I dteachtaireacht téacs a fuarthas an scéal – tá stop leis an airgead d’fhorbairt an N59 i gConamara

Cé go raibh glactha leis ag Bonneagar Iompair Éireann gur ghá dul i mbun na 34 ciliméadar den N59 as an gClochán go dtí an Teach Dóite in iarthar Chonamara, de léim d’athraigh siad a bport go hiomlán

I dteachtaireacht téacs a fuarthas an scéal – tá stop leis an airgead d’fhorbairt an N59 i gConamara

I dteachtaireacht téacs a fógraíodh go raibh stop curtha leis an airgead a bhí á úsáid le haghaidh na bpleananna forbartha don chuid de bhóthar an N59 atá idir an Clochán agus an Teach Dóite i gConamara.

Ní dheachaigh Bonneagar Iompair Éireann (TII) níos doimhne sa scéal. I gcúpla focal cuireadh stop leis na pleananna le caoi as an nua – agus ón íochtar aníos – a chur ar an mbóthar i gcroílár Chonamara.

Bhí airgead ceadaithe ag TII le haghaidh an staidéir seo i mbliana, agus baineadh geit as daoine nuair a cuireadh stop leis.

Níor chuir Derek Pender, Ceannasaí Rannóg na mBóithre i gComhairle Chontae na Gaillimhe, aon fhiacail ann agus é ag trácht ar an díomá a bhí air faoin scéal.

Eisean a fuair an teachtaireacht téacs.

Cé go raibh glactha leis ag Bonneagar Iompair Éireann go raibh gá le dul i mbun na 34 ciliméadar den N59 as an gClochán go dtí an Teach Dóite in iarthar Chonamara, de léim d’athraigh siad a bport go hiomlán.

Ceann thiar phríomhbhóthar Chonamara a bheidh thíos leis an gcinneadh, ach tá an scéal níos fearr gar do chathair na Gaillimhe.

Beidh ócáid eile ag údaráis na mbóithre ar an N59 i nGaillimh an Aoine bheag seo amach romhainn.

Beifear ag cur tús oifigiúil leis an obair ar chuarbhóthar Mhaigh Cuilinn, sé mhíle siar ó chathair na Gaillimhe.

Beidh Peadar an Bhreathnaigh, Príomhfheidhmeannach Bhonneagar Iompair Éireann ann.

Derek Pender, an ceannasaí ar obair na mBóithre i gcontae na Gaillimhe a bheidh ag cur na gcainteoirí i láthair.

Beidh Hildegard Naughton, Aire Stáit Iompair (as Gaillimh í féin) ag labhairt freisin chomh maith le Cathaoirleach Chomhairle Chontae na Gaillimhe, Peter Keaveney agus Príomhfheidhmeannach na Comhairle Contae, Jim Cullen.

Ócáid cheiliúrtha a bheidh inti ag Bonneagar Iompair Éireann agus is ar éigean go mbeifear ag iarraidh tada a tharraingt anuas faoin gcealú atá déanta ar an airgead le haghaidh na pleanála idir an Clochán agus an Teach Dóite.

I bhfad siar atá an stráice sin agus beidh le feiceáil an bhfuil an teacht aniar in ionadaithe poiblí an réigiúin le cor beag a chur in ócáid na hAoine.  Gar do bhóthar Thulaigh Mhic Aodháin ó thuaidh de Mhaigh Cuilinn a bheidh an teacht le chéile.

Díol iontais uilig go léir é an cealú a rinneadh ar an gciste pleanála don bhóthar  idir an Clochán agus an Teach Dóite.  Ghlac an Bord Pleanála leis sé bliana ó shin go raibh an chuid sin den N59 i gConamara lochtach ar mhórán chuile bhealach a ndéanfá tomhas ar bhóthar poiblí.  Tá glactha leis ag innealtóirí le fada an lá go bhfuil an bóthar seo contúirteach do thrácht an lae inniu.

Ach beag beann ar seo uilig, dhiúltaigh an Bord Pleanála d’iarratas Chomhairle Chontae na Gaillimhe ar chead forbartha idir an Clochán agus an Teach Dóite in 2016.   Ceisteanna a bhain le talamh caomhnaithe, Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta (SAC) faoin scéim Eorpach, ba chúis, den chuid ba mhó leis an gcinneadh sin.

Dheimhnigh Comhairle Chontae na Gaillimhe ina dhiaidh sin go rabhadar leagtha i gcónaí ar a dhul ar ais chuig an mBord Pleanála leis an iarratas ar chead forbartha ach go gcaithfí mionscrúdú a dhéanamh ar na cúiseanna gur diúltaíodh don chéad iarratas.

34 ciliméadar achair atá sa stráice den N59 idir an Clochán agus an Teach Dóite agus tá talamh caomhnaithe – SAC go leor de – ag fáisceadh isteach air ó chaon taobh.

Bheadh aimsir ar na hinnealtóirí ag láimhsiú na ceiste seo.  Ach ceapadh gurbh fhéidir iarraidh a thabhairt faoi agus cuireadh airgead ar fáil as an Státchiste.  Is é an t-innealtóir, Derek Pender, a cuireadh i gcion na hoibre ar an N59 agus tá moladh tugtha dó as an láimhsiú atá déanta aige ar an gcaidreamh idir an Chomhairle Contae agus lucht cosanta timpeallachta.  Tá lorg na hoibre sin – cé nach bhfuil chuile shórt réitithe fós – ar an tionscnamh idir an Teach Dóite agus Uachtar Ard.  Bhí seisean – atá anois ina cheannasaí ar rannóg na mbóithre sa gComhairle Contae – agus a fhoireann tar éis tús maith a dhéanamh ar cheann thiar an N59.

Bhí glactha ag Bonneagar Iompair Éireann leis an scéim forbartha agus na cáipéisí curtha ar aghaidh go dtí an Roinn Iompair.  Ach, tá thiar ar an iarracht anois agus ceann de na bóithre náisiúnta is measa sa tír fágtha siar agus aniar aríst.

Dhúisigh Grúpa Gnímh an N59 i gConamara ceist an bhóthair seo go maith beagán blianta ó shin agus tá sé tugtha síos dóibh gurbh iad a tharraing aird dháiríre ar an bpráinn a bhí le hobair forbartha.   Thit an Grúpa Gnímh go leataobh de réir a chéile.

Tá fadhb nua ann anois agus 34 ciliméadar den N59 i gConamara caite le fána. Teachtaireacht téacs agus sin a raibh ann.

Fág freagra ar 'I dteachtaireacht téacs a fuarthas an scéal – tá stop leis an airgead d’fhorbairt an N59 i gConamara'