‘How can I relax with a man spitting pidgin Irish and Guinness into my ear?’

Mhaígh an t-údar Gaeilge Pádraig Standún i gcolún ar an nuachtán Feirsteach an News Letter inniu gur chun aimhleas na Gaeilge a bhíonn ródhíograis an fhoghlaimeora teanga go minic

‘How can I relax with a man spitting pidgin Irish and Guinness into my ear?’

Tá ráite ag scríbhneoir Gaeilge aitheanta gur minic gur mó dochar ná sochar a dhéanann foghlaimeoirí Gaeilge don teanga i súile an chainteora dúchais.

Mhaígh an t-údar agus sagart aitheanta Pádraig Standún go síleann cainteoirí dúchais i nGaeltacht Iarthar na hÉireann gur mó chun aimhleas ná leas na teanga go minic “díocas an iompaithigh”.

“Is cuimhin liom fear in Árainn ag rá liom faoin uair i dteach tábhairne ar mhill turasóir, a bhí ag iarraidh Gaeilge a fhoghlaim uaidh, an oíche. ‘Ba chuma liom Béarla a labhairt leis ar feadh na hoíche, ach cén chaoi a bhféadfainn mo scíth a ligean agus fear ag caitheamh Gaeilge bhriste agus Guinness i mo chluais?’” a dúirt Standún i gcolún don nuachtán News Letter.

Sa phíosa tuairimíochta a foilsíodh inniu, rinne Standún, atá in shagart paróiste i gCarna i nGaeltacht na Gaillimhe, cur síos ar an taithí a bhí aige féin leis an nGaeilge mar theanga chumarsáide, mar uirlis pholaitíochta, agus mar chomhartha féiniúlachta i measc mhuintir na Gaeltachta.

Dúirt sé nach “teanga ionsaitheach” a bhí sa Ghaeilge i gceantair Ghaeltachta na tíre agus go mbíonn cainteoirí dúchais “béasach”, agus “róbhéasach” uaireanta,  nuair a bhíonn daoine nach bhfuil an Ghaeilge acu ina gcomhluadar.

Mhaígh sé nach amhlaidh an scéal i gcónaí i gcás foghlaimeoirí teanga, go háirithe “i roinnt cathracha”.

Bhí Standún ag scríobh sa News Letter in ionad an cholúnaí rialta Alex Kane atá ar saoire. Spreag ceist an Achta Gaeilge ó thuaidh, atá ina chnámh spairne sa chóras polaitíochta ann ó thús na bliana, an colún faoi cheist na Gaeilge “ó dhearcadh na Gaeltachta”.

Mhaígh an scríbhneoir gur tionchar “síceolaíochta seachas praiticiúil” a bhíonn ag an reachtaíocht teanga ar chainteoirí Gaeilge sa dlínse seo agus go bhfuil sé fós “deacair” gnó a dhéanamh leis an stát i nGaeilge.

“Tá an Ghaeilge féin an-leochaileach fiú sa Ghaeltacht, ach mar sin féin airím go bhfuil sí chomh láidir céanna anois agus a bhí sí i 70idí an chéid seo caite,” a scríobh sé.

Is féidir an colún le Pádraig Standún, a foilsíodh ar an News Letter inniu, a léamh anseo.

Fág freagra ar '‘How can I relax with a man spitting pidgin Irish and Guinness into my ear?’'

  • Moire

    ‘Is cuimhin liom fear in Arainn AG ra liom’…an Gaeilge chruinn i sin?

  • Con

    Is dochar a dheanann an foghlaimeoir nach bhfuil aige ach Gaeilge na gibrise gan amhras. Ach ceard faoi na muinteoiri ata chomh holc ceanna leo. Chuir me m’inion go hInis Meain ar chursa ‘Gaeilge’ agus muinteoir ‘sarchailithe’ a teagasc. Is measa an Ghaeilge a bhi aici ag teacht as na ag dul ann.

  • Frainc

    Ceapann fear na gibrise gurb e fein fear na Gaeilge go minic agus ni thuigeann se an difriocht eatorthu. Teann cuid acu i mbun i a ‘mhuineadh’. Tuige a mbeadh si go maith ag na daltai ansin? Ach is e an dala ceanna ag an bhFraincis srl e sa tir seo.

  • Mánus

    Aon áit a dtéann tú anois san Eoraip tá sé deacair ag stróinséir / foghlaimeoir as tír eile teanga na tíre sin a labhairt le muintir na háite go bhfuil oideachas urthu. Gach éinne ag iarraidh an “petit leçon anglais” saor in aisce. Béarla gan aon leithscéil a labhrann daoine as tuaisceart na hEorpa anois agus iad plé le daoine sa Spáinn, San Iodáil, sa Fhrainc srl. Ní eisceacht ar bith é an aÁrannach a luaigh an tAthair Standún.

  • Gearóid de Grás

    Léigh mé alt Standún sa News Letter agus ní fheadar cén phointe atá sé ag iarraidh a chur in iúl – is iad seo na príomhrudaí a bhain mise as: Nár cheart do Shinn Féin a bheith ag brú Acht Gaeilge ar na hAontachtóirí mar ní le Sinn Féin an Ghaeilge agus níl beannacht na Gaeltachta acu dá leithéid de chur chuige (agus ní teanga ionsaitheach í an Ghaeilge pé scéal é!). B’fhearr go mór fanacht i do thost nuair atá do chearta á choinneáil uait – “Live and let live” agus tabharfaidh Dia aire do gach rud. Nár cheart a bheith díograiseach i dtaobh na teanga de mar ní hé sin nós na Gaeltachta. B’fhearr go mór do ghrúpa le Gaeilge tosú ag labhairt i mBéarla nuair a thagann Béarlóir isteach sa chomhluadar mar is é sin nós na Gaeltachta. Agus tá an Ghaeilge chomh láidir anois sna Gaeltachtaí is a bhí sna 1970í! Tá an doicheall roimh fhoghlaimeoirí Gaeilge sna Gaeltachtaí intuigthe agus inghlactha.

    Dia dár sábháil más amhlaidh atá dearcadh mhuintir na Gaeltachta.