‘Guth binn, guth faoi leith’ – Caitlín Ní Chualáin ceaptha ina hAmhránaí Cónaitheach Sean-nóis in OÉ, Gaillimh

As an Teach Mór Thiar, in Indreabhán i nGaeltacht Chonamara do  Chaitlín Ní Chualáin a bhuaigh Corn Uí Riada, príomhghradam an tsean-nóis in Éirinn, in 2016

‘Guth binn, guth faoi leith’ – Caitlín Ní Chualáin ceaptha ina hAmhránaí Cónaitheach Sean-nóis in OÉ, Gaillimh

Tá Caitlín Ní Chualáin, an craoltóir agus amhránaí aitheanta, ceaptha ina hAmhránaí Cónaitheach Sean-nóis in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Is as an Teach Mór Thiar, in Indreabhán i nGaeltacht Chonamara do  Chaitlín Ní Chualáin a bhuaigh Corn Uí Riada, príomhghradam an tsean-nóis in Éirinn, in 2016. Bhuaigh sí comórtas na mban ag Oireachtas na Gaeilge trí huaire.

Bhuaigh a hathair, Máirtín Pheaits Ó Cualáin Comórtas na bhFear ag an Oireachtas faoi dhó i 1944 agus arís sa bhliain 2001. Tá Caitlín pósta le Greg Ó Braonáin agus seachtar clainne orthu.

Tá aithne mhór uirthi chomh maith mar chraoltóir agus léiritheoir le RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Is iad na hamhráin is mó atá luaite léi ná ‘Loingseach Bhearna’ a d’fhoglaim sí óna hathair agus ‘Amhrán na mBuachaillí Bána’. 

Chuir an Dr Méabh Ni Fhuartháin ó Ionad Léann na hÉireann fáilte mhór roimh an gceapachán.

“Táimid thar a bheith sásta go mbeidh Caitlín Ní Chualáin linn mar amhránaí cónaitheach i mbliana. Tá guth fé leith ag Caitlín, guth atá sonrach agus binn ag an am céanna, agus ceangailte go láidir sa traidisiún thart uirthi. Is deis iontach é do na mic léinn agus dóibhsean ar fad a bheidh ag foghlaim uaithi anseo san Ollscoil.” 

Beidh sraith ceardlann á múineadh ag an amhránaí cónaitheach nua san Ollscoil agus beidh a cuid amhrán á dtaifeadadh aici don chartlann sean-nóis in Ionad Léann na hÉireann.

Fág freagra ar '‘Guth binn, guth faoi leith’ – Caitlín Ní Chualáin ceaptha ina hAmhránaí Cónaitheach Sean-nóis in OÉ, Gaillimh'