Henshaw tagtha isteach in áit Ringrose agus athrú amháin déanta ar fhoireann na hÉireann

Tá deis fós ag Éire Craobh na Sé Náisiún a thabhairt leo an deireadh seachtaine seo chomh fada agus go n-éireoidh leo an Fhrainc a bhualadh agus pointe bónais a fháil sa chluiche chomh maith

Henshaw tagtha isteach in áit Ringrose agus athrú amháin déanta ar fhoireann na hÉireann

Tá athrú amháin déanta ag Andy Farrell ar fhoireann rugbaí na hÉireann don chluiche i gcoinne na Fraince i gCraobh na Sé Náisiún ag an deireadh seachtaine.

Tá Robbie Henshaw ainmnithe i lár na páirce don chluiche i bPáras in áit Garry Ringrose.

Bhris Ringrose a ghiall sa chluiche a bhuaigh siad in aghaidh na hIodáile Dé Sathairn seo caite agus ní imreoidh sé anois in aon cheann de chluichí na hÉireann an mhí seo chugainn.

Agus Henshaw tagtha isteach ar an bhfoireann, tá imreoir Chúige Mumhan Chris Farrell ainmnithe i measc na n-ionadaithe don chluiche in aghaidh na Fraince.

Níl aon athrú eile déanta ag lucht bainistíochta na hÉireann ón bhfoireann a fuair an ceann is fearr ar an Iodáil.

D’aimsigh Hugo Keenan dhá úd sa chluiche sin, an chéad uair aige ag imirt d’Éirinn agus tá sé féin agus Andrew Conway ainmnithe ar na cliatháin arís agus Jacob Stockdale i ngeansaí an lánchúlaí.

Henshaw agus Bundee Aki a bheidh i lár na páirce agus beidh Johnny Sexton agus Conor Murray ag imirt mar leathchúlaithe mar is ghnáth.

Imreoidh Cian Healy a chéadú cluiche d’Éirinn agus beidh Rob Herring agus Andrew Porter taobh leis sa líne thosaigh.

Taobh thiar díobh, beidh Tadhg Beirne agus James Ryan agus imreoidh Caelan Doris, CJ Stander agus Will Connors sa líne chúil.

Tá deis fós ag Éire Craobh na Sé Náisiún a thabhairt leo an deireadh seachtaine seo chomh fada agus go n-éireoidh leo an Fhrainc a bhualadh agus pointe bónais a fháil sa chluiche chomh maith.

Foireann na hÉireann v An Fhrainc

1. Cian Healy
2. Rob Herring
3. Andrew Porter
4. Tadhg Beirne
5. James Ryan
6. Caelan Doris
7. Will Connors
8. CJ Stander
9. Conor Murray
10. Johnny Sexton
11. Hugo Keenan
12. Bundee Aki
13. Robbie Henshaw
14. Andrew Conway
15. Jacob Stockdale

Ionadaithe:

16. Dave Heffernan
17. Ed Byrne
18. Finlay Bealham
19. Ultan Dillane
20. Peter O’Mahony
21. Jamison Gibson-Park
22. Ross Byrne
23. Chris Farrell

Fág freagra ar 'Henshaw tagtha isteach in áit Ringrose agus athrú amháin déanta ar fhoireann na hÉireann'