Iarchraoltóir RTÉ Liam Ó Murchú tar éis bháis

As an gclár comhrá ‘Trom agus Éadrom’ is mó a chuimhnítear air

 

 

000ac99b-630

Tá an t-údar agus an t-iarchraoltóir le RTÉ, Liam Ó Murchú tar éis bháis. Sé bliana is ceithre scór a bhí sé.

I gCorcaigh a rugadh Ó Murchú agus is de bharr an chláir Trom agus Éadrom, mar a mbíodh cur i láthair suaithinseach dátheangach aige, is mó a chuimhnítear air. Thug sé tamallacha freisin ina Chathaoirleach ar Bhord na Gaeilge agus ar Chomhairle Raidió na Gaeltachta.

I Scoil na mBráithre Críostaí a cuireadh bunoideachas air agus bhuaigh scoláireacht ansin chun freastal ar an Mainistir Thuaidh. Rinne sé staidéar ar an litríocht i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh ina dhiaidh sin ach d’fhág an coláiste tar éis bliana chun dul ag obair. Fear mór Fhianna Fáil ab ea é agus níorbh annamh é ag cur comhairle ar pholaiteoirí.

Shocraigh sé páirt a ghlacadh in olltoghchán na bliana 1982 agus chuir é féin chun cinn mar iarrthóir de chuid Fhianna Fáil i gCorcaigh Thuaidh-Láir ach níor éirigh leis suíochán a bhaint amach ansin.

Chuaigh sé isteach in RTÉ i 1964 mar Eagarthóir cláracha Gaeilge agus rinneadh Leas-Cheannasaí Clár agus Leas-Ard-Stiúrthóir de ina dhiaidh sin.

Anuas ar Trom agus Éadrom, chuireadh sé Up for the Final agus Lifelines i láthair agus scríobhadh go rialta don iris Ireland’s Own.

Bhronn Coláiste na hOllscoile, Corcaigh céim oinigh air sa bhliain 2002.

Cailleadh a bhean Margaret roimhe agus maireann ochtar clainne, clann clainne agus gaolta eile leis.

Fág freagra ar 'Iarchraoltóir RTÉ Liam Ó Murchú tar éis bháis'

  • Iasan Ó Riabhaigh

    Bhí mé ocht mbliana d’aois nuair a bhí an clár Trom Agus Éadrom ar an teilifís.

    Suaimhneas síoraí duit,a Liam.