Harte agus Gavin ag prapáil do chath na mbó maol ar an Ómaigh

Beidh peileadóirí Átha Cliath agus Thír Eoghain ag iarraidh cluiche an lae inniu a bhuachan ach beidh na cluichí móra atá le teacht ar a n-intinn chomh maith

Harte agus Gavin ag prapáil do chath na mbó maol ar an Ómaigh

Mickey Harte agus Jim Gavin. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Tír Eoghain v Áth Cliath – Páirc Uí Éilí, 4.00pm

Tá áit bainte amach ag Tír Eoghain agus Áth Cliath i gcluichí leathcheannais na craoibhe cheana féin, rud a fhágann gur sórt cath na mbó maol a bheidh sa chluiche seo.

Is beag a chuirfidh sé isteach ar Jim Gavin ná ar Mickey Harte cén fhoireann a dtabharfaidh siad aghaidh uirthi an deireadh seachtaine seo chugainn agus d’fhéadfadh pé acu foireann a chríochnóidh ar bharr Ghrúpa 2 a bheith faoi mhíbhuntáiste agus iad ag dul chun páirce sa chéad chluiche leathcheannais faoi cheann sé lá.

Tá seans ann chomh maith go mbeadh ar na foirne seo aghaidh a thabhairt ar a chéile arís sa chluiche ceannais agus beidh na bainisteoirí, agus Mickey Harte go háirithe, ag iarraidh cúpla mámh a choinneáil sa mhuinchille. Dá ndéanfadh Tír Eoghain a míle dícheall ar an Ómaigh tráthnóna agus dá gcaillfidís, ba mhór an buille a bheadh ann dóibh.

D’imir Áth Cliath i gcluiche gan tábhacht i gcomórtas an tSárochtair anuraidh nuair a thug siad aghaidh ar Ros Comáin sa bhabhta deireanach. Thapaigh Jim Gavin an deis scíth a thabhairt do roinnt imreoirí agus deis a thabhairt d’imreoirí eile nach raibh an oiread sin imeartha acu.

Tá gach seans ann go ndéanfaidh sé an rud céanna i mbliana. Beidh Áth Cliath ag iarraidh an cluiche a bhuachan ach má tá gortú nó anó ar aon imreoir, ní chuirfidh Gavin sa mbearna bhaoil iad.

Tá cúpla áit ar an bhfoireann fós le socrú agus seo é an seans deireanach a bheidh ag imreoirí áirithe áit a bhaint amach. Breathnaíonn sé go bhfuil Dean Rock imithe chun tosaigh ar Chormac Costello arís agus d’fhéadfadh athrú eile a bheith sa líne lánchúil fós.

Údar spéise an dtabharfar deis do Dhiarmuid Connolly. Tá fear Naomh Uinsionn ar ais ag traenáil le hÁth Cliath le thart ar thrí seachtaine anois agus mura bhfeictear ar an bpáirc tráthnóna é, is beag seans go bhfeicfidh muid ar chor ar bith é sna cluichí móra atá le teacht.

Beidh an dá fhoireann ag iarraidh cluiche an lae inniu a thabhairt leo ach b’fhéidir nach mbeidh siad ar a míle dícheall agus dúshláin níos tábhachtaí amach rompu.

Rogha Tuairisc.ie: Áth Cliath

Imreoir Chorcaí, Ian Magauire. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Corcaigh v Ros Comáin – Páirc Uí Rinn, 4.00pm

Is ait an scéal é go bhfuil cluiche idirchontae á imirt mí Lúnasa nach bhfuil tábhacht dá laghad ag baint leis agus is amhlaidh a bheidh i bPáirc Uí Rinn tráthnóna agus Corcaigh agus Ros Comáin ag tabhairt aghaidh ar a chéile.

Ó tharla gur chaill an dá fhoireann seo a gcuid cluichí i gcomórtas an tSárochtair go dtí seo, níl siad san iomaíocht chun áit a bhaint amach sna babhtaí leathcheannais. Caithfidh siad cluiche an lae inniu a imirt ach is cur amú ama atá ann i ndáiríre.

Tar éis dóibh taispeántais mhaithe a thabhairt i gcoinne Átha Cliath agus arís in aghaidh Thír Eoghain, beidh Corcaigh ag iarraidh cluiche an lae inniu a bhuachan mar luach saothair ar a gcéad bhliain i measc an tSárochtair agus ar an dea-obair atá déanta acu i gcraobh na bliana seo.

Bhí lucht peile Chorcaí in ísle brí san earrach nuair a díbríodh iad go Roinn 3 na sraithe ach b’údar misnigh ina gcuid imeartha sa chraobh.

Is in olcas atá rudaí imithe do Ros Comáin le mí anuas. Tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Mhaigh Eo agus ar Ghaillimh chun craobh Chonnacht a bhuachan, bhí cuma na maitheasa ar fhoireann Anthony Cunningham. Den dara bhliain as a chéile, áfach, thit an tóin astu i gcomórtas an tSárochtair agus is cosúil nach ag laghdú atá an bhearna idir iad féin agus na foirne is fearr sa tír.

Ní bheidh aon bhrú ar na foirne tráthnóna agus d’fhéadfadh go mbeadh cluiche oscailte againn le go leor scóranna againn. Is fánach an sólás a thabharfaidh bua sa chluiche seo don bhuaiteoir mar sin féin.

Rogha Tuairisc.ie: Ros Comáin

Fág freagra ar 'Harte agus Gavin ag prapáil do chath na mbó maol ar an Ómaigh'