Hardy sna Táin mar gheall ar a rólanna i Legend

Is iad na taispeántais ó Tom Hardy an chúis is mó go bhféachfá ar an saothar is déanaí faoi na deartháireacha Kray

SHOWBIZ Krays 185737

Legend
Stiúrthóir/Scríbhneoir: Brian Helgeland
Cliar: Tom Hardy, Emily Browning, Taron Egerton, Paul Bettany, David Thewlis, Chazz Palminteir

B’iad deartháireacha Kray ‘prionsaí’ na coiriúlachta i Londain i ndeireadh na gcaogadaí agus sna seascaidí. Ghin a ngníomhartha foréigneacha agus pearsantachaí ar leith miotaseolaíocht dá gcuid féin. Tháinig meirg ar chuid de na seanscéalta seo tar éis scaithimh agus “bhí a bhréag féin ag gach duine fúthu,” faoi mar a deir tráchtaire an scannáin linn ag an tús.

Dá fhad a théann an madra rua, beirtear sa deireadh air agus b’amhlaidh a bhí leis an mbeirt seo a chaith blianta i bpriosún. Cailleadh Ron ann agus bhásaigh Reggie go gairid tar éis a shaortha. Mhair a gcáil i gcónaí, áfach. Agus The Profession of Violence: The Rise and Fall of the Kray Twins le John Pearson mar amhábhar aige, déanann Helgeland a léamh féin ar na pearsana seo agus an tréimshe chorraitheach inar mhair said.

Ní chaitear aon am le hóige na ndeartháireacha mar, ar an gcéad luí súl, táid cheana féin ina máistrí ar bhundún thoir Londain, mar aon le bheith in adharca bhuíon coirpeach Riachardson ó dheisceart na cathrach. ‘Sé Reggie (Hardy) an deartháir is caithisí acu, é dathúil, deisbhéalach agus mealltach. Tá a dheartháir Ron (Hardy arís) glan scuabtha as a mheabhair. Is é an cíoradh ar phearsantachtaí na beirte mar aon leis an léargas a thugtar ar an gcaidreamh eatarthu agus ar bhean Reggie, Frances (Browning), máithreacha an scannáin.

‘Sí Frances a thugann comhthéacs dos na heachtraí lena tráchtaireacht ócáideach. Is deas mar a chuireann sí síos ar an tslí gur éirigh leis an gcúpla seo a mbealach a ghuailleáil isteach i gcomhluadar na bpiardaí móra, á rá go bhfuil tréithe i gcoitinne ag coirpigh agus lucht an uaslathais; iad araon lofa le hairgead, díomhaoin, iad santach agus mímhorálta.

Ní chuirtear fiacal sa léiriú a dhéantar ar bhrúidiúlacht na ndeartháireacha cé go bhfuil an greann dóite fite fuaite le crústálacha brúidiúla. Is buaicphointe foréigin agus grinn é an radharc sa teach tábhairne agus riastradh ag teacht ar Ron. É díomách nach bhfuil a gcéilithe comhraic prapáilte chun troda mar is cóir.

De ghnáth, ní bhím róthógtha leis an aisteoir céanna a bheith ag tabhairt

faoi dhá ról in aon scannán, go mórmhór nuair is carachtair lárnacha atá i gceist. Ar a shon sin, tugann Hardy taispeántas den scoth uaidh agus dá bhféadfaí ainmniúchán Oscar amháin a thabhairt do dhá ról, is cinnte go mbeadh Hardy ar thosach cadhnaíochta ar oíche na ndeilbhíní.

Déantar dearmad tar éis scaithimh gurb é an t-aisteoir céanna atá sa dá ról, gaisce dochreidte nuair a chuimhnítear go raibh an dá charachtar ar scáileán le chéile chomh minic sin. Tá teacht i láthair fisiciúil ag Hardy, tréith gur baineadh sochar as in The Dark Knight Rises (2012) agus Mad Max: Fury Road (2015). Úsáideann sé a fhisciúlacht go paiteanta anseo le carachtair bhagarthacha, dhainséaracha a léiriú dúinn.

Is carachtar greanntraigéideach é Ron a bhfuil scitsifréine pharanóideach air, é leanbaí agus dainséarach in éineacht. Is fear gnó é Reggie atá uaillmhianach agus foréigeanach nuair a oireann dó agus don chúram.

Is iad na taispeántais seo ó Hardy an chúis is mó go bhféachfá ar an saothar seo.

Fág freagra ar 'Hardy sna Táin mar gheall ar a rólanna i Legend'