Henshaw roghnaithe mar lánchúlaí ag Schmidt do chluiche mór an tSathairn in aghaidh Shasana

Níor roghnaíodh Henshaw mar lánchúlaí ar fhoireann na hÉireann le cúig bliana anuas ach sin an cúram a bheidh air nuair a thiocfaidh Sasana go dtí an Aviva tráthnóna Dé Sathairn

Henshaw roghnaithe mar lánchúlaí ag Schmidt do chluiche mór an tSathairn in aghaidh Shasana

Robbie Henshaw. Pictiúr: INPHO/Bryan Keane

Mar lánchúlaí a imreoidh Robbie Henshaw ar fhoireann rugbaí na hÉireann i gcoinne Shasana an deireadh seachtaine seo sa chéad chluiche ag na foirne i mbliana i gCraobh na Sé Náisiún.

Cé go raibh Rob Kearney ábalta dul i mbun traenála le cúpla lá anuas, níor imir fear Laighean ach trí chluiche ó bhuaigh na hÉireannaigh ar an Nua-Shéalainn mí na Samhna agus roghnaigh  Joe Schmidt Henshaw mar lánchúlaí ina áit.

Cé gur chaith Henshaw seal ag imirt mar lánchúlaí do Chúige Chonnacht agus gurbh ann a d’imir sé ina chéad chluiche d’Éirinn in 2013, is beag taithí atá aige san ionad sin le roinnt blianta anuas.

Cinneadh mór eile atá déanta ag Schmidt ná Josh van der Flier a roghnú in áit Sheáin O’Brien sa líne chúil. Bhris O’Brien a lámh agus é ag imirt i gcoinne na hAirgintíne mí na Samhna agus níl ach cúpla cluiche imeartha aige do Chúige Laighean ó tháinig sé ar ais ag deireadh na míosa seo caite.

Tá Jordi Murphy ag imirt ar fheabhas do chúige Uladh le cúpla mí anuas ach chinn Schmidt gurbh fhearr van der Flier a chur isteach ó thús an chluiche.

Tá áit ar an bhfoireann ag Jonathan Sexton cé nár imir an leathchúlaí amuigh ó dheireadh mhí na Nollag.

Tá Cian Healy, Rory Best agus Tadhg Furlong roghnaithe ag Schmidt sa líne thosaigh, Devin Toner agus James Ryan a bheidh taobh thiar díobh agus tá Peter O’Mahony agus CJ Stander in éineacht  le Josh Van der Flier sa líne chúil.

Is iad Conor Murray agus Sexton atá roghnaithe mar leathchúlaithe, Garry Ringrose agus Bundee Aki atá i lár páirce agus Keith Earls agus Jacob Stockdale atá ar na cliatháin.

Tar éis dóibh an ilchraobh a bhuachan in 2018, cuirfidh Éire tús le feachtas na bliana seo sa chluiche i gcoinne Shasana san Aviva Dé Sathairn ag 4.45pm.

Foireann na hÉireann v Sasana

R Henshaw, K Earls, G Ringrose, B Aki, J Stockdale; J Sexton, C Murray, C Healy, R Best, T Furlong, D Toner, J Ryan; P O’Mahony, J van der Flier, CJ Stander. Fir Ionaid: S Cronin, D Kilcoyne, A Porter, Q Roux, S O’Brien, J Cooney, J Carbery, J Larmour.

Fág freagra ar 'Henshaw roghnaithe mar lánchúlaí ag Schmidt do chluiche mór an tSathairn in aghaidh Shasana'

  • Páid Ó Donnchú

    Is féidir brath ar VDF. Larmour lag faoin cic ard faraor agus ar fáil má tá pointí ag teastáil. Láidreacht ag teastáil i lár na páirce in aghaidh Tuliaga.