Cúpla mír seoigh i measc na seafóide in Halal Daddy

LÉIRMHEAS SCANNÁIN: Moslamach de bhunadh na hIndia ó Bradford ag bualadh faoi i Sligeach agus ag cabhrú lena athair coimeádach seamlas halal a oscailt. Go deimhin bhí an coincheap bunaithe ar eachtraí a tharla i ndáiríre; na seamlais a d’oscail Sher Mohammad Rafique ar fud na hÉireann ó 1974 i leith

Cúpla mír seoigh i measc na seafóide in Halal Daddy

Stiúrthóir/Scríbhneoir: Conor McDermottroe

Cliar: Nikesh Patel, Sarah Bolger, Colm Meaney, Art Malik, Deirdre O’Kane

Sraith grinn/coiriúlachta é Lilyhammer a chuireann coirpeach le Steve Van Zandt (Sil ó The Sopranos) chuig an Iorua ar a theitheadh. Sraith réasúnta cumasach atá ann ach tháinig conach beag orm i gcónaí nuair a bhínn ag féachaint air. An rud a bhíodh ag dó na geirbe agam ná nár deineadh in Éirinn é. Dar liom go bhfuil meon na hÉireann, lena dheisbhéalaíocht, acmhainn grinn, tíriúlacht agus saontacht ana oiriúnach don táirge a bheadh bunaithe ar an gcaismirt chultúrtha. Nach shin é a dhein seoid bheag de The Guard?

Bhí beagán uisce lem chuid fiacla nuair a chonac Halal Daddy chugainn. Moslamach de bhunadh na hIndia ó Bradford ag bualadh faoi i Sligeach agus ag cabhrú lena athair coimeádach seamlas halal a oscailt. Go deimhin bhí an coincheap bunaithe ar eachtraí a tharla i ndáiríre; na seamlais a d’oscail Sher Mohammad Rafique ar fud na hÉireann ó 1974 i leith.

An an dris chosáin is mó atá roimh shaothair den sórt seo ná go dtéitear rófhada i dtreo na seafóide agus na geamaireachta. Cé go dtéann an táirge seo rófhada amach ón gcairt ar uairibh déantar cúpla mír seoigh a sholáthar.

Saghas rom-com atá againn seo chomh maith agus an bheirt cheann feadhna i bpíopáin a chéile agus ag breith barróga ar a chéile de shíor. Tar éis tamaill tá an chaismirt chultúrtha fágtha in áit na leathphingine agus is mór an trua sin. Gan amhras bíonn an mhíthuiscint mar mháithreacha leis an rom com i gcónaí agus bhí an ceann anseo ana leanbaí.

Fan na slí déantar iarracht cíoradh a dhéanamh ar cheist na féiniúlachta; Raghda ag maíomh nach bhfuil sé ar shuaimhneas in aon áit agus a chara (gur de bhunadh na hAfraice é) ag rá go neamhbhalbh leis an gcomhluadar gurb é an t-aon duine acu a rugadh i Sligeach. Is go cuíosach a éiríonn leis an gcuid seo den scannán.

An bua is mó atá ag an saothar seo ná an cliar iontach atá earcaithe. Tugann Patel taispeántas ábalta, stuama uaidh mar an mac atá ag imeacht le haer an tsaoil agus in adharca a athar. Níl sárú Colm Meaney ann leis an gciotrúntacht a chniotáil leis an deisbhéalaíocht agus greann. Tugann Malik agus O’Kane beocht agus nádúrthacht dá gcarachtair gheanúla. Beireann Sarah Bolger barr bua ar gach duine eile, áfach.  Ba léir óna taispeántas in In America (2002) agus The Tubdors (2007) gur aisteoir faoi leith í ach léiríonn a taispeántas anseo go bhfuil sí tagtha chun coinlíochta agus breá in ann tabhairt faoi réimse rólanna. Is aici atá cuid de na radharcanna is fearr agus éiríonn léi an ceann is fearr a fháil ar an scríbhinn nuair a théann sé ar seachrán.

Fág freagra ar 'Cúpla mír seoigh i measc na seafóide in Halal Daddy'