Gúna pósta Lady Di – an rún faisin a ba mhó riamh…

Chabhraigh an gúna cáiliúil sin le banphrionsa síscéil a dhéanamh den bhantiarna Diana Spencer

Gúna pósta Lady Di – an rún faisin a ba mhó riamh…

Is cosúil gur ábhar cainte amháin a bhí acu siúd gur suim leo cúrsaí faisin agus ag cuid mhaith de phobal an domhain mhóir cothrom an ama seo 35 bliain ó shin – an gúna a chaith an Bhantiarna Diana Spencer nuair a phós sí an Prionsa Charles in Ardeaglais Naomh Pól, Londain, ar an 29 Iúil 1981.

Deirtear faoi go raibh dearadh an ghúna pósta ar an rún faisin ba mhó riamh. Bhreathnaigh 700 milliún duine ar shearmanas an phósta féin ar an teilifís ar fud an domhain agus níl dabht ar bith ach gurbh í réalta faisin a linne í.

Ní raibh sé i gceist ag an mbantiarna go bhfeicfí an gúna go poiblí ar ór ná ar airgead go dtí go suífeadh sí isteach sa gcóiste gloine a thabharfadh í féin agus a hathair go dtí an Ardeaglais. Dá bharr sin, rinneadh chuile chúram a d’fhéadfaí le rúndacht an dearaidh a chosaint agus chuadar níos faide ná sin fiú; bhí dearadh déanta ar an ‘dara’ gúna pósta a bhí difriúil ar fad agus a chaithfeadh an bhrídeog dá sceithfí an rún faoin ‘chéad’ ghúna.

Lánúin óg, David agus Elizabeth Emanuel, a raibh cáilíochtaí bainte amach acu beirt mar dhearthóirí faisin ón Royal College of Art, a roghnaigh an bhrídeog lena gúna a dhéanamh. As síoda ar dhath an eabhair le tafata agus lása seanda de chuid Charraig Mhachaire Rois a rinneadh gúna na bainise ar a raibh 10,000 péarla agus seacain. Bhí triopall brídeoige 25 troigh ar fad ag sileadh siar ón ngúna féin.

Deirtear gur £9,000 a bhí mar chostas air, suim shuntasach go maith 35 bliain ó shin.

Maidin na bainise, tugadh cuntas iomlán i scríbhinn ar an ngúna agus ar an bhfeisteas a bheadh á chaitheamh ag na mná eile ó theaghlach ríoga na Breataine i gclúdaigh litreacha do na hiriseoirí a bhí ar dualgas don ócáid ach bhí lánchosc orthu na litreacha sin a oscailt go dtí go dtiocfadh an bhantiarna an doras amach as Clarence House chuig an gcóiste a thabharfadh chun na hArdeaglaise í.

Laistigh d’uaireanta a chloig bhí macasamhla ghúna na brídeoige á dtáirgeadh ar fud an domhain agus éileamh dochreidte ag mná a bhí le pósadh go mbeadh macasamhail ghúna Bhanphrionsa na Breataine Bige orthu féin ar a lá mór. 

Ar ndóigh, bhain na dearthóirí David agus Elizabeth Emanuel cáil amach go hidirnáisiúnta agus bhí an oiread tóir orthu le gúnaí pósta a dhearadh gur dheacair dóibh a chur ina luí ar an  bpobal go raibh suim acu i ndearadh faisin de chineálacha eile freisin.

Roghnaigh an bhantiarna iad go pearsanta as measc dearthóirí cáiliúla an domhain mhóir don ghúna pósta mar go raibh oiread cion aici ar bhlús a dhear siad di tamall roimhe sin.

Ón uair gur fógraíodh i Márta 1981 gurbh iad a dhéanfadh an gúna cuireadh dallóga dorcha ar fhuinneoga an tsiopa a bhí acu ar Brooke Street i Londain agus fostaíodh gardaí slándála ar eagla go ndéanfadh gadaithe iarracht eolas faoin ngúna a ghoid do nuachtáin a d’íocfadh suim mhaith airgid ar a leithéid.

Cúig mhí a caitheadh ar dhéanamh an ghúna agus is cosúil go raibh obair fós ar siúl air an oíche roimh an bhainis. Bhí fadhb mhór ag na dearthóirí mar gur choinnigh an bhrídeog ag cailliúint meáchain de bharr an tinnis búilime a bhí ag dul di ag an am sin. Deirtear go ndeachaigh sí ó thomhas 14 go dtí 10 in imeacht an ama a raibh lucht an ghúna i mbun oibre.

Tá an gúna cáiliúil féin le feiceáil fós i dtaispeántas ag Teach Althorp, baile dúchais mhuintir Spencer i Northampton, Sasana.

Dúirt David agus Elizabeth Emanuel go raibh sé mar aidhm acu gúna a chruthú ‘that was going to go down in history, but also something that Diana loved’, agus go mbeadh sé ‘suitably dramatic in order to make an impression’.

D’éirigh leo sin a dhéanamh agus chabhraigh an gúna sin a chonaic an domhan mór den chéad uair cothrom an ama seo 35 bliain ó shin le banphrionsa síscéil a dhéanamh den bhantiarna Diana Spencer. 

Fág freagra ar 'Gúna pósta Lady Di – an rún faisin a ba mhó riamh…'