‘Heileo! Heileo! Gaoth Dobhair anseo’ – an fear a thug sinn go dtí tobar na Gaeilge beo

Is maith agus is cuí go bhfuil clár le craoladh ar an BBC an deireadh seachtaine seo faoi Aodán Mac Póilin, Gael uasal

‘Heileo! Heileo! Gaoth Dobhair anseo’ – an fear a thug sinn go dtí tobar na Gaeilge beo

Beagnach daichead bliain ó shin a casadh Aodán Mac Póilin (1948-2016) orm. Bhí sé ina mhúinteoir Gaeilge ar Scoil Mhuire i mBéal Feirste agus thagadh sé isteach le ranganna comhrá a stiúradh agus muid i mbun A-leibhéal. Ba é an chéad duine a chraol ábhar dom ó Raidió na Gaeltachta, an t-am a raibh sé deacair an stáisiún a aimsiú sa chathair.

Ba ghnách leis téipeanna – cuir ceist ar mhamó cad is téip ann – ba ghnách leis téipeanna  a sheinm dúinn de chaint agus chomhrá as Gaeltacht Dhún na nGall. Chruinnigh muid thart ar an raidió mar a bheadh buíon de Maquis na Fraince ann le linn an dara cogadh domhanda le go gcluinfimis an soisceál aniar: ‘Heileo! Heileo! Gaoth Dobhair anseo.’

Sin tús an aistir agus na haithne; é ár dtabhairt a fhad le tobar na Gaeilge beo, é ag tabhairt orainn éisteacht go cruinn cúramach le cainteoirí dúchais, é ag cur lenár n-eolas agus le saibhreas ár gcuid cainte. Ní raibh sé ag iarraidh orainn bheith beadaí; bhí sé ag iarraidh orainn a thuigbheáil gurbh ann don Ghaeilge bheo agus go dtiocfadh linn í a fhoghlaim agus a fhoghlaim mar ba cheart.

Is minc a casadh orm ina dhiaidh sin é agus mé ar ollscoil sa chathair. Ní raibh an oiread sin daoine in iarthar na cathrach an t-am sin a raibh Gaeilge acu agus chónaigh Aodán agus Áine faoi chúpla céad slat de mo theach féin. Bhí an teach s’acusan lán leabhar agus is ann a casadh an file Padraic Fiacc orm nó bhí aithne acu beirt air. Níl fiacha orm a rá go bhfuair mé leabhair de chuid Fiacc ina dhiaidh sin agus gur thug siad ábhar machnaimh dom ó shin.

Bhí Aodán cineálta go leor le cúpla droch-ghearrscéal de mo chuid a léamh agus mé sna 20idí ar éigean; mhol sé a raibh le moladh agus léirigh sé a raibh lag iontu. Scríobh sé nóta dom, á rá go raibh “sracadh” ionam. Tá cuimhne agam air sin nó b’éigean dom an focal “sracadh” a aimsiú san fhoclóir. Agus mé ag déanamh rud beag oibre don iris Fortnight, d’iarr mé air alt a scríobh. Níl airgead ar bith agam, a dúirt mé leis. Ba chuma leis; scríobh sé an t-alt ina ainneoin sin.

Tá clú ar an fhear chrua sa Tuaisceart – ó, sea, is mór an moladh é a bheith crua – ach fear calma a bhí ann mar Aodán, sin ceann de na tréitheanna is mó a shamhlaím leis; bhí sé cróga. Bhí grá aige don Ghaeilge agus do chultúr; bhí a thuigse luachmhar féin aige ar an teanga agus ar a ról sa tsochaí. Rinne sé a dhícheall an ról sin a chomhlíonadh go hionraice coinsiasach i mórán réimsí agus leis an Iontaobhas ULTACH ach go háirithe, eagraíocht a rinne a dícheall an teanga a chur chun cinn ar bhonn trasphobail.

Níl Rian na gCos feicthe agam agus níl baint ná páirt agam leis. Ach tá mé ag súil go mór leis an léargas “ar fhear cliste cumasach comhaimseartha a d’fhág a rian ar shaol cultúrtha na hÉireann…”  agus ar an “cheannródaí ar chraoltóireacht, pleanáil agus ealaíona Gaeilge agus ina urlabhraí díograiseach maidir lena bhforbairt”.

Is fíor. Lena chois sin, is maith agus is cuí go bhfuil clár le craoladh faoi Aodán, atá maoinithe as ciste craoltóireachta a ndearna sé an oiread sin stocaireachta ar a shon.

Seo mé, sracadh ionam go fóill, agus buíoch de i gcónaí as an chomhairle agus as an chuidiú. Sea, is ceart go mbeadh cuimhne againn ar na gníomhartha móra poiblí ach tá éifeacht mhór leis an chineáltas bheag fosta – an t-alt a scríobhadh faoi chroí mór maith, an cúpla líne ar ghearrscéal amh agus, thar rud ar bith eile, an dea-shampla daonna.

– Craolfar Rian na gCos ar BBC2, Dé Domhnaigh 13ú Nollaig, ag 10.10 p.m.

Fág freagra ar '‘Heileo! Heileo! Gaoth Dobhair anseo’ – an fear a thug sinn go dtí tobar na Gaeilge beo'

  • alan titley

    An ceart ag Pól. Fear uasal déanta. An chuimhne agam air, go mbíodh sé de shíor ag gáire, nó ar a laghad go mbíodh geangháire leathan ar a aghaidh.

  • Siuán Ní Mhaonaigh

    Cailliúint mhór do phobal na Gaeilge. Fear lách, cineálta a raibh cuideachta ann.

  • Pat Butler

    Alt geanúil faoi Ghael dílis uasal. Gael calma, stuama, scópúil a bhain sú agus iontas as áilleacht na teangan féin – teanga a thuig sé go rí-mhaith a bhí mar oidhreacht ag an mórphobal iomlán, fiú munar tuigeadh an méid sin dóibh. Tuiscint, b’fhéidir, nach raibh ag cách san am.

    Is iomaí oíche ghealgháireach a chaitheas ina chomhluadar thall is abhus ag an bhFéile Scannán Ceilteach fadó.

    Ag tnúth go mór leis an clár…..

  • Uinseann

    Fuair mé an-taitneamh agus ardú meanman as an alt seo. Grma

  • Maire Ui Shithigh

    Is boichte pobal na Gaeilge ó d’imigh Aodán Mac Póilín uainn. Fear ionraic, léannta, spreagúil.