Hector ár mealladh i gcónaí agus é ag ardú a sheolta don cheathrú sraith déag 

Tá a chur chuige sainiúil féin ag Hector Ó hEochagáin é cuideachtúil agus deas ar chaint a mhealladh ó dhaoine go nádúrtha

Hector ár mealladh i gcónaí agus é ag ardú a sheolta don cheathrú sraith déag 

Deir suíomh TG4 linn gurb í seo an ceathrú sraith déag d’eachtraíocht taistil Hector. Fé mar a dúrt ar an suíomh seo cheana tá nasc chomh mór ag taistealfhear na hUaimhe le TG4 gur deacair sceideal TG4  a shamhlú dá cheal. An babhta seo, agus i ndiaidh a bheith sáinnithe sa mbaile ag an bpaindéim, tá sé ag ardú a sheolta go hoirthear na hEorpa (Balkans go Baltics, TG4, Déardaoin).

Thosaigh sé amach an tseachtain seo in Iostanbúl na Tuirce agus sna seachtainí atá amach romhainn déanfaidh sé a shlí ó thuaidh tríd an Bhulgáir, an tSeirbia, an Rómáin, an Pholainn, agus an Liotuáin sara mbainfidh sé ceann scríbe amach i Riga na Laitiva.

Turas 3,000 míle á chur os ár gcomhair sa tsraith seacht gclár seo. Gan amhras, mar is dual do chlár don saghas seo agus sraitheanna uile Hector, tá na haíonna ar fad ag labhairt as Béarla agus sí tráchtaireacht Hector a thugann an t-ionchur Gaeilge.

Tá a chur chuige sainiúil féin ag Hector agus cad é magadh is alfraitsíocht aige. Níl sárú fhear na Mí ann le caint a chur ar dhaoine; chaithfeadh sé a theanga ag caint. É cuideachtúil agus deas ar chaint a mhealladh ó dhaoine go nádúrtha. Tá sé breá in ann carúil a chaitheamh uaidh: “I am from Navan, the home of carpets,” a deir sé i margadh do rugaí cáiliúla na Tuirce, rugaí gur fiú breis is $100,000 cuid acu. Tugann sé turas ar ionad a dhéanann trasplandú gruaige; gnó a bhfuil borradh faoi sa chathair le blianta anuas. Go deimhin éiríonn leis dreas cainte a dhéanamh le cliant agus é ar tí obráide.

Ní fhéadfaí trácht a dhéanamh ar an gcathair sin gan labhairt faoi chúrsaí sacair agus baineann Hector súp as a bheith ag caint faoi Galatasaray, Beşiktaş agus Fenerbahçe. Bhaineas gáire as an ngreadadh suathaireachta a fuair sé i bhfolcadh Turcach. Ag an am céanna, áfach, éiríonn le Hector míreanna níos sollúnta a láimhseáil chomh maith.

Tráchtann sé go tuisceanach ar chogadh fuilteach Gallipoli mar ar maraíodh tuairim is 1,000 Éireannach; ‘Ireland’s D-Day’, faoi mar a thug staraí amháin air. Cuileachta agus spraoi sa dúluachair.

N’fhéadfainn an colún seo a scaoileadh tharam gan trácht a dhéanamh ar an scannán Arracht a bhí feiscint don chéad uair ar TG4 aréir Oíche Shamhna. Chuaigh an saothar go mór i bhfeidhm orm nuair a chonac é mí Dheireadh Fómhair seo caite. Saothar stuifiúil eile ó scéim rathúil Cine4. Déantar cíoradh anseo ar eispéireas fear aonair i gConamara i rith an Ghorta Mhóir ar shlí ealaíonta, ach réalaíoch. Is é taispeántas Dhónaill Uí Héalaí máithreacha an scannáin agus tugann sé ceann de na taispeántais scáileáin i nGaeilge is fearr riamh. Go deimhin tá sé inchurtha lena bhfaighfeá in aon teanga.

Fág freagra ar 'Hector ár mealladh i gcónaí agus é ag ardú a sheolta don cheathrú sraith déag '