Iarbhunscoil ‘satailíte’ lán-Ghaeilge beartaithe do thuaisceart Bhéal Feirste

Beidh an scoil ina cuid de Choláiste Feirste, atá ar cheann den dá iarbhunscoil lán-Ghaeilge ó thuaidh

Iarbhunscoil ‘satailíte’ lán-Ghaeilge beartaithe do thuaisceart Bhéal Feirste

Tá iarbhunscoil ‘satailíte’ lán-Ghaeilge á beartú i dtuaisceart Bhéal Feirste.

Beidh an scoil ina cuid de Choláiste Feirste, atá ar cheann den dá iarbhunscoil lán-Ghaeilge ó thuaidh.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle na Gaelscolaíochta, Ciarán Mac Giolla Bhéin go raibh an eagraíocht ag tacú “leis na hiarrachtaí leanúnacha” atá ar siúl le campas Gaeilge a chur ar bun i dtuaisceart na cathrach.

“Tá foireann Chomhairle na Gaelscolaíochta ag tacú le Coláiste Feirste agus le coiste áitiúil i dTuaisceart Bhéal Feirste,” a dúirt sé.

Bheadh an campas mar chuid de Choláiste Feirste i dtosach báire go dtí go mbeadh dóthain daltaí ag an champas chun scoil neamhspleách a bhunú.

Tá géarghá leis an champas, a dúirt Mac Giolla Bhéin toisc “ró-éileamh” a bheith ar Choláiste Feirste, in iarthar na cathrach.

“Tá barraíocht páistí ag freastal ar Choláiste Feirste agus an rud atá de dhíth go meántéarmach agus go fadtéarmach ná scoil eile i dtuaisceart Bhéal Feirste chun freastal ar na daltaí atá ag iarraidh oideachas lán-Ghaeilge ag an darna leibhéal.”

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle na Gaelscolaíochta go raibh “cainteanna ar bun” i gceantracha eile maidir le scoil satailíte a bhunú.

Táthar ag breathnú ar mhúnla na scoile satailíte chun borradh a chur faoin oideachas lán-Ghaeilge ag leibheál na hiarbhunscoile, a dúirt sé.

Tá tríocha bliain caite ó bunaíodh an chéad mheánscoil Ghaeilge, Coláiste Feirste, ó thuaidh. Bunaíodh an dara hiarbhunscoil Ghaeilge, Coláiste Dhoire, in 2015.

Bunaíodh níos túisce i mbliana an chéad champas satailíte i nDún Dealgan. Tá an scoil, faoi riar an Fhorais Phátrúnachta, lonnaithe in Ionad Pobail Mhuirtheimhne Mór agues í mar chuid de Choláiste Ghlór na Mara i mBaile Brigín.

Maidir leis na dúshláin atá roimh earnáil na Gaelscolaíochta ó thuaidh, dúirt Mac Giolla Bhéin gurb é an bac is mó atá roimh fhorbairt na hearnála go bhfuil breis agus 60% de na bunscoileanna ag feidhmiú i gcóiríocht shealadach.

“Tá sé beagnach dodhéanta ag scoileanna nuabhunaithe critéir na Roinne a shásamh. Is gá 30 dalta a bheith cláraithe le scoileanna trí bliana i ndiaidh a chéile agus mar gheall ar an chóiríocht shealadach, ní féidir le scoileanna glacadh leis an méid sin daltaí. Is fáinne fí atá ann,” a dúirt sé.

As an 36 bunscoil ó thuaidh, tá 21 acu ag feidhmiú i gcóiríocht shealadach. 

Cúig bhunscoil lán-Ghaeilge atá aitheanta ar liosta na Roinne Oideachais ó thuaidh le haghaidh foirgneamh buan. 44 bunscoil Bhéarla atá ainmnithe ar an liosta sin.

I ráiteas a chuir an Roinn Oideachais ó thuaidh ar fáil do Tuairisc.ie faoi cheist na cóiríochta sealadaí, dúradh nach raibh ach ‘dhá bhunscoil lán-Ghaeilge” aitheanta ag an Roinn mar fhoirgnimh “a bhfuil an-drochbhail” orthu. Gaelscoil na Daróige agus Bunscoil Cholmcille i nDoire an dá scoil sin.

Dúirt an Roinn nach ionann foirgnimh réamhdhéanta agus cóiríocht shealadach agus go bhféadfadh scoil feidhmiú i gcóiríocht den chineál réamhdhéanta ar feadh 30 bliain.

Fág freagra ar 'Iarbhunscoil ‘satailíte’ lán-Ghaeilge beartaithe do thuaisceart Bhéal Feirste'

  • Antain Mac Lochlainn

    Dea-scéala. Obair mhór ar siúl acu, in ainneoin na gcontaiscí uilig.

  • Seán Mac Cearáin

    Saoithiúil go n-aontaíonn Cna G le scoil satailíte anois i mBéal Feirste (sraitéis a thig le ciall) i ndiadh na blianta caite acu ag gríosadh daoine chun scoileanna neamhspleacha a bhunadh agus neamhaird a thabhairt ar chúrsaí pleanála.Is de dheasca an cuir chuige sin a chruthaigh an fhadhb i nDoire(agus cuid mhaith áiteacha eile) go mbeidh na scoileanna seo gan cóiríocht cheart.