Iar-phríomhoide ar Ghaelscoil i gCorcaigh gafa agus dallamullóg curtha ina leith

Tá sé curtha i leith Aileen Ní Cheallaigh gur chuir sí eolas míchruinn ar fáil go mí-ionraic don Roinn Oideachais agus Scileanna

Iar-phríomhoide ar Ghaelscoil i gCorcaigh gafa agus dallamullóg curtha ina leith

Gabhadh iar-phríomhoide ar Ghaelscoil i gCorcaigh inniu agus é curtha ina leith go raibh dallamullóg ar bun aici maidir le heolas a bhain le cúrsaí rollaithe sa scoil thar thréimhse cúig bliana.

Gabhadh ag Teach na Cúirte ar Shráid Washington inniu, Aileen Ní Cheallaigh, atá 35 bliain d’aois agus a bhfuil cónaí uirthi ag 14 Mill Road, Mainistir na Corannn, Contae Chorcaí.

Tá cúig chúis a bhaineann le dallamullóg á gcur ina leith.

Tá sé curtha i leith Ní Cheallaigh gur chuir sí eolas míchruinn faoi líon na n-iarratas ar chlárú le scoil ar fáil go mí-ionraic don Roinn Oideachais agus Scileanna agus í ag Gaelscoil Mhúscraí sa Bhlarna ar dháta anaithnid idir an 4 Nollaig agus an 19 Nollaig 2005.

Tá sé curtha ina leith freisin gur chuir sí eolas míchruinn dá leithéid ar fáil a bhain leis na scoilbhlianta 2006/2007, 2007/2008, 2008/2009 agus 2009/2010. Bhí Ní Cheallaigh ina príomhoide ar Ghaelscoil Mhúscraí ag an am a líomhnaítear a cuireadh an t-eolas míchruinn faoi bhráid na Roinne Oideachais.

Tá an cás curtha faoi bhráid Chúirt Chuardach Chorcaí agus cuirfear tús lena a éisteacht ar an 7 Feabhra. Cuireadh siar faoi bhannaí Ní Cheallaigh go dtí an dáta sin.

Fág freagra ar 'Iar-phríomhoide ar Ghaelscoil i gCorcaigh gafa agus dallamullóg curtha ina leith'