‘I told them it was the capital of Connemara’ – an chéad eitilt trasatlantach 100 bliain ó shin

Níor facthas ríthe na spéire ag teacht go Conamara ar an 15 Meitheamh 1919 – bhí an pobal ag an Aifreann

‘I told them it was the capital of Connemara’ – an chéad eitilt trasatlantach 100 bliain ó shin

Canúint láidir as an taobh ó thuaidh de Chonamara.  “Faith I told them where Clifden was!”.  Ba mhór an díol spéise é.  Michael Burke as Cúl an Chlaí, cúpla míle ó thuaidh den Chlochán.  Bhí sé i dTalamh an Éisc nuair a thosaigh John Alcock agus Arthur Whitten Brown amach ar an aistear stairiúil ina n-eitleán beag trasna an Atlantaigh.  Thuirling siad in aice an Chlocháin 100 bliain ó shin ar an 15 Meitheamh 1919.  Bhí ceangal a chothódh caidrimh nua ar na mílte bealach bunaithe idir an dá thaobh den Atlantach. 

Ba thráthúil an ceann é go raibh Michael Burke san áit ar thosaigh an t-aistear.  I gcabhlach na Breataine a bhí sé ina fhear óg théis dó imeacht as an gClochán.  Bhí an long a raibh sé ar bord uirthi i dTalamh an Éisc an samhradh sin i 1919.  Chonaic sé an réiteach a bhí ar bun agus chonaic sé an t-eitleán ag tabhairt faoin spéir.  Ní raibh a fhios ag duine ar bith beo cén áit a dtiocfadh Alcock agus Brown go talamh nuair a d’imigh an t-eitleán beag as amharc sna clabhtaí ar chósta thoir Cheanada; go deimhin, ba mhisniúil an duine a chuirfeadh geall go mbainfeadh sí ceann cúrsa amach go brách.   Ní raibh an t-aistear seo déanta ariamh roimhe sin in eitleán.

Ba chuimhneach le Michael Burke an scéala a tháinig go Talamh an Éisc an lá dár gcionn.  Bhí Alcock agus Brown théis tuirlingt i ‘Clifton’.  Anois, cá raibh ‘Clifton’?   Bhí a fhios ag duine éigin go raibh bruachbhaile i mBristol i Sasana a raibh Clifton air mar ainm.  Bhí na Sasanaigh ar bord loinge sásta.   I Sasana a thuirling laochra na spéire.  Ach fuireach ort.  Tháinig scéala eile.   In áit ar ar tugadh ‘Clifden’ a shroich sí ceann cúrsa.

“Where is Clifden?” 

“Faith, I told them where Clifden was,” arsa Michael Burke. “I told them it was the capital of Connemara,” ar sé, pé ar bith brí a bhaineadar as sin. I 1959, ar ócáid cheiliúrtha an dá scór bliain ar thuirlingt Alcock agus Brown, a rinneadh an taifeadadh.   

Bhí Michael tagtha ar ais go Cúl an Chlaí i gConamara.  Rinne sé cur síos paiteanta,  nádúrtha ar na blianta sin i bhfad siar sa stair.   Rinneadh athchraoladh ar chuid dó ar chlár John Bowman ar Raidió RTÉ Dé Domhnaigh seo caite.

Ba chineál laoch ar a bhealach féin é Michael Burke i measc a chomrádaithe cabhlaigh agus é ag inseacht dóibh faoi na tailte portaigh agus na háiteacha sceirdiúla ar imeall thiar Chonamara.  Bhí an cháil chomh mór sin ar an mBúrcach de bharr a chuid eolais ar áit tuirlingthe Alcock agus Brown gur thug Captaen an bháid buidéal rum dó.

“And it was  good rum  too,” a deir Michael.    

Beifear ag ól corrbhraon rum agus ag tabhairt ómóis do Alcock agus Brown sa gClochán i gcaitheamh na seachtaine seo.  Idir ócáidí seanchais, ócáidí acadúla, taispeántais agus comóradh, beidh siad ann.  Is iomaí duine a chuirfidh an cheist:  Tuige nár tugadh aitheantas níos fearr agus níos gnaíúla ar fud na hÉireann, agus ag Aerfoirt na hÉireann, in imeacht na mbliana don bheirt neamheaglach seo a thug dúshlán na spéire 100 bliain ó shin?   

