‘Hamlet d’uireasa an phrionsa’ – Delaney ina thost ag Coiste Oireachtais

Ba ar Uachtarán an FAI Donal Conway a thit sé diancheisteanna Choiste Spóirt an Oireachtais a fhreagairt inniu tar éis do John Delaney a rá nach bhféadfadh sé aon phlé a dhéanamh faoin iasacht a thug sé don chumann in 2017

‘Hamlet d’uireasa an phrionsa’ – Delaney ina thost ag Coiste Oireachtais

Dúirt Teachta Dála amháin inniu gurb amhlaidh gurb é an toradh a bheadh ar chruinniú sé uair a chloig Choiste Oireachtais an Spóirt leis an FAI ná go ndaingneofaí an tsoiniciúlacht atá ar dhaoine faoin bpróiseas polaitiúil agus an cumann sacair.

Níorbh í Ruth Coppinger amháin a bhí den tuairim sin i ndiaidh chruinniú an lae inniu i dTithe an Oireachtais, mar a raibh iar-phríomhfheidhmeannach an FAI John Delaney agus feidhmeannaigh eile le ceistiú faoin iasacht €100,000 a thug Delaney don chumann in 2017.

D’fhan Delaney ina thost ar feadh fhormhór na héisteachta áfach. Dúirt sé go raibh comhairle dlí faighte aige gan aon cheisteanna a fhreagairt faoin tréimhse a chaith sé mar phríomhfheidhmeannach ar an FAI nó faoin iasacht €100,000.

“De réir comhairle dlí, tá cosc orm aon trácht dhíreach nó indíreach a dhéanamh ag an éisteacht seo ar chúrsaí airgeadais an chumainn, ar an ról a bhíodh agam mar Phríomhfheidhmeannach, ná ar an iasacht €100,000,” a dúirt Delaney agus ráiteas á léamh amach aige.

Dúirt Delaney go raibh súil aige go dtuigfí a sheasamh i bhfianaise na ráitis dhíobhálacha, dar leis, a rinne baill den choiste go poiblí faoi féin le tamall.

Luaigh sé chomh maith an breithiúnas cúirte a rinneadh le déanaí faoin gceistiú a rinneadh ar Angela Kerins ag Coiste Oireachtais.

Léirigh an Coiste míshástacht leis an FAI toisc nár tugadh dóibh ráiteas Delaney roimh ré agus toisc nach raibh sé sásta na ceisteanna uile a bhí ag an gCoiste a fhreagairt.

“Tá na tUasal Delaney anseo go fisiciúil agus é slán dá bharr ach seo againn Hamlet d’uireasa an prionsa,” a dúirt an Teachta Dála Ruth Coppinger.

“Is mór an náire an tslí ar iompair an t-iar-phríomhfheidhmeannach é féin,” a dúirt Teachta Dála Shinn Féin Imelda Munster. “Magadh atá ar siúl anseo. Céard  atá ag tarlú anseo? An t-aon rud maith faoi ná go bhfeiceann an pobal amuigh ansin a bhfuil ag tarlú.”

Dúirt Munster go dtapódh mórán daoine eile an deis soiléiriú a dhéanamh faoi chúrsaí i gcás mar seo ach nárbh amhlaidh ag Delaney.

D’fhan Delaney féin ina thost den chuid is mó agus fágadh faoi Uachtarán an FAI, Donal Conway, formhór na gceisteanna a fhreagairt.

Mhínigh Conway go raibh fadhb airgeadais ag an FAI mí Aibreán 2017 agus gur fhógair John Delaney ag cruinniú airgeadais inmheánach ar an 25 Aibreán go raibh sé sásta iasacht a thabhairt don chumann.

Íocadh an seic sin leis an FAI taobh istigh de chúpla lá agus aisíocadh Delaney ar an 16 Meitheamh 2017. Ní raibh ús ná táillí le híoc ar an iasacht.

Mhínigh Conway nach raibh ach triúr ar bhord an FAI ar an eolas faoin iasacht, Delaney agus beirt eile.

Níor cuireadh na baill eile den bhord ar an eolas faoin iasacht go dtí an 4 Márta 2019 tar éis don nuachtán The Sunday Times an scéal a fhiosrú.

Dúirt Eddie Murray, Cisteoir Oinigh an FAI agus ball den bhord, go raibh sé ”míshásúil” nár cuireadh ar an eolas é faoin iasacht sular chuir sé a ainm le cuntais an FAI do 2017, ach mheas sé nár baineadh dá údarás dá bharr.

Nuair a cuireadh ceist ar Murray cé mhéad cuntas banc a bhí ag an FAI, mhaígh sé nach raibh ach ceann amháin acu. Níos deireanaí sa chruinniú, deimhníodh go raibh 24 cuntas bainc in úsáid ag an FAI.

Fógraíodh i mí an Mhárta go raibh Delaney le héirí as mar phríomhfheidhmeannach agus go raibh sé le ceapadh i ról nua mar leasuachtarán feidhmiúcháin. Rinneadh an cinneadh sin mar thoradh ar thuairisc a rinne Jonathan Hall Associates agus tugadh le fios tráthnóna gur coimisiúnaíodh an tuairisc sin an tráth céanna go raibh The Sunday Times i mbun fiosrúcháin faoin iasacht.

D’fhógair Spórt Éireann inné go raibh siad chun maoiniú a choinneáil siar ón FAI.

Nuair a d’fhiafraigh an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Robert Troy de thoscairí an FAI an mbeadh an bord sásta éirí as a gcuid gcúraimí chun an maoiniú sin a fháil ar ais, dúirt Conway, “Ní chuirfimid maoiniú Sport Éireann i mbaol. Déanfaimid pé gníomh is gá.”

Ba léir áfach nach raibh sé i gceist ag na baill a bhí os comhair an Choiste inniu éirí as ag an bpointe seo. Ach oiread le Delaney tabharfaidh siad na cosa leo, ar feadh tamaill eile ar a laghad.

Fág freagra ar '‘Hamlet d’uireasa an phrionsa’ – Delaney ina thost ag Coiste Oireachtais'