I 1967 ní raibh ag freastal ar oideachas ollscoile a tír ar fad ach 16,266. In 2017 bhí os a chionn sin in OÉG féin…

Tá athruithe suntasacha tagtha ar Ollscoil na hÉireann Gaillimh le blianta beaga anuas agus cáil dhomhanda anois uirthi

I 1967 ní raibh ag freastal ar oideachas ollscoile a tír ar fad ach 16,266. In 2017 bhí os a chionn sin in OÉG féin…

Bhí trí fhoirgneamh mhóra tréigthe agus cuirtíní stróicthe plaisteacha ar foluain sa ngaoth. ‘Eastát taibhsí’ a bhí i gcuid d’Ollscoil na Gaillimhe nuair a chuir an Dr Jim Browne tús lena thréimhse mar Uachtarán in 2008. I gceann cúpla seachtain, i mí Eanáir 2018, éireoidh sé as an bpost sin.

Agus muid ag ceiliúradh shéasúr na Nollag in éineacht leis le gairid, ba dheacair an t-am a shamhlú nuair nach mbíodh na tógálaithe i mbun oibre ar an gcampas. Ach deich mbliana ó sin, bhí an tír ar fad i ndroch-chaoi, agus na tógálaithe agus na forbróirí ar fad, beagnach, scriosta. Bhí an chosúlacht ar an Ollscoil go raibh an rud céanna i ndán di.

Is cuimhin liom féin a bheith ag siúl thart ar na suímh thógála, iad folamh, tréigthe. Bhí an uaillmhian le sonrú ann agus iad fágtha ansin. An iomarca díograis chun foirgnimh mhaorga a thógáil, in ionad spéis a chur sa léann agus i stádas acadúil na hollscoile, b’fhéidir? Bhí sé éasca milleán a chur ar dhaoine. B’amhlaidh don tír trí chéile.

Scéal ann féin an chaoi a ndearna an coláiste teacht aniar ón mbuille sin. Níorbh é an Dr Jim Browne amháin a thug amach as an tsáinn sin iad. Foireann dhíograiseach acadúil a bhain cáil amach sna dámha ollscoile éagsúla agus foireann eile ag obair lena dtaobh ag bailiú airgid agus ag ceapadh scéimeanna samhlaíocha chun bonn maith folláin a chur faoi chúrsaí airgeadais san ollscoil, ba chionsiocair leis an teacht aniar.

Ní minic a deirtear go bhfuil deireadh le forbairt. Ach ag deireadh 2017 is féidir a mhaíomh go bhfuil an oiread den fhorbairt fhisiciúil déanta thart ar an Ollscoil féin go n-admhaítear anois nach bhfuil said ag beartú tuilleadh den chineál sin. Beidh a aisling féin is dócha ag an Uachtarán nua, an Dr Ciarán Ó hÓgartaigh.

Ar nós páirtithe polaitiúla nach spéis leo pobalbhreitheanna (gráinne salainn le do thoil), ní chuireann lucht ollscoile aon tsuim i ‘rangú na n-ollscoileanna’. Ach mar sin féin, is díol spéise a mhinice is a luaitear iad.

De réir an ‘Good University Guide’ de chuid an Sunday Times, is í Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ollscoil na bliana, 2018. Agus ní bhíonn aon leisce ar éinne ansin a mhaíomh go bhfuil an ollscoil i measc an 1% de na coláistí  is fearr ar domhan (Global QS Rankings). B’fhéidir nach bhfuil aon tábhacht leis na figiúirí sin ach dar leis an Dr Browne, téann na staitisticí maidir le rangú domhanda i bhfeidhm go mór ar chomhlachtaí sna Stáit Aontaithe nuair a bhíonn céimithe ag lorg postanna.

Is mór idir é sin ar fad agus radharc na gcuirtíní plaisteacha ag séideadh sa ngaoth.

Is mór idir é agus staid na n-ollscoileanna sa tír trí chéile nuair a tugadh isteach an saor-oideachas i 1967. Sa bhliain sin, ní raibh ag freastal ar oideachas ollscoile sa tír ar fad, ach 16,266 dalta. In 2017, bhí os a chionn sin in OÉG féin.

Is beag a cheap mise agus mé in mo mhac léinn in UCG, ag an tráth céanna le Jim Browne, go dtiocfadh an lá go mbeadh campas de chuid na hollscoile ar an gCeathrú Rua, i gCaisleán an Bharraigh, i Sligeach agus i Leitir Ceanainn.

Nuair a bhí mé ag cleachtadh drámaí sa Common Room leis an gcompántas nuabhunaithe Druid, níor taibhsíodh dom go dtiocfadh an lá go mbeadh Garry Hynes ina hOllamh Cúnta le drámaíocht ann agus amharclann nua as an bpíosa i lár an champais.

Níl iontu sin ach blúiríní beaga bídeacha a thugann léargas ar an athrú suntasach atá tagtha ar an ollscoil le blianta beaga anuas. Agus is fiú a mheabhrú arís, mar a dúirt an tUachtarán i mBaile Átha Cliath le gairid, gur in iarthar na hÉireann atá sí suite agus nach bhfuil de dhaonra sa gcathair in aice láimhe ach thart ar 80,000 duine. Tá thart ar an líon sin i dTamhlacht féin.

Ar fhaitíos go gceapfadh éinne gur leis an rachmas a thagann barr feabhais, ní mór cuimhneamh gur i laethanta bochta na 70idí a bunaíodh compántas drámaíochta Druid, Macnas agus Féile Ealaíona na Gaillimhe, agus gur céimithe óga de chuid na hOllscoile a bhí taobh thiar díobh ar fad.

Tá siad fós beo beathach agus cáil dhomhanda bainte amach acu. Agus anois tá cáil dhomhanda bainte amach ag an ollscoil as ar eascair siad agus a lorg fágtha aici ar an timpeallacht tionsclaíochta agus fostaíochta i gcathair na Gaillimhe. As deich gcinn de na comhlachtaí mór le rá i réimse ‘med tech’, tá ocht gcinn acu lonnaithe i nGaillimh.

Sna seachtóidí, chaith mic léinn cuid mhaith ama i mbun agóidíochta- bhí Cogadh Vítneam ar siúl, bhí na ‘Trioblóidí’ ag dul ar aghaidh lá i ndiaidh lae, bhí brú ar dheontais na mac léinn. Ba mhinic muid amuigh ag máirseáil nó ag glacadh seilbh ar oifigí. Is cuimhin liom féin gur chaith mé féin agus scata beag seal in oifig an Uachtaráin ag an am. Bhí údar an-tromchúiseach leis an agóid sin ach tá sé ag cinneadh orm anois cuimhneamh air!

Má tá aon rud amháin in easnamh anois i saol na gcoláistí tríú leibhéil, is í féith sin na hagóidíochta é. Cé a chuireann péint ar phóstaer anois? Cé a thógann seilbh ar oifigí na Comhairle Contae toisc nár íocadh na deontais? Tá an ollscoil an-bhródúil as an 15 bialann éagsúil atá thart ar an gcampas, an spórtlann, na faichí imeartha agus an amharclann, ach is fánach an áit a bhfaighfeá réabhlóidí anois.

Seans go bhfuilimid níos fearr as.

Go n-éirí leis an Dr Jim Browne ina shaol nua.

Fág freagra ar 'I 1967 ní raibh ag freastal ar oideachas ollscoile a tír ar fad ach 16,266. In 2017 bhí os a chionn sin in OÉG féin…'