Tá muid ag cloisteáil le roinnt míonna faoi fheachtas ghobharnóir Florida in aghaidh an chomhlachta Disney atá lonnaithe ina stát dúchais mar gheall ar go bhfuil, dar leis-sean, dearcadh róliobrálach acu i leith cúrsaí inscne agus gnéis chomh maith le ceisteanna eile a bhaineann le ceisteanna sóisialta sna Stáit Aontaithe.
Is cineál scáthán ar an tír an cogadh cultúir nó “woke” ina bhfuil an deighilt ina comhartha sóirt ar do dhearcadh polaitiúil agus do mhianta don tír.
Tá an seasamh atá ag DeSantis gur cheart do dhaoine baghcat a dhéanamh ar Disney mar go raibh siad sásta tacú le daoine trasinscneacha leathnaithe go dtí an iliomad comhlacht sa tír. An baghcat is déanaí atá faoi lán seoil an ceann ar an gcomhlacht Bud Light. An bhfuil aon duine nach samhlaíonn na Stáit Aontaithe leis an deoch a dhéanann
Anheuser Busch in Milwaukee? Nuair a smaoiníonn tú ar an ‘Yank’ traidisiúnta ag ól dí, buidéal Bud a bhíonn aige i gcónaí. Theastaigh ón gcomhlacht íomhá níos leithne a chothú dóibh féin – chuaigh siad i bpáirtíocht le Dylan Mulvaney a thacaíonn leis an bpobal LGBTQ agus mar thoradh ar an gcinneadh sin tháinig laghdú beagnach 27% ar a gcuid díolacháin.
Ta Anheuser Busch ag seasamh anois le Mulvaney agus súil acu go dtiocfaidh biseach ar a gcuid gnó ach tá croitheadh bainte ag an eachtra ar fad as ceann de mhórchomhlachtaí aitheanta na Stát Aontaithe. I dtús an fhómhair mura mbíonn biseach ar dhíolachán an chomhlachta beidh na siopaí móra ag athrú ionad na dí ar na seilfeanna mar thoradh ar an laghdú.
Ta daoine i mbun baghcait freisin ar Starbucks agus Target mar gheall ar a ndearcadh corparáideacha ar cheisteanna sóisialta. Cuirtear i leith aon chomhlacht a thacaíonn, le cúiseanna trasinscne nó gnéis nó ceisteanna a bhaineann le ginmhilleadh, go bhfuil siad ag tabhairt droim láimhe le luachanna na Stát Aontaithe agus seasamh Caomhach traidisiúnta na ndaoine. Tá an deighilt agus an sárú faoi na hábhair seo i lár gach uile ghné den saol sna Stáit Aontaithe anois.
Anseo in Boston agus in áiteanna eile ar fud na tíre, tugtar breithiúnas ort bunaithe ar an deoch a ólann tú nó cá bhfaigheann tú do chuid caife. Is chun donachta a bheidh an scéal ag dul sna míonna romhainn.
Cuirfear dlús as seo go ceann roinnt míonna leis an bhfeachtas d’ainmniúchán na bPoblachtánach, an dream is glóraí ar na ceisteanna seo. Tosóidh sraith díospóireachtaí an samhradh seo agus go dtí go mbeidh sé deimhnithe cén t-iarrthóir a bheidh acu (mura bhfuil sin soiléir cheana agus Donald Trump chomh fada sin chun cinn). is féidir a bheith ag súil le go leor feachtas eile mar atá ar bun faoi láthair. Easaontú eile ag dul i dtreis sna Stáit Aontaithe.
Carraig53@protonmail.com
Ná bímis á cheapadh go bhfuilimid aon phioc níos fearr sa tírín seo maidir le breithiúnais shotalacha, bhréagchráifeacha, ‘uasal le híseal’ a thabhairt ar ár gcomhdhuine daonna. Agus ní gá cúis ar bith a bheith againn air.