I ndilchuimhne ar Shéamus Ó Bléine

Alt ómóis le Ruairí Ó Bléine

 

OLYMPUS DIGITAL CAMERA

Fuair mo dheartháir dil, Séamus, bás go tobann, in aois a 81, ar an lá deireanach de 2014.

Is mór an chailliúint é dá mhuintir agus dá chairde go léir, cuid acu a thug aistear fada orthu féin le bheith ar a shochraid agus gabhaimid buíochas ó chroí leo as a ucht sin.

Fuair sé a chuid oideachais i gColáiste Pádraig, Ard Mhacha, mar scoláire cónaithe. Ina dhiaidh sin, bhain sé céim B.A. amach in Ollscoil na Ríona, Béal Feirste.

Ach oideachas ón phobal a fuair sé mar mhúinteoir i Meánscoil Naomh Columba i bPort an Pheire, contae an Dúin.

I measc a chuid daltaí ansin, bhí páistí leis na mairnéalaigh a d’oibrigh ar na longa solais “Skulmartin” agus “South Rock”.

Is as seo a músclaíodh a shuim i seanchas na mara agus go speisialta sa chineál sin loinge.

Bhain tréith ar leith lena chuid scríbhneoireachta, áit a raibh sé ábalta gnáthscéal na mara a cheangailt le stair teaghlaigh na bhfear agus le seanchas phobal na háite gan mórán stró.

D’fhoilsítí altanna léannta leis ar bhonn rialta, bliain i ndiaidh bliana, san iris Journal of the Upper Ards Historical Society.

Chuir sé lena chuid ábhar scríbhneoireachta diaidh ar ndiaidh agus níorbh annamh ailt leis in irisí eile leis an aimsir, dála an Beam: The Journal of the Irish Lighthouse Service.

Bhí sé ina bhall dílis de Chumann Staire Dhroim Mór; scríobh sé a lán altanna don iris s’acusan agus léadh sé páipéir staire go minic do na baill ansin.

Bhí Séamus ina cheoltóir déanta fosta agus é breá ábalta ar an chonsairtín agus an fhliúit a chasadh. Bhí dúil mhór aige sa damhsa ar an sean-nós fosta agus dhéanadh sé freastal ar an Crescent Arts Centre i mBéal Feirste go rialta.

D’fhág na himeachtaí taighde agus ceoil a raibh baint aige leo gur thaistil sé ar fud na hÉireann agus rinne mórán cairde i ngach carn den tír á dhéanamh.

Is cailliúint mhór é dúinn ar fad agus aireoimid uainn go mór é.

Go ndéana Dia trócaire ar a anam uasal.