Iarfhostaí de chuid Údarás na Gaeltachta ag maíomh gur briseadh as a post san éagóir í

Maíodh ag an gCoimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre go raibh iarfhostaí de chuid Údarás na Gaeltachta i dteideal conradh tréimhse éiginnte i ndiaidh di breis is ceithre bliana a chaitheamh ag obair ann

Iarfhostaí de chuid Údarás na Gaeltachta ag maíomh gur briseadh as a post san éagóir í

Deir iarfhostaí de chuid Údarás na Gaeltachta gur briseadh as a post go héagórach í nuair a tugadh le fios di go raibh a pá á ghearradh ina leath i ndiaidh di ceithre bliana a chaitheamh ag obair san eagraíocht.

Maíodh ag an gCoimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre inniu go raibh an t-iarfhostaí i dteideal conradh tréimhse éiginnte i ndiaidh di breis is ceithre bliana a chaitheamh ag obair san Údarás, ach ina áit sin gur briseadh go héagórach as a post í. 

Dúradh go raibh sé chonradh ar fad ag an iarfhostaí leis an eagraíocht Ghaeltachta le linn na tréimhse ar oibrigh sí ann, idir chonarthaí oiliúna agus chonarthaí fostaíochta.

In 2016-2017 agus í faoi oiliúint san Údarás bhí €23,000 sa bhliain á thuilleamh ag an bhfostaí ach shínigh sí conradh fostaíochta ina dhiaidh sin agus faoin mbliain 2020 bhí €48,000 sa bhliain á íoc léi.

Ach nuair a tháinig deireadh le tréimhse a séú conradh tairgeadh conradh oiliúna di arís agus €23,000 sa bhliain ag dul leis, níos lú ná leath den tuarastal a bhí aici.

Conradh tréimhse éiginnte agus €48,000 a bhí á lorg ag an bhfostaí faoin tráth sin, a dúradh, toisc gurb in an tuarastal a bhí aici agus toisc go raibh sé chonradh ar fad sínithe aici leis an eagraíocht in imeacht ceithre bliana.

Nuair nach raibh sí sásta an conradh nua oiliúna a shíniú tháinig deireadh lena tréimhse fostaíochta leis an Údarás.

Tá sí ag maíomh gurb ionann an méid a tharla agus í a bhriseadh as a post “gan chúis, gan phróiseas”.

Mhaígh Údarás na Gaeltachta nach raibh an t-iarfhostaí i dteideal faoiseamh a fháil faoin Acht um Chosaint Fostaithe (Obair Téarma Shocraithe) 2003 mar nach ndearna sí gearán in am.

Mhaígh an tÚdarás chomh maith nach sé chonradh fostaíochta a bhí i gceist mar gur conarthaí oiliúna a bhí i dtrí cinn acu. Trí chonradh thar thréimhse dhá bhliain go leith a bhí i gceist dá réir, dar leo.

Shéan an tÚdarás freisin gur briseadh as a post san éagóir í agus mhaígh siad go raibh a gcuid iompair féin réasúnta i gcónaí.

Dúradh gurb í an t-iarfhostaí féin a roghnaigh gan an conradh a bhí á thairiscint di a shíniú, rud a chuir deireadh lena tréimhse fostaíochta.

Tabharfar breithiúnas sa chás an mhí seo chugainn.

Fág freagra ar 'Iarfhostaí de chuid Údarás na Gaeltachta ag maíomh gur briseadh as a post san éagóir í'