I ndiaidh blianta sa bhfásach tá contae Phort Láirge ‘ábalta’ do Cill Chainnigh

Ar an gcéad fhéachaint tá na himreoirí is fearr ag Baile Héil ach b’fhéidir, an uair seo, go dtréigfeadh an t-ádh iad agus gur Baile Gunnair a bheidh ag ceiliúradh faoi dheireadh

I ndiaidh blianta sa bhfásach tá contae Phort Láirge ‘ábalta’ do Cill Chainnigh

Billy O'Keeffe ag ceiliúradh tar éis dó cúl a scóráil do Bhaile Gunnair. Pic: INPHO/Ryan Byrne

Má bhí sé ina ghorta do chuid mhaith den dá bhliain deireanach ag leantóirí CLG, bhuel, féasta atá ann an deireadh seachtaine seo, an t-uafás cluichí ar siúl. agus cead ag pé duine gur maith leo freastal orthu. Mar aon le cluichí ceannais na gclubanna sna sinsir sa pheil agus san iomáint tá babhta iomlán den tsraith iománaíochta againn freisin.

Tosnóidh mé le cluiche ceannais na gclubanna agus an dá chlub atá ar thairseach na staire, Baile Héil atá ag iarraidh a bheith ar an gcéad chumann chun naoi gcraobh a bhuachan agus Baile Gunnair atá ar thóir a gcéad bhua sa chomórtas.

Ar a dturas chuig an chraobh seo chaill foireann na gCat cuid dá naoi saol agus an t-ádh dearg leo uaireanta, go háirithe an lá deireanach nuair a sciobadar an bua ó Naomh Tomás na Gaillimhe ag fíordheireadh na himeartha. Bhí cuid mhaith den ádh orthu freisin i gcoinne Naomh Rynagh Uíbh Fhailí i gcluiche a chuaigh go ham breise. Sa chéad bhabhta i gCúige Laighean ní raibh ach farasbarr sé chúilín acu in aghaidh Raonaithe Stua Laighean Cheatharlach ach i ndiaidh tosnú mall chríochnaíodar go láidir i gcoinne Cloch-Baile na Coille i gcluiche ceannais an chúige. Is iad na seaimpíní iad agus tá an mhuinín agus an chinnteacht sin a bhíonn ag seaimpíní acu, go háirithe an club agus an fhoireann, gan trácht ar an misneach atá acu de bharr gach gradam eile atá buaite acu ó 2018 i leith. Mar a scríobh mé go minic anseo tá aonad tosaithe den scoth agus cúlaithe teann tapaidh acu. Tá taithí thar na bearta acu a bheith ag imirt ar na laethanta is mó i séasúr iomána na gclub.

Ach tá muinín agus taithí ag Bhaile Gunnair freisin cé go raibh cuid den ádh orthusan leis agus iad i gcoinne Luachma/Caisleán Laighnigh. Ach bhíodar ar fheabhas i gcluiche ceannais na Mumhan i gcoinne Chill Mocheallóg. I gcluiche leathcheannais na hÉireann trí seachtaine ó shin bhí orthu a bheith os cionn a mbuille chun Sleacht Néill a chur de dhroim seoil.

Níl aon dabht ach go bhfuil a seans tuillte acu um thráthnóna agus ocht gcraobh contae i ndiaidh a chéile buaite acu.

I ndiaidh blianta sa bhfásach tá contae Phort Láirge ‘ábalta’ do Cill Chainnigh. Bhí cúpla bua craoibhe acu le roinnt blianta anuas agus bhí cuid de cheannairí Bhaile Gunnair lárnach sna buanna seo. Tuigeann siad nach bhfuil foireann chontae na gCat dochloíte a thuilleadh agus gur féidir imreoirí ó fhoirne Cill Chainnigh a chur faoi chois.

Eoin Cody (Baile Héil). Pic: INPHO/Laszlo Geczo

Is dúshlán ollmhór é, dar ndóigh, ach ón méid a chonaic mise den dá fhoireann le blianta beaga anuas tugaim gach seans d’fhoireann na nDéise. Ar an gcéad fhéachaint tá na himreoirí is fearr ag Bhaile Héil ach b’fhéidir, an uair seo, go dtréigfeadh an t-ádh iad agus go mbeadh an lá seo ag an bPaorach.

Sa tsraith Allianz seachtain ó shin bhí sluaite mór go leor againn, cúpla cluiche iontach, roinnt a bhí crua go maith, agus bua gan choinne ag Loch Garman ar Luimneach. Bí lánchinnte de go mbeidh gach foireann a chasfaidh ar Luimneach sa tsraith ag déanamh a seacht ndícheall tuisle a bhaint as an bhfoireann is fearr sa tír.

Anocht a chuirfear an chéad tástáil eile ar Luimneach. Sa bhaile atá siad in aghaidh na Gaillimhe, cluiche a bheidh beo ar RTÉ ar 7pm. Is buaiteoir go smior bainisteoir nua na Gaillimhe Henry Shefflin agus ní bheidh seisean sásta foireann a chur chun páirce gan iad a bheidh réidh don chath. Mar a scríobh mé anseo seachtain ó shin, is é an dea-thaispeántas an sprioc is mó sa tsraith. Sea, b’fhearr cluiche nó dhó a bhuachaint ach má bhíonn do chuid imreoirí muiníneach asat agus as do chur chuige ag tosach na gcluichí craoibhe is leor sin. Taispeántais na gcluichí sraithe a chothaíonn an mhuinín.

Feicfimid anocht conas atá an Ghaillimh faoi stiúir Shefflin.

Beidh roinnt mhaith de na cluichí le feiscint ar an scáileán, an chuid is mó acu ar TG4 agus iad ag teacht ón gcomhlacht iontach sa Rinn, Nemeton.

Fág freagra ar 'I ndiaidh blianta sa bhfásach tá contae Phort Láirge ‘ábalta’ do Cill Chainnigh'