Iar-aisteoir Ros na Rún ciontaithe as gan clárú mar chiontóir gnéis

Ní dheachaigh Garret Phillips, a ciontaíodh i mí Iúil as éigniú, go stáisiún na nGardaí go gcuirfí ar Chlár na gCiontóirí Gnéis é

Iar-aisteoir Ros na Rún ciontaithe as gan clárú mar chiontóir gnéis

Níor chláraigh Garrett Phillips, an t-iar-aisteoir de chuid Ros na Rún a ciontaíodh i mí Iúil as éigniú, le Clár na gCiontóirí Gnéis fad is a bhí sé ar bannaí sular gearradh pianbhreith air.

I mí Iúil, gearradh sé bliana príosúnachta ar Garrett Phillips, sa Phríomh-Chúirt Choiriúil as éigniú a dhéanamh ar bhean óg ar bhuail sé léi i bpáirc i gcathair na Gaillimhe ar an 5 Samhain 2015.

Chualathas sa chúirt gur bhuail an t-aisteoir agus amhránaí leis an mbean óg, a bhí 20 bliain ag an am, tar éis di club oíche a fhágáil agus gur thug sé síob di sa veain a bhí á thiomáint aige.

Scaoileadh saor Phillips ar bannaí i mí Aibreáin nuair a ciontaíodh é.

Ó ciontaíodh é go dtí gur gearradh pianbhreith air, ní dheachaigh Phillips go stáisiún na nGardaí go gcuirfí ar Chlár na gCiontóirí Gnéis é.

Tugadh Phillips ó Phríosún Lár Tíre go dtí Cúirt Dúiche na Gaillimhe an tseachtain seo caite, mar ar phléadáil sé ciontach as cúis amháin a bhain le gan a ainm, a dháta breithe ná a sheoladh baile a chur faoi bhráid na nGardaí ar an 26 Aibreán, tráth ar dhuine ar bhain Acht na gCiontóirí Gnéis 2001 leis.

Dúirt an Sáirsint Finbarr Philpott gur threoraigh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí go ndéileálfaí leis an gcás sa chúirt dúiche. Dúirt an Garda John Horkan gur chúisigh sé Phillips ag Teach na Cúirte i nGaillimh an mhaidin sin agus go dúirt Phillips leis: “Ní raibh a fhios agam faoi”.

Ghlac an Breitheamh Fiona Lydon le pléadáil ciontachta Phillips agus chuir sí an cás ar athló go dtí an 10 Meán Fómhair, nuair a ghearrfar pianbhreith.

 

Fág freagra ar 'Iar-aisteoir Ros na Rún ciontaithe as gan clárú mar chiontóir gnéis'