I ré seo na dteaicticí, tógáil croí a bhí i gcúl a scóráil iománaithe Mhaigh Eo

Tá imreoirí na linne seo i bhfad níos sciliúla, níos aclaí, níos láidre agus níos tapúla ná iad siúd a tháinig rompu ach deir ár gcolúnaí go mbíonn píosa scile draíochta ag teastáil i gcónaí chun croí duine a thógáil

I ré seo na dteaicticí, tógáil croí a bhí i gcúl a scóráil iománaithe Mhaigh Eo

Is é an ‘córas’ ceann de buzzwords iománaíochta na linne seo. Le níos mó ná fiche bliain anuas, tá iarrachtaí á ndéanamh ag foirne idirchontae san iománaíocht córais dhifriúla a chruthú agus a fhorbairt.

Ní cluichí scaoilte, oscailte an pheil agus an iomáint ina gcluichí teaicticiúla, tomhaiste.

Is cuimhin liom an t-iriseoir sacair Eamon Dunphy ag caitheamh anuas ar an sacar tuairim is fiche a cúig bliain ó shin, é ag rá go raibh an nádúr ag imeacht ón gcluiche proifisiúnta mar go raibh an iomad cóitseála ar siúl.

Taca an ama chéanna bhí an-iarracht á déanamh ag CLG struchtúr a chur ar chóitseáil agus ag iarraidh go mbeadh deis ag páistí ar fud na tíre an chóitseáil chéanna a fháil. Bhí an-béim ar dhruileanna.

Bhí daoine ag freastal ar sheimineáir chóitseála agus an t-aon sprioc a bhí acu ná beart druileanna difriúla nua a thabhairt chuig an chéad seisiún traenála eile leis an chlub.

Dar ndóigh bhí na cóitseálaithe idirchontae ag lorg leibhéal níos airde agus iad ag tógaint corr-rud ó spóirt eile, go háirithe sacar agus rugbaí. Bhíodh cóitseálaithe club ag freastal ar sheisiúin traenála idirchontae agus iad ag tógaint nótaí agus uaireanta ag tógaint físeanna des na seisiúin traenála. Ní fhéadfaí sin a dhéanamh sa lá atá inniu ann ar ndóigh agus an chuid is mó des na seisiúin idirchontae na laethanta seo faoi rún agus taobh thiar de gheataí atá faoi ghlas.

Diaidh ar ndiaidh, bhí gach foireann, idir chlub agus chontae, ag leanúint an chur chuige céanna ó thaobh traenála de.

Ansin thosnaigh cóitseálaithe idirchontae ag obair ar theaicticí agus ar struchtúr na foirne. Sa pheil, tháinig Dia nua inár measc le teacht Jim McGuinness agus d’athraigh sé córas imeartha na peile beagnach go hiomlán.

Ba é bunphrionsabal na fealsúnachta a bhí aigesean ná go raibh gach imreoir ina ionsaitheoir nuair a bhí seilbh ar an liathróid ag a fhoireann agus ina chosantóir nuair a bhí sé ag an dream eile. Bhí deireadh le gach imreoir ag fanacht ina bpaiste féinig den pháirc.

Bhí ar na himreoirí a bheith an-aclaí agus bhí an-bhéim ar sheilbh a choimeád ar an liathróid.

Níor lean an iománaíocht an pheil ach tá athrú mór tagtha uirthi mar chluiche. Tá an-bhéim anois ar sheilbh ar an sliotar agus ar spás a cruthú.

Mar aon leis an pheil, tá an-bhéim anois ar ráta oibre agus ar an aclaíocht. Tá leibhéal scile na n-imreoirí agus luas an chluiche méadaithe go mór. Tá an traenáil imithe ós na druileanna go dtí cluichí beaga le rialacha ar leith i dtaobh líon na bpasanna agus méid na páirce.

Fágann na hathruithe sin uile muid le foireann seo Luimnigh.

Agus Luimneach ar thús cadhnaíochta le blianta beaga anuas ag imirt le stíl nua, tá gach contae eile ag déanamh iarracht teacht suas le plean chun dul tríd nó timpeall leaids Luimnigh. Le trí bliana anuas tá teipthe ar na contaetha eile go léir sin a dhéanamh.

Ar an iomlán, tá na himreoirí i bhfad níos sciliúla, níos aclaí, níos láidre, níos tapúla ná mar a bhí in aon ré eile rompu. Agus amhail gach rud ar an saol seo, tá rudaí ag síor-athrú agus beidh go deo. Go pearsanta, ba mhaith liom go mbeadh níos mó againn den imirt oscailte, tobann, gan smaoineamh.

Tá píosa draíochta ag teastáil níos minice.

Bhí Babhta 2 na sraithe againn seachtain ó shin agus sna cluichí i Roinn 1 bhí cuid mhaith díobh aontaobhach go maith. Bhí easpa téagair agus a lán rudaí eile ag cur as dóibh.

Bhí ar a laghad cluiche amháin sraithe ina raibh píosa draíochta ann, áfach, agus b’in an cluiche i Roinn 2B idir Fear Manach agus Maigh Eo inar scóráil tosaí Mhaigh Eo Adrian Phillips cúl na seachtaine ar an tseanstíl.

Inniu beidh cluiche ceannais Chorn Mhic Giobúin ar siúl. Tá súil agam go bhfeicfimid easpa clibirtí, iomáint oscailte, spiorad agus corrphíosa draíochta.

Fág freagra ar 'I ré seo na dteaicticí, tógáil croí a bhí i gcúl a scóráil iománaithe Mhaigh Eo'

  • jpmorley0@gmail.com

    Ceann iontach go deo ó Adrian, treise leis! San iomáint anois, fiú amháin istigh i mbéal an bháire, caitheann an t-iománaí an sliotar a ghabháil ina ghlaic… i gcónaí…seachas tarraingt láithreach bonn baill air. Aon seait amháin agus tá sé i gcúl an líontáin i nganfhios d’éinne. Ach bíonn col éigint damanta acu leis an ngníomh sin i gcónaí. Ní thuigim cad is bun leis ach tá’s agam go gcailltear ana-chuid Éireann deiseanna scórála de dheasca na láimhseála ‘robotic’ síoraí sin. Tharraing Declan Dalton (Corcaigh) fea’ na talún agus chuir báire breá ar Luimneach. Iontas ar fad i gcluiche an lae inniu. Rinne sé baileabhair de chúlaithe Luimnigh agus dá chomhimreoir féin P Horgan a bhí ag teacht sa tslí air… “Fág an bealach uaim!” ar sé. Bhí, agus bíonn, Dalton ar a chonnlán féin i gcónaí agus gura fada a bheidh ach tugaimís smut éigint den gcreidiúint don mbainistíocht nua as gan an scil iontach sin a chosc nó a dhíbirt! A b’in é an tslí chun córas gluaiseachta/aistrithe na Luimníoch a chur ó mhaith? Sliotar lúfar luainneach a scinneadh fea’ na talún à la John Fenton?