Beidh Joe Biden i mBéal Feirste anocht agus maidin amárach, áit a ndéanfaidh sé “an dul chun cinn iontach” a rinneadh ó síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta a chomóradh.
Meastar gurb é Príomh-Aire na Breataine, Rishi Sunak, a chuirfidh fáilte roimh Biden nuair a bhainfidh sé Béal Feirste amach anocht ar Air Force One.
Beidh píosa cainte á thabhairt ag Biden amárach ar champas Choláiste Uladh i mBéal Feirste.
Dúirt Karine Jean-Pierre, preasrúnaí an Tí Bháin, roimhe seo go gcuirfeadh Biden an-bhéim ar “thiomantas na Stát Aontaithe tacaíocht a thabhairt don acmhainneacht eacnamaíochta iontach atá ag Tuaisceart Éireann a rachaidh chun leasa na bpobal ar fad ansin”.
Beidh Uachtarán na Stát Aontaithe i dTithe an Oireachtais Déardaoin mar a dtabharfaidh sé aitheasc. Tabharfar an Dáil agus an Seanad ar ais ó shaoire na Cásca do chaint an Uachtaráin Biden.
Is é Biden an ceathrú hUachtarán ar Mheiriceá chun óráid a thabhairt i dTithe an Oireachtais sa tír seo – John F Kennedy i 1963, Ronald Reagan i 1984 agus Bill Clinton i 1995 an triúr eile.
Sa ráiteas ón Teach Bán dúradh go ndíreodh Joe Biden ar “an comhoibriú dlúth maidir leis na dúshláin dhomhanda atá romhainn uile”.
Beidh an tUachtarán ag bualadh le hUachtarán na hÉireann, Micheál D Ó hUigínn, agus leis an Taoiseach Leo Varadkar le linn a chuairte.
Beidh sé ag freastal ar dhinnéar Stáit i gCaisleán Bhaile Átha Cliath istoíche Déardaoin.
Tabharfaidh Biden cuairt chomh maith ar dhá chontae dúchais a shinsir, an Lú agus Maigh Eo. Dé hAoine beidh slua ag éisteacht lena chuid cainte taobh amuigh d’Ardeaglais Naomh Muredach i mBéal an Átha. “Ceiliúradh ar an gceangal domhain stairiúil atá idir ár muintir agus ár dhá thír” ábhar na cainte ansin. Meastar gurb í ócáid Mhaigh Eo an ceann oifigiúil deiridh dá thuras sula bhfillfidh sé ar na Stáit Aontaithe oíche Dé hAoine.
Is as Béal an Átha Mhaigh Eo ó dhúchas iad cuid de shinsir Biden, muintir Blewitt. In 1850 a d’imigh Patrick Blewitt ar imirce as Éirinn. As dúiche Chuaille i gContae Lú a tháinig brainse eile dá mhuintir agus d’fhág Owen Finnegan a cheantar dúchais ag deireadh na 1840idí. Is maith an seans gur Gaeilge a labhair muintir Chuaille an tráth sin.
Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar go raibh sé ag súil go mór le cuairt Biden mar “dheis chun an ceangal láidir polaitíochta, eacnamaíochta agus pearsanta a nascann an dá thír seo againne a cheiliúradh agus a athnuachan” agus chun “fáilte abhaile a chur roimh Uachtarán Gael-Mheiriceánach iontach”.
Dúirt an Taoiseach gur “pribhléid agus ócáid speisialta” a bheadh ann fáilte a chur ar ais roimh Joe Biden agus é “ina Uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá”.
“Cara maith d’Éirinn ab ea Joe Biden Biden i gcónaí. Sa lá atá inniu ann agus le blianta fada thug sé a thacaíocht do cheist na síochána in Éirinn agus do Chomhaontú Aoine an Chéasta. Sheas sé gualainn ar ghualainn linn agus muid ag iarraidh dul i ngleic leis na hiarmhairtí crua a bhí ar an mBreatimeacht,” a dúirt Varadkar.
Tá réamhchuairteanna slándála tugtha ag oifigigh an Tí Bháin agus lucht na Seirbhíse Rúnda ar na láithreacha a bheidh in úsáid le linn an turais.
Fág freagra ar 'Tús á chur ag Uachtarán Mheiriceá Joe Biden lena thuras go hÉirinn i mBéal Feirste'