I gcás na paindéime, is fíor gur tháinig corr-rud maith aisti

Thart ar 4,000 rothaí a bhíodh ar phíosa bóthair amháin i mBaile Átha Cliath gach seachtain –  i mí Iúil 25,000 a bhí i gceist

I gcás na paindéime, is fíor gur tháinig corr-rud maith aisti

Ná cuir éigeandáil amú, a deirtear. Is cuma Churchill nó Rahm Emanuel á rá ach tá sé fíor. Agus i gcás na paindéime, is fíor gur tháinig corr-rud maith aisti. Tóg mar shampla, an t-athrú iomlán a tháinig ar chuid de bhailte agus sráideanna Bhaile Átha Cliath. Scríobh mé cheana anseo faoin mbail fhíorshlachtmhar a fágadh ar An Charraig Dhubh.

Ba le linn na paindéime a rinneadh na hoibreacha sin a d’fhág an trácht ag dul in aon treo amháin, bealaí nua sábháilte rothaíochta, troscán buan sráide agus pobal a bhí sásta leis an toradh.

Chuir sé iontas an domhain orm le gairid mar sin, nuair a chonaic mé go raibh stop curtha le leathnú amach na n-oibreacha sin go bailte eile sa chontae. Bhí sé beartaithe bealach amháin rothaíochta a thógáil a cheanglódh go leor de na bealaí a bhí déanta cheana féin le chéile agus a chuirfeadh deis shábháilte rothaíochta ar scoil ar fáil do pháistí an cheantair- 25 km in iomlán.

Ach chuir roinnt comhairleoirí ina choinne sin.

Cheap mé féin nach raibh ciall ná réasún leis. Cén fáth a gcuirfeadh comhairleoirí contae i gcoinne rud a raibh ag éirí chomh maith leis cheana féin?

Chuaigh mé chun cainte le Robert Burns, an t-innealtóir atá ina Stiúrthóir Seirbhísí do Bhonneagar agus Athrú Aeráide sa Chontae. Eisean atá i bhfeighil na n-oibreacha thuasluaite sa gComhairle.

Cuireadh tús suimiúil leis an tionscadal. I dtús na paindéime, nuair a bhí gach duine faoi dhianghlasáil agus ag fanacht gar do bhaile, ní raibh oscailte ach garáistí agus caifé-anna. I mbaile beag na Carraige Duibhe, ceapadh go raibh contúirt mhór ag baint leis na scuainí a bhí ag bailiú taobh amuigh de na siopaí caifé. Chuaigh an Chomhairle i mbun cainte le lucht gnó ar an mbaile agus d’aontaigh siad ar an bplean a chuirfeadh atheagar ar an mbóthar tríd an mbaile.

Níl a fhios cén líon daoine a thugann cuairt ar an mbaile anois, ag siúl nó ar rothair, toisc go bhfuil áiteanna breátha le haghaidh caife, áit le suí síos agus laghdú mór ar an trácht, de thoradh an chórais aontreo.

Is cosúil gurb é an córas aontreo a chuir an dris chosáin sa mbealach ar an bhforbairt a bhí beartaithe le gairid. Cheap an lucht gnó áitiúil i mbaile eile ar an mbealach go gcuirfeadh sé bac ar dhaoine agus iad ag siopadóireacht.

Bhí mé fiosrach faoin toradh a bhí ar an athrú a rinne an Chomhairle ar an mbóthar ón gCarraig Dhubh go dtí Cuas an Ghainimh, tamall roimhe seo. Bhí daoine an-chlamhsánach faoin athrú sin ach chuathas ar aghaidh leis ag an am. Dúirt lucht na gclamhsán go gcuirfeadh sé bac ar dhaoine a bhí ag iarraidh taisteal ann, áit a bhfuil trá bheag dheas le hais Chladach an Daichead Troigh nó an ‘Forty Foot’.

D’inis Robert Burns dom go mbíodh thart ar 4,000 duine ar rothair ar an bpíosa bóthair sin sula ndearnadh bóthar aontreo as. I mí Iúil bhí an figiúr sin ardaithe go 25,000 turas rothair in aghaidh na seachtaine.

‘Agus cá dtéann an trácht a bhíodh ann?’ a d’fhiafraigh mé féin.

‘Is léir nach bhfuil aon tionchar diúltach ag an athrú sin,’ a dúirt sé. ‘Traffic does evaporate.’

Agus cén fáth ar chuir an Chomhairle stop leis na hoibreacha ar fad nuair nach raibh ach cuid de a bhí ina hábhar conspóide, a d’fhiafraigh mise de. Chonaic mé an bealach rothair a bhí leath-thógtha gar do bhaile Stigh Lorgan, agus é dúnta síos, gan rian na sluasaide féin fágtha ann.

Mhínigh Robert dom nach bhféadfaidís dul ar aghaidh le plean mór mar a bhí beartaithe agus bearna ann.

‘Chomh luath agus a chruthaíonn tú amhras,’ dúirt sé, ’nó má thógann tú amach cuid den phlean, cruthaíonn sé fadhbanna. Ní hé an tionscadal céanna é a thuilleadh.’

‘Dá mbeifeá ag dearadh gréasáin mar seo – dá mbeadh cuid amháin de in easnamh, ní bealach sábháilte taistil é níos mó.’

Agus an píosa seo atá ‘in easnamh,’ baineann sé le Gráinseach an Déin. Ag an deireadh seachtaine chonaic mé na sluaite amuigh ar a gcuid rothar ag agóidíocht faoina bhfuil tarlaithe don phlean.

Beidh le feiceáil an éireoidh leo intinn na ndaoine atá diúltach faoin bplean a athrú.

Agus é ag breathnú siar ar an obair ar fad, is é tuairim Robert Burns anois nach n-éireodh leo aon cheann de na hathruithe móra a chur i gcrích dá mbeidís ag tabhairt fúthu anois.

‘Bhí daoine níb oscailte le linn na héigeandála,’ a dúirt sé liom. ‘Bhí dúil acu san athrú. Ach chomh luath agus a thagann na carranna ar ais ar an mbóthar, níl éinne in ann an poitéinseal a fheiceáil.’

Caithfear a rá freisin gur chuir an Rialtas airgead ar fáil le haghaidh oibreacha a d’eascair as an bpaindéim, ar nós na n-athruithe sráide ar an gCarraig Dhubh. Bhí siad saor ó ‘dheacrachtaí’ pleanála. Níl aon dabht ach go bhfuil feabhas dochreidte ar na sráideanna i gcuid mhaith de na bailte beaga i nDún Laoghaire/Ráth an Dúin anois.

Agus tá na sluaite daoine óga amuigh ar a gcuid rothar chuile mhaidin ag déanamh a mbealach go sábháilte ar scoil. Níor cuireadh an éigeandáil amú.

Cén leas a bhain comhairlí contae eile sa tír as an bpaindéim?

Anois, sin ceist.

Fág freagra ar 'I gcás na paindéime, is fíor gur tháinig corr-rud maith aisti'