Guí an aistritheora – a Naomh Iaróm, fóir orainn!

FRIOTAL: Ní bhíonn an t-aistriúchán choíche sa nuacht ach le linn conspóid éigin cosúil leis an gceann faoin bhfoclaíocht Ghaeilge a úsáidfear i reifreann mhí na Bealtaine i dtaobh pósadh comhghnéis

37.256

Ach oiread le lucht ceirde ar bith eile, tá ár naomhphátrún féin againne, aistritheoirí, mar atá, Naomh Iaróm. Ní heol dom go bhfuil paidir faoi leith ann a chuirfeadh aistritheoir cráite ina láthair, ach molaimse an rann seo:

“Many critics, few defenders

translators have but two regrets:

when they hit no one remembers

and when they miss no one forgets.”

Nó mo leagan beag Gaeilge:

“Lochtú minic, moladh annamh

mar sin is cás don aistritheoir:

sa leagan glic ní chuirtear sonrú

ach beidh trácht ar thuaiplis go deo na ndeor.”

Ní bhíonn an t-aistriúchán choíche sa nuacht ach le linn do cholúnaithe a bheith ag clamhsán faoina chostas (mar a bhí i gcás leabhrán úd na gCoimisinéirí Ioncaim) nó le linn conspóid éigin faoi chaighdeán nó faoi chruinneas.

An chonspóid is deireanaí ná an fhoclaíocht Ghaeilge a úsáidfear i reifreann mhí na Bealtaine i dtaobh pósadh comhghnéis. Iarrfar ar vótálaithe guth a chaitheamh i leith na ceiste Béarla (Marriage may be contracted in accordance with law by two persons without distinction as to their sex.) nó i leith na ceiste Gaeilge (Féadfaidh beirt, cibé acu is fir nó mná iad, conradh a dhéanamh i leith pósadh de réir dlí.)

Más fíor do Bruce Arnold, iriseoir, tá an méid seo de locht ar an téacs Gaeilge: luaitear ‘beirt’ agus uimhir iolra na bhfocal ‘fear’ agus ‘bean’ ar shlí a thugann le fios gur beirt fhear nó gur beirt bhan a chaithfeas a bheith ann. Níl sé ráite go sonrach go bhféadfaidh beirt ar fear agus bean iad pósadh ar a chéile. Dá bhrí sin, is é an pósadh comhghnéis an t-aon phósadh a bheidh ceadaithe má dhéantar Bunreacht na hÉireann a leasú ar an chaoi seo.

Ar an chéad amharc, déarfá go bhfuil dealramh ar argóint Arnold. Is duine é atá go láidir i gcoinne cead pósta a thabhairt do lánúineacha homaighnéasacha, ach ní bhréagnaíonn sin é. An fhírinne choíche: tá débhríocht éigin sa téacs Gaeilge.

Dá mbeadh sé le haistriú agam féin do bhrúghrúpa aerach, is dócha go scríobhfainn ‘Féadfaidh beirt ar bith, cuma faoi inscne, conradh a dhéanamh i leith pósadh de réir dlí.’ Ach ní jab beag do chustaiméir príobháideach é seo – is leasú ar an Bhunreacht é, agus ní mór na fasaigh a chur san áireamh.

Tharla go bhfuil ‘cibé acu is fir nó mná iad’ sa Bhunreacht cheana (Alt 16.1.2) agus go bhfuil an focal ‘beirt’ in úsáid chun tagairt do phéirí nach aonad iad, ach indibhidí. Ní gá, mar sin, gur fir amháin a bheadh i mbeirt ar bith, ná mná amháin ach oiread. Má tá débhríocht féin sa téacs Gaeilge, ní dócha go mbeidh sé thar chumas na gCúirteanna an bhrí cheart a fhuascailt. 

B’iontach leat an flosc a bhíonn ar dhaoine aistriúchán a lochtú gan a chomhthéacs a chur san áireamh. A Naomh Iaróm, fóir orainn!

Tá Antain Mac Lochlainn ina eagarthóir ar an suíomh áiseanna Gaeilge www.aistear.ie.

Fág freagra ar 'Guí an aistritheora – a Naomh Iaróm, fóir orainn!'

  • Vincent Morley

    Ach ní féidir “sex” a aistriú mar “inscne”. Téarma bitheolaíochta is ea “sex” – cé acu a bhfuil x-chrómasóm nó y-chrómasóm ag duine. Téarma síceolaíochta nó socheolaíochta (nó gramadaí) is ea “inscne”. Is é “gnéas” an focal a theastódh sa chás seo.

  • Eoin P.

    inscne? Bítear ag cáineadh daoine as sin a úsáid in ái t’cineál’ An féidir go bhfuil sé ceart mar sin féin?

  • Antain Mac Lochlainn

    A Vincent – i gcead duit tá ‘inscne’ in úsáid go coitianta chun ‘gender’ a chur in iúl, agus ní i gcomhthéacs na gramadaí amháin. Seo sainmhíniú ar ‘gender’: ‘any of the categories such as masculine or feminine, the state of being male or female.’ Deamhan locht air sin in aistriúchán neamhoifigiúil den chineál a luaigh mé thuas.

    • Vincent Morley

      Nach raibh tú ag iarraidh Gaeilge a chur ar an leagan Béarla den leasú bunreachta – leagan a úsáideann an téarma “sex”?

      Ní hionann in aon chor “sex” agus “gender”. Baineann an chéad cheann leis an mbitheolaíocht; baineann an dara ceann le sícé an duine agus leis an gcultúr. Seo mar a mhíníonn an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO) an difríocht (maith dom an Béarla):

      “Sex” refers to the biological and physiological characteristics that define men and women.
      “Gender” refers to the socially constructed roles, behaviours, activities, and attributes that a given society considers appropriate for men and women.
      To put it another way:
      “Male” and “female” are sex categories, while “masculine” and “feminine” are gender categories.
      Aspects of sex will not vary substantially between different human societies, while aspects of gender may vary greatly.

      Féach:
      https://www.who.int/gender/whatisgender/en/

      • Antain Mac Lochlainn

        Nach raibh tú ag iarraidh Gaeilge a chur ar an leagan Béarla den leasú bunreachta – leagan a úsáideann an téarma “sex”?

        A Vincent, a chara. Ní raibh. Is é atá sa leagan thuas ná malairt friotail a tharraing mé orm – ‘gender’ in ionad ‘sex’ – mar a bheadh cead ag aistritheoir a dhéanamh i gcás téacs neamhoifigiúil. Bun agus barr an ailt ná go mbíonn a chomhthéacs féin ag gach aistriúcháin, agus nach mbeadh sé de rogha ag aistritheoirí a bheadh ag plé le téacs an Bhunreachta malairt friotail a úsáid.

        ‘Dá mbeadh sé le haistriú agam féin do bhrúghrúpa aerach…Ach ní jab beag do chustaiméir príobháideach é seo – is leasú ar an Bhunreacht é, agus ní mór na fasaigh a chur san áireamh.’

  • philip

    Ós rud é nach bhfuil ‘pósadh’ de shórt ar bith sainithe sa Bhunreacht mar atá sé, ní gá ach an abairt seo a chur isteach ann: ‘Féadfaidh beirt conradh a dhéanamh i leith pósadh de réir dlí.’ [Fág an ‘gnéas’ amach as … mar a tharlaíonn i ndiaidh pósadh cibé ar bith.]

    Sílim féin go mbeadh sé neamhbhunreachtúil reifreann a bheith ann ar an cheist seo ar chor ar bith de bharr an ailt seo sa Bhunreacht:
    ‘Ós ar an bPósadh atá an Teaghlach bunaithe gabhann an Stát air féin coimirce faoi leith a dhéanamh ar ord an phósta agus é a chosaint ar ionsaí.'[41.3]