Guantanamó an HSE – Dialann ocht n-uaire déag ó Rannóg Éigeandála agus Timpistí

Easpa codlata, sárú dínite, tart, faitíos, teas marfach, náiriú agus uirísliú, solas scéiniúil, torann síoraí agus ag breathnú ar fhulaingt daoine eile agus iad á gciapadh – Guantanamó nó ