I ndonas atá paindéim an choróinvíris ag dul sa Bhrasaíl

Faigheann isteach is amach le 1,500 duine bás ó Covid-19 sa Bhrasaíl gach lá agus is i méid atá an líon sin ag dul

I ndonas atá paindéim an choróinvíris ag dul sa Bhrasaíl

Agus líon na gcásanna agus na mbásanna ag dul i laghad i gcuid mhór den domhan a bhuíochas le srianta dianghlasála agus vacsaíniú, is i ndonas atá paindéim an choróinvíris ag dul sa Bhrasaíl.

Nach mór 270,000 duine a fuair bás ó Covid-19 sa tír sin go dtí seo. An tseachtain seo caite, fuair isteach is amach le 1,500 duine bás ón ngalar gach lá agus is i méid atá an líon sin ag dul.

Agus idir 80 agus 90 faoin gcéad de na leapacha ospidéil gafa tá an córas sláinte i mórchathracha ar nós São Paulo, Rio de Janeiro agus Salvador ar tí titim as a chéile. Tá cliste ar an gcóras cheana féin sna stáit Rio Grande do Sul agus Mato Grosso, mar a bhfuil na scórtha daoine a bhfuil Covid-19 orthu agus a bhfuil dianchúram ag teastáil uathu go géar ag fanacht ar leaba san ospidéal.

Ní hé nach bhfuil tús curtha le dáileadh na vacsaíní sa Bhrasaíl. Fuair 8.2 milliún duine, nó nach mór 4 faoin gcéad den daonra, an chéad instealladh cheana féin.

Ach ón tús, ba í an deacracht ba mhó sa Bhrasaíl ná nach bhféadfaí srianta dianghlasála a chur i bhfeidhm ar an leibhéal céanna agus a chuirtear i bhfeidhm iad i gcuid den Áise, san Eoraip, sa Nua-Shéalainn agus san Astráil agus i Meiriceá Thuaidh. Is iomaí cúis leis sin agus níl an tUachtarán Jair Bolsonaro – fear nár chuir mórán muiníne riamh i srianta dianghlasála – ach ar cheann acu.

Níor oir infreastruchtúr na tíre (áitribh bheaga á roinnt ag teaghlaigh mhóra; busanna agus traenacha plódaithe), ná an cultúr (béim ar leith ar an teagmháil fhisiciúil), ná spéis fhorleathan an phobail i dteoiricí comhcheilge riamh do na srianta frith-Covid-19.

Ach is í an fhadhb is mó ná go bhfuil na scórtha milliún Brasaíleach ag obair san earnáil neamhfhoirmeálta; is é sin le rá nach mbeadh teacht isteach ar bith – ná cead ar shochar dífhostaíochta – acu dá gcuirfí cosc orthu dul ag obair. Ar feadh roinnt míonna anuraidh, bhí liúntas éigeandála arbh fhiú idir 50 agus 100 euro sa mhí é ar fáil dóibh siúd a bhí as obair de bharr an choróinvíris, ach cuireadh stop leis an liúntas sin ag deireadh na bliana seo caite toisc nach bhfuil pingin fágtha fána choinne sa státchiste.

Le coicís anuas, tá srianta dianghlasála níos déine ná riamh i bhfeidhm i gcuid mhór den Bhrasaíl. I gcathair Salvador, mar a mbím féin lonnaithe nuair a bhím sa Bhrasaíl, níl aon siopa nach bhfuil riachtanach oscailte agus tá cuirfiú i bhfeidhm idir a 8 a chlog san oíche agus a 5 a chlog ar maidin. Tá bliain ann ó chuaigh aon pháiste ar scoil go fisiciúil. Tá na tránna, na hionaid aclaíochta agus na páirceanna dúnta in athuair agus níl cead aclaíocht a dhéanamh ach amháin má bhíonn tú i d’aonar. Ach ceal liúntas éigeandála a thabharfadh faoiseamh dóibh siúd atá as obair, tá caint ar na srianta éigeandála a éascú a luaithe is a thiocfaidh laghdú cúpla pointe céatadáin ar an éileamh ar leapacha ospidéil.

Fág freagra ar 'I ndonas atá paindéim an choróinvíris ag dul sa Bhrasaíl'

  • Poraic o'hEipicín

    Brónach,

  • Eoghan ONéill

    Murar féidir scaradh sóisialta, mascanna agus vacsainiú a chur I bhfeidhm scaipfidh an covid gan stop I measc na ndaoine at ready cúpla bliain eile mar a bhí 1918-1922 sinsir an fliú spáineach.