Caiteachas ar fhógraíocht sláinte trí Ghaeilge in áit na leathphingine – figiúirí nua 

€95,000 a chaith Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ar fhógraí Gaeilge faoi Covid-19 agus an fliú as buiséad fógraíochta €6 mhilliún in 2020

Caiteachas ar fhógraíocht sláinte trí Ghaeilge in áit na leathphingine – figiúirí nua 

Níos lú ná €100,000 a chaith Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ar fhógraíocht trí Ghaeilge as an mbuiséad €6 mhilliún a bhí acu do dhá mhórfheachtas eolais – ceann faoin bpaindéim agus ceann faoi fhliú an gheimhridh.   

As an mbuiséad €500,000 chun an pobal a chur ar an airdeall faoin bhfliú níor caitheadh oiread agus cent amháin ar fhógraíocht trí Ghaeilge. Ar fhógraí i mBéarla ar theilifís, raidió agus sna nuachtáin a caitheadh formhór an leathmhilliúin ar fad. 

Caitheadh os cionn €200,000 ar fhógraí teilifíse, os cionn €100,000 a caitheadh ar fhógraí raidió agus caitheadh formhór eile an bhuiséid ar fhógraí i nuachtáin nó ar sheirbhísí nuachta ar líne. 

Caitheadh os cionn €20,000 freisin ar 39 postálacha i mBéarla ar na meáin shóisialta ach níor caitheadh aon airgead ar na ceithre cinn de phostálacha trí Ghaeilge a foilsíodh ar na meáin sin.  

Caiteachas ar fhógraíocht maidir leis an bhfliú, 2020

Fógraí i mBéarla Fógraí i nGaeilge Caiteachas iomlán Céatadán caiteachais i mBéarla Céatadán caiteachais i nGaeilge
Teilifís €207,487 €0 €207,487 100% 0%
Raidió €104,926 €0 €104,926 100% 0%
Nuachtáin €89,258 €0 €89,258 100% 0%
Fógraíocht ar fholúntais €21,935 €0 €21,935 100% 0%
Meáin Shóisialta €21,643 €0 €21,643 100% 0%
Seirbhísí nuachta ar líne €14,154 €0 €14,154 100% 0%
IOMLÁN €459,402 €0 €459,402 100% 0%

Chaith Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte os cionn €5.5 milliún ar fhógraíocht a bhain leis an bpaindéim Covid-19 anuraidh ach caitheadh níos lú na 1.7% den bhuiséad sin ar fhógraíocht trí Ghaeilge. Beagán le cois €5.4 milliún a caitheadh ar an bhfógraíocht i mBéarla ach caitheadh níos lú ná €95,000 de sin ar fhógraíocht trí Ghaeilge.  

Ar fheachtais teilifíse agus raidió a caitheadh tromlach an airgid – €4.2 milliún. €78,000 den bhuiséad sin a caitheadh ar fhógraí i nGaeilge. Caitheadh 97.5% den bhuiséad teilifíse ar fhógraí i mBéarla agus 2.5% a caitheadh ar fhógraí i nGaeilge. Ba ar fhógraí i mBéarla a caitheadh os cionn 99% den bhuiséad d’fhógraí raidió, os cionn €1.6 milliún. 

€15,226 a caitheadh ar fhógraí raidió i nGaeilge. 

Caitheadh os cionn leathmhilliún euro ar fheachtais trí Bhéarla ‘ar chláir fógraíochta sheachtracha’ ach ní dhearnadh aon fhógraíocht trí Ghaeilge ar na meáin sin. 

Chaith an HSE thart ar €300,000 ar fhógraí sna nuachtáin chlóite agus os cionn €175,000 ar sheirbhísí nuachta ar líne. Trí Bhéarla amháin a bhí an fhógraíocht sin go léir. 

Caitheadh beagnach €400,000 ar 2,059 postáil ar na meáin shóisialta. I mBéarla a bhí 1,978 de na postálacha sin agus 81 acu a bhí i nGaeilge. Íocadh ar an meán €57 ar na postálacha i mBéarla chun iad a phoibliú ach níor íocadh €3.66 ar na cinn i nGaeilge.

Caiteachas ar fhógraíocht maidir le COVID-19, 2020

Fógraí i mBéarla Fógraí i nGaeilge Caiteachas iomlán Céatadán caiteachais i mBéarla Céatadán caiteachais i nGaeilge
Teilifís €2,45,165 €62,731 €2,513,896 97.5% 2.5%
Raidió €1,634,660 €15,226 €1,649,886 99.0% 0.9%
Meáin Shóisialta €367,090 €15,526 €382,616 95.9% 4.1%
Cláir fógraíochta sheachtracha €513,235 €0 €513,235 100% 0%
Nuachtáin €291,116 €0 €291,116 100% 0%
Seirbhísí nuachta ar líne €179,292 €0 €179,292 100% 0%
Fógraíocht ar fholúntais €7,696 €0 €7,696 100% 0%
IOMLÁN €5,444,254 €93,483 €5,537,737 98.3% 1.7%

 

Chuir Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte na figiúirí caiteachais ar fáil do Chonradh na Gaeilge mar thoradh ar iarratas ar eolas faoin Acht um Shaoráil Faisnéise. 

Dúirt Ard-Rúnaí an Chonartha, Julian de Spáinn leis an gCoimisiún um Thodhchaí na Meán an tseachtain seo caite nach bhfeictear agus nach gcloistear an Ghaeilge ach go “fíor-annamh” in aon fheachtas feasachta faoi láthair. Mhol sé go mbeadh ar a laghad fógra amháin as gach cúig fhógra in aon fheachtas feasachta stáit ar an raidió nó ar an teilifís i nGaeilge ar mhaithe le “normalú na Gaeilge”. 

Níl dualgas reachtúil ar eagraíocht stáit faoi láthair fógraíocht a dhéanamh trí Ghaeilge ná trí Bhéarla. Tá sé molta ag cuid den fhreasúra agus ag roinnt ball de pháirtithe an Rialtais gur cheart dualgas den saghas sin a chur ar eagraíochtaí stáit lena chinntiú go gcaithfí céatadán áirithe dá mbuiséad fógraíocht ar fhógraí i nGaeilge agus ar fhógraí sna meáin Ghaeilge. 

Tarraingíodh siar leasú a bhí molta faoin ábhar seo le linn na díospóireachta ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla le gairid nuair a thug an tAire Stáit Gaeltachta, Jack Chambers le fios go dtacódh sé féin le leasú reachtúil ar an ábhar. Gheall sé go bhfillfeadh sé ar an Dáil le foclaíocht nua ag an gcéad chéim eile den díospóireacht faoi na leasuithe ar an Acht Teanga. Chuirfeadh a leithéid dualgas reachtúil ar an stát fógraíocht a dhéanamh i nGaeilge. 

Fág freagra ar 'Caiteachas ar fhógraíocht sláinte trí Ghaeilge in áit na leathphingine – figiúirí nua '