Nó tuige a raibh ar dhream an Chlocháin a dhul go Heathrow i Londain sa tóir ar an dealbh d’Alcock agus Brown atá feistithe ansin ó 1954?

Ceapann an staraí agus an scríbhneoir as an gClochán, Kathleen Villiers-Tuthill gur fachtas éacht Alcock agus Brown mar ghaisce do mhuintir na Breataine seachas muintir na hÉireann.  Bhí Éire fós faoi réimeas Shasana i 1919.

Bhí cúlra in aerfhórsa míleata na Breataine ag John Alcock agus ag Arthur Whitten Brown agus bhí seirbhís tugtha acu sa gcéad Chogadh Mór díreach roimhe sin.  Chomh maith leis sin uilig, ba é an London Daily Mail a chuir suas an t-airgead do dhuine nó dream éigin a dhéanfadh an t-éacht seo trasna an Atlantaigh.  Bhí £10,000 curtha ar fáil ag an bpáipéar. 

Ba thráthúil gur thuirling an t-eitleán an-ghar don stáisiún cumarsáide a  bhí ag Marconi gar do Bhaile Conaola – siar ón gClochán – san am.  Thug sin deis dóibh an scéala a scaipeadh chomh scafánta agus a d’fhéadfaí sin a dhéanamh san am.  Ach, ní cosúil go raibh aon phlean ar leith ann leis an mbeart a dhéanamh ar an gcaoi sin.

Cé go mbíonn scéalta anonn agus anall gur ól Alcock agus Brown deoch sa mbeár seo nó sa mbeár siúd, nó gur fhanadar oíche in óstán éigin i gConamara, níl aon fhírinne ag baint leis na scéalta sin, a deir an staraí, Kathleen Villiers-Tuthill.   “Níor chaith siad mórán achair anseo,” a deir sise “cé gur lig Alcock néal codlata as a cheann agus gur itheadar beirt ruainne beatha i dteach a bhí ag foireann oibre stáisiún Marconi in aice leis an spota inar thuirling siad.”

Tom Kenny – athair mór Tom Kenny atá bainteach le cúrsaí díolacháin leabhar i nGaillimh. a bhí ina eagarthóir ar an Connacht Tribune an uair sin, a thug Alcock agus Brown go cathair na Gaillimhe.  Bhí an scéala mór idirnáisiúnta faighte aigesean.

Bhí féasta agus roinnt ceiliúrtha in Óstán an Bhóthair Iarainn (an Meyrick anois) ach ba i Sasana a bhí an fháilte mhór.  Chuaigh Alcock agus Brown trasna na tíre  go Londain ar thraein agus bhí daoine amuigh rompu ag na stáisiúin i gcaitheamh an bhealaigh go dtí an phríomhchathair.  Cuireadh na múrtha fáilte rompu ansin freisin.

Níl cur síos ná inseacht scéil ar an athrú agus an dul chun cinn atá déanta ar an aerthaisteal ó thuirling Alcock agus Brown gar don Chlochán 100 bliain go ham seo.  Níl cur síos ná hinseacht scéal ar athruithe eile freisin, ar nós saol an phobail i gConamara.

Ar cheann de na píosaí a taifeadadh leathchéad bliain ó shin, labhair John Dowd faoin gcaoi a raibh sé ina lead óg ag siúl beithígh suas ar an sliabh an mhaidin sin nuair a tháinig an t-eitleán aniar os a gcionn.  Scanraigh na beithígh agus bhí aimsir acu dá dtreorú aríst.

I dtaifeadadh eile sna 1950idí mhínigh Billy Manning as an gClochán nach bhfaca an chuid is mó de mhuintir an bhaile mhóir an t-eitleán as Talamh an Éisc ag dul timpeall os cionn an bhaile mhóir cúpla geábh.  Bhí cúis mhaith leis sin san am.

“Tuairim ceathrú don naoi maidin Dhomhnaigh a bhí inti,” a deir Billy “agus bhí chuile dhuine san áit ag an Aifreann a thosaigh ag 8.30.”

Ar chósta Thalamh an Éisc, trí sheans uilig  go léir, bhí fear as Cúl an Chlaí ag míniú do Shasanaigh go mba é an Clochán “príomhchathair” Chonamara agus nár bhaol d’Alcock agus Brown.   

Fág freagra ar '‘I told them it was the capital of Connemara’ – an chéad eitilt trasatlantach 100 bliain ó shin'