Iarracht ar réiteach ar aighneas dlí idir seodóirí Gaeltachta

Áitíonn Brian de Staic go bhfuil gnó nua ar an mbaile sin, AJ Bácéir Teoranta, ag díol táirgí atá cosúil le seoda an ‘Ogham Stone Collection’ a chruthaigh sé féin

Iarracht ar réiteach ar aighneas dlí idir seodóirí Gaeltachta

Dúradh san Ard-Chúirt inné go mbeidh cruinniú as seo go ceann seachtaine ag lucht an dá chomhlacht seodóireachta sa Daingean atá i mbun aighnis dlí faoi chúrsaí cóipchirt.

Bhí urghaire cúirte á lorg ag Brian de Staic an seodóir mór le rá atá lonnaithe sa Daingean i gCiarraí 

chun stop a chur le beirt iarfhostaithe dá chuid a mhaíonn sé atá ag cur táirgí ar fáil ar cosúil iad le cuid de na seoda atá á ndéanamh aige féin le 40 bliain

Tugadh le fios inné go mbeadh an cás os comhair na cúirte arís faoi cheann coicíse mura dtiocfaí ar réiteach ag an gcruinniú idir de Staic agus AJ Bácéir Teoranta.

Áitíonn Brian de Staic go bhfuil gnó nua ar an mbaile sin, AJ Bácéir Teoranta, ag díol táirgí atá cosúil le seoda an ‘Ogham Stone Collection’ a chruthaigh sé féin, rud a líomhnaíonn sé atá ina shárú ar a chóipcheart féin.

Dúradh sa chúirt nár ghlac AJ Baicéir Teoranta leis an líomhain go raibh aithris á déanamh acu ar shaothar de Staic.

Tá an dá shiopa ar an tsráid chéanna sa Daingean, Sráid na Faiche.

Tá cáil mhór ar shaothar Bhriain de Staic a bhunaigh a ghnó sa Daingean i 1981. Iarfhostaithe dá chuid iad Jerry agus Aideen Báicéir, stiúrthóirí an tsiopa nua a osclaíodh anuraidh.

Fág freagra ar 'Iarracht ar réiteach ar aighneas dlí idir seodóirí Gaeltachta'

  • Fearn

    Beidh an éisteacht i nGaolainn gan dabht!!