Iarlaoch eile ag iarraidh teacht slán ó scrúdú El Clásico

Is é cluiche na hoíche anocht an chéad uair a mbeidh Zinedine Zidane i gceannas ar Real Madrid agus iad in aghaidh Barcelona. Is maith a thuigeann iarlaochra ón dá chlub nach ionann rath ar an bpáirc agus rath ar an taobhlíne

maxresdefault

Casfaidh sean-naimhde na Spáinne ar a chéile anocht agus Barcelona agus Real Madrid ag imirt in El Clásico sa Nou Camp. Tar éis dó imirt in aghaidh na gCatalónach 11 uair mar imreoir de chuid Los Blancos, tabharfaidh Zinedine Zidane aghaidh ar Barcelona den chéad uair anocht mar bhainisteoir Real Madrid.

Is cluiche mór é do Zidane mar tá Real Madrid deich bpointe chun deiridh ar Barcelona agus gan ach ocht gcluiche fágtha sa tsraith. Mura n-éiríonn leo an bua a fháil anocht, is beag seans a bheidh acu breith ar fhoireann Luis Enrique roimh dheireadh an tséasúir.

Zidane an chéad iarimreoir de chuid na foirne seo a bhfuil post bainisteora faighte aige ach, mar a fheicfimid thíos, ní i gcónaí go mbíonn an rath céanna ar na hiarlaochra nuair a théann siad leis an mbainistíocht.

Alfredo di Stefano

Football : Madrid Training Pre : European Cup Winners Cup Final 1983 Aberdeen v Real Madrid 11/05/1983  Alfredo Di Stefano (Real Madrid Manager / coach )
Alfredo di Stefano

Aithnítear di Stefano ar cheann de na himreoirí is fearr a bhí ann i stair Los Blancos ach ní raibh an rath céanna air mar bhainisteoir. Chaith di Stefano dhá sheal mar bhainisteoir ar Real Madrid ach níor éirigh leis aon rud fiúntach a bhuachan. Cé gur scóráil sé 18 cúl i 35 cluiche in aghaidh Barcelona mar imreoir, níor éirigh leis ach péire den ocht gcluiche ina raibh sé mar bhainisteoir ar Real Madrid in El Clásico a bhuachan.

Jorge Valdano

Fear a bhuaigh La Liga agus Corn UEFA faoi dhó mar imreoir leis an gclub, chomh maith leis an Copa de la Liga, níor mhair Valdano ach bliain go leith i gceannas ar Madrid. Níor éirigh ródhona leis in El Clásico áfach, Madrid ag buachan 5-0 an chéad uair ar chas Valdano ar Barcelona mar bhainisteoir. Bhí i gceannas do dhá chluiche eile in aghaidh Barcelona, cailliúint agus comhscór, sular tugadh bata agus bóthar dó i mí Eanáir 1996.

Bernd Schuster

Bernd Schuster. INPHO/Getty Images
Bernd Schuster. INPHO/Getty Images

gur imir Schuster do Barcelona agus Atlético Madrid, chomh maith leis an dhá shéasúr a chaith sé le Los Blancos, tá meas ar leith ag leantóirí Real Madrid ar an nGearmánach, go háirithe de bharr an tréimhse a chaith sé mar bhainisteoir ar an gclub idir 2007 agus 2008. Bhuaigh sé an tsraith ina chéad bhliain, é ag buachan ar Barcelona faoi dhó sa dhá chluiche a d’imir siad, an chéad bhua a bhí acu sa Nou Camp le ceithre bliana. Ceithre lá tar éis do Madrid fáil réidh leis i mí na Nollag 2008, chaill siad in aghaidh Barcelona.

Johan Cruyff

Johan Cruyff.  INPHO/Allsport
Johan Cruyff. INPHO/Allsport

An fear is tábhachtaí i stair Barcelona, bhí tionchar ollmhór ag an Ollannach orthu mar imreoir agus mar bhainisteoir. Chaith Cruyff ocht mbliana i gceannas ar na Catalónaigh, iad ag casadh ar Real Madrid 25 uair le linn an ama sin, bhí an bua aige i 9 gcinn de na cluichí sin agus chaill sé 10 gcinn. Mar a tharlaíonn sé, bhí Cruyff ar an taobh ceart agus an taobh mícheart de thoradh 5-0 in El Clásico agus é ina bhainisteoir ar Barcelona. I mí Eanáir 1994, bhuaigh Barcelona 5-0 sa Nou Camp ach 12 mí ina dhiaidh sin, bhain Madrid díoltas amach, iad féin ag buachan 5-0 sa Bernabéu.

Pep Guardiola

Pep Gyuardiola. INPHO/Getty Images
Pep Gyuardiola. INPHO/Getty Images

Fear a bhí ag imirt do Barcelona sa dá chluiche sin a chríochnaigh 5-0, bhí rath iontach ar Guardiola agus é ina bhainisteoir ar na Catalónaigh, rud a bhí soiléir ó na torthaí in aghaidh Real Madrid. Bhuaigh Guardiola ar Madrid sa chéad chúig chluiche ina raibh sé ina bhainisteoir, buanna 5-0 agus 6-2 ina measc, agus faoin am ar fhág sé Barcelona, bhí naoi mbua san iomlán aimsithe aige ar na sean-naimhde, i gcomparáid le dhá chailliúint.

Luis Enrique

Bainisteoir Barcelona faoi láthair, bhí Enrique é féin ag imirt sa dá chluiche sna 90idí a chríochnaigh 5-0, cé go raibh geansaí bán Madrid á chaitheamh aige. Bhog sé go Barcelona go luath ina diaidh sin agus thóg sé ceannas ar an bhfoireann an séasúr seo caite. Is é cluiche na hoíche anocht an ceathrú El Clásico aige mar bhainisteoir agus péire acu buaite aige, an bua 4-0 sa Bernabéu mí na Samhna seo caite ar cheann acu.

Fág freagra ar 'Iarlaoch eile ag iarraidh teacht slán ó scrúdú El Clásico'