I gConamara agus i gcontae na Mí amháin atá ardú tagtha ar ráta scaipthe an víris sa Ghaeltacht

Laghdú beagnach 50% a bhí i gceist i gCorca Dhuibhne agus líon na gcásanna nua den víreas ag titim ar fud na tíre den chuid is mó

I gConamara agus i gcontae na Mí amháin atá ardú tagtha ar ráta scaipthe an víris sa Ghaeltacht

Thit ráta scaipthe an Covid-19 i ngach ceantar Gaeltachta ar fud na tíre ó thús na míosa seachas ceantar amháin i gConamara agus péire chontae na Mí. 

Laghdú beagnach 50% a bhí i gceist i gceantar áirithe agus líon na gcásanna nua den víreas ag titim ar fud na tíre den chuid is mó. 

Níor tháinig ardú ar ráta scaipthe an víris ach i dtrí cinn den 13 toghcheantar sa stát ina bhfuil ceantair Ghaeltachta. 

I nGaillimh, ardú 30% a bhí i gceist ar ráta scaipthe an Covid-19 i gConamara Thuaidh le seachtain anuas. Deimhníodh 79 cás nua den víreas sa cheantar idir an 31 Lúnasa-13 Meán Fómhair, rud a d’fhág go bhfuil ráta scaipthe 460 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa cheantar ann faoi láthair. Tá an ráta i gConamara Thuaidh anois níos airde ná an meánráta náisiúnta – 413. 

Titim a bhí i gceist i gcás fhigiúirí i gConamara Theas, áfach. Laghdaigh an ráta ansin ó 272 go dtí 239 le seachtain anuas agus 51 cás ar fad a deimhníodh i gConamara Theas idir an 31 Lúnasa-13 Meán Fómhair. Tá ráta scaipthe an víris anois níos ísle I gConamara Theas ná mar a bhí aon uair ó mhí Iúil. 

I gcontae na Mí, chuaigh an ráta suas sa dá thoghcheantar a bhfuil ceantair Ghaeltachta iontu. I dtoghcheantar Bhaile Átha Troim, mar a bhfuil cuid de Ghaeltacht Ráth Chairn, chuaigh an ráta suas ó 391 go dtí 436. 136 cás a deimhníodh ansin le coicís anuas. 

Ardú breis is 20% a bhí i gceist i gCeanannas, mar a bhfuil an chuid eile de Ghaeltacht Ráth Chairn agus Baile Ghib. 163 cás nua a deimhníodh anois le coicís anuas agus an ráta imithe suas ó 411 go dtí 503. 

Thit ráta scaipthe an víris sna ceantair Ghaeltachta eile ar fud na tíre agus bhí an titim is mó le feiceáil i gceantair na Mumhan. 

I gCorca Dhuibhne, tháinig laghdú 47% ar líon na gcásanna nua sa cheantar le seachtain anuas. Thit líon na gcásanna ó 68 go dtí 36, rud a d’fhág go raibh ráta 254 i gceist sa cheantar idir an 31 Lúnasa-13 Meán Fómhair. 

Thit an ráta 33% i dtoghcheantar Neidín, mar a bhfuil Gaeltacht Uíbh Ráthaigh. 82 cás nua a deimhníodh le coicís anuas agus ráta 327 i gceist. 

I dtoghcheantar Dhún Gharbhán, mar a bhfuil Gaeltacht na nDéise, ráta 434 a bhí agus 74 cás nua den víreas deimhnithe ansin le coicís anuas. 

I Maigh Chromtha, mar a bhfuil Gaeltacht Mhúscraí, thit líon na gcásanna ó 106 an tseachtain seo caite go dtí 74 an tseachtain seo. Ráta 201 a bhí i gceist sa cheantar dá bharr. 

Thit líon na gcásanna sna trí thoghcheantar Gaeltachta i nDún na nGall, cé go bhfuil an ráta scaipthe i ngach ceann acu fós níos airde ná an meánráta náisiúnta. 

Ráta 832 atá luaite le toghcheantar na nGleanntach, mar a bhfuil formhór de Ghaeltacht Thír Chonaill. Sin titim 10% le seachtain anuas agus 199 cás nua a deimhníodh sa cheantar. 

I mBaile na nGallógach, thit an ráta ó 1,113 go dtí 1,075 agus i dtoghcheantar Bhaile Dhún na nGall i ndeisceart an chontae thit an ráta ó 812 go dtí 562 le seachtain anuas. 

Ráta coicíse 413 a bhí i dtoghcheantar Bhéal an Mhuirthead agus 52 cás deimhnithe ann le coicís anuas. Ráta 348 a bhí i dtoghcheantar Chathair na Mart, mar a bhfuil Gaeltacht Thuar Mhic Éadaigh. 

Fág freagra ar 'I gConamara agus i gcontae na Mí amháin atá ardú tagtha ar ráta scaipthe an víris sa Ghaeltacht'