábhar díomá é” go bhfuil líon na gcomhaltaí a earcaíodh tríd an sruth Gaeilge “chomh beag sin”. 

Fág freagra ar '‘Iarracht ar siúl ‘cúlú’ na nGardaí ón nGaeilge a cheilt le focail mhilse’'