Bhainfeadh ‘evil genius’ an Achta Gaeilge an bonn d’fhéiniúlacht na Breataine — Allister

Dúirt Jim Allister go n-íocfadh an DUP féin go daor as dá dtabharfaí Acht Gaeilge isteach agus é den tuairim go bhfuil an páirtí sin 'ag ullmhú le géilleadh'

Bhainfeadh ‘evil genius’ an Achta Gaeilge an bonn d’fhéiniúlacht na Breataine — Allister

Bhainfeadh Acht Gaeilge an bonn d’fhéiniúlacht na Breataine i dTuaisceart Éireann, dar le ceannaire an TUV, Jim Allister. Tá a imní léirithe ag Allister faoi sheasamh ‘athraitheach’ an DUP i leith cheist an Achta Gaeilge.

Dúirt Allister go n-íocfadh an DUP féin go daor as dá dtabharfaí stádas oifigiúil don Ghaeilge agus go raibh sé in am ag aontachtóirí fadcheannacha sa pháirtí sin an fód a sheasamh ar an gceist.

Mhaígh sé gur “tubaiste” a bheadh ann dá nglacfadh an DUP le hAcht Gaeilge, nach raibh aon ghá lena leithéid agus go gcuirfeadh sé brú ar acmhainní ó thuaidh.

Mhaígh sé freisin gur “teach fuar d’aontachtóirí” a bheadh sa státseirbhís ó thuaidh dá dtabharfaí an tAcht isteach mar gheall ar na riachtanais a bheadh ann, dar leis, poist a chur ar leataobh do chainteoirí Gaeilge.

“The evil genius of bestowing official status on Irish through an Irish language act is that it activates the transformation of the public service into an employer where preferment will favour Irish speakers. Hence, the reason why it is such a key part of Sinn Féin’s long game – with [Gerry] Adams demanding an act ‘with muscle’.

“That is how it was used in the Republic of Ireland by de Valera and how it would undoubtedly unfold within Northern Ireland,” a dúirt Allister.

Tugadh Acht na dTeangacha Oifigiúla isteach in Éirinn sa bhliain 2003, 30 bliain i ndiaidh do de Valera bás a fháil agus 44 bliain ó d’éirigh sé as rialtas na hÉireann.

“Is éileamh díobhálach é, nach bhfuil ciall leis, agus nár cheart freastal air, agus níor cheart do dhuine ar bith a bheith ina mhadra lathaí ag lucht a éilimh. Tá lúbaireacht ar bun ag an DUP faoin gceist le tamall, agus is léir go bhfuil siad ag ullmhú le géilleadh ar fad nuair a bheidh an toghchán thart.

“Tá siad sásta cibé praghas a chuirfear ar an gcumhacht a íoc agus níl sé sin ceart, tá sé meargánta agus ba cheart dóibh cuimhneamh orthu féin,” a dúirt Allister.

Fág freagra ar 'Bhainfeadh ‘evil genius’ an Achta Gaeilge an bonn d’fhéiniúlacht na Breataine — Allister'

  • Gabriel Rosenstock

    “That is how it was used in the Republic of Ireland by de Valera and how it would undoubtedly unfold within Northern Ireland,” a dúirt Allister.
    Dá gcuirfí scrúdú cainte ar statseirbhísigh na Poblachta, abraimis sa Roinn Oideachais agus Scileanna, an mbeadh níos mó ná 10% díobh in ann comhrá a dhéanamh i nGaeilge? Cuirimis ár ndóchas i dTuaisceart Éireann is beidh Éire fós ag Cáit Ní Dhuibhir!