I mBéarla amháin a rinne Údarás na Gaeltachta iarratas pleanála do Pháirc na Mara

Tá athbhreithniú le déanamh ar chóras an Údaráis maidir le fostú comhairleoirí le cinntiú nach dtarlóidh a leithéid arís

I mBéarla amháin a rinne Údarás na Gaeltachta iarratas pleanála do Pháirc na Mara

I mBéarla amháin a bhí an t-iarratas pleanála a rinne Údarás na Gaeltachta i dtaobh Pháirc na Mara i gConamara, ceann de na tograí is mó i stair na heagraíochta fiontraíochta agus pleanála teanga.

Cuireadh an t-iarratas don pháirc thionscail mhara atá le bunú i gCill Chiaraín faoi bhráid na Rannóige Pleanála i gComhairle Chontae na Gaillimhe mí an Mheithimh.

I mBéarla amháin a bhí an t-iarratas pleanála.

Comhairleoirí seachtracha a chuir an t-iarratas i mBéarla i dtoll a chéile don eagraíocht agus tá athbhreithniú le déanamh ar chóras an Údaráis maidir le fostú comhairleoirí lena chinntiú nach dtarlóidh a leithéid arís.

Ghéill an tÚdarás “gur chóir treoir shonrach” a bheith tugtha do na comhairleoirí an t-iarrtas pleanála a dhéanamh i nGaeilge.

Is mar thoradh ar cheist Dála a chuir an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly ar an Aire Catherine Martin a tháinig sé chun solais gur i mBéarla a rinneadh an t-iarratas pleanála i dtaca leis an mórthogra Gaeltachta.

Agus í ag labhairt le Tuairisc.ie, dúirt Catherine Connolly gur chuir sé “iontas” uirthi gur i mBéarla a bhí iarratas an Údaráis agus nach bhféadfaí glacadh lena leithéid ó eagraíocht “atá chomh tábhachtach sin don Ghaeltacht”.

Dúirt an Teachta Dála do Ghaillimh Thiar gur maith an rud é go bhfuil sé admhaithe ag an Údarás nár chóir go dtarlódh a leithéid agus go bhfuil athbhreithniú le déanamh acu ar a gcóras comharliúcháin.

“Tá sé ráite go minic agam go bhfuil níos mó dualgais ar Údarás na Gaeltactha ná mar atá ar aon eagraíocht eile, cosúil leis an IDA nó Enterprise Ireland.Tá dualgais orthu maidir le fostaíocht, maidir le pobal na Gaeltachta agus maidir leis an teanga.

“Tá dualgais bhreise orthu ach ba chóir dóibh na dualgais sin a chomhlíonadh agus ní raibh siad comhlíonta acu anseo,”  arsa an Teachta Dála neamhspleách.

“Ag léamh an fhreagra a fuair mé, an rud a bhain mise as ná go bhfuil geallúint ann nach dtarlóidh sé arís. Sin an rud is tábhachtaí.”

Meastar go bhfuil os cionn €600,000 caite ag Údarás na Gaeltachta ar an obair chomhairliúcháin agus saineolais atá ag baint leis an iarratas ar chead pleanála do Pháirc na Mara i gCill Chiaráin.

Maítear go bhféadfadh an pháirc thionscail mhara atá i gceist beochan agus croí a chur i gceantar Chill Chiaráin agus Charna – Iorras Aithneach – agus go mbeadh a buntáiste le feiceáil ar fud Ghaeltacht iarthar Chonamara.

Maítear go gcruthóidh an Pháirc nua 200 post go díreach agus 400 post go hindíreach agus tá spéis léirithe cheana ag 25 comhlacht nó duine a ngnó a lonnú ar Pháirc na Mara, de réir an Údaráis.

Fág freagra ar 'I mBéarla amháin a rinne Údarás na Gaeltachta iarratas pleanála do Pháirc na Mara'

  • MacD

    Nach bearla uilig atáthar a bhrú ar dhaoine le Páirc Mara. Nil le fáil uaidh aon duine atá ag plé leis ach bearla agus ansin má chuirtear brú, droch Ghaeilge. Agus ní comharleoirí seachtrach atá i gceist. Má tá siad ag déanamh athbhreithniú, déanaidís é ar an bhfoireann atá acu

  • RNC

    Ar chomhairleoirí seachtrach atá an mhilleán á chuir? B’iad na comhairleoirí atá ag scaipeadh eolas faoi ar LinkedIn i mBéarla freisin agus ag Béarlóireacht go háitiúil faoi? Ba chóir go mbeadh gá do foireann Údarás na Gaeltachta scrúdú Gaeilge a dhéanamh sula dtabharfaidh job dóibh.

  • Seanán Ó Coistín

    In ainm Chroim!!!!

    Cé atá i gceannas san earnáil phoiblí?? Conas mar is féidir muinín a bheith ag aon duine in Údarás na Gaeltachta má theipeann air ceann de na rudaí is bunúsaí a dhéanamh ina ghnóthaí féin?

    Tá an iomarca de seo ag tarlú arís is arís eile. Cá bhfuil na daoine nach nglacfaidh le haon rud eile ach an Ghaeilge? Is é ribín réidh é glacadh le gnó i mBéarla.

  • Dónal

    Tá súil agam nach dtiocfadh an tógra seo ar aghaidh.
    Millfeadh sé an ceantar álainn seo.

    Trácht
    Truailliú gearr thearmach agus fad théarma le feilmeacha éisc!

    Ní thuigeann na daoine seo an luach atá ar áit suiamhneach nach b’fhuil truaillithe.
    Tá níos mó san saol ná €€€€

  • Páirc Mharbh!

    Formhór na n-aighneachtaí ó mhuintir na háite i mBéarla a scríobhadh iad agus cuid acu ag cur síos i mBéarla ar an tábhácht atá le cultúr is teanga na háite! Cén tír eile ar domhan a bhfaighfí a leithéid de shlíomadóireacht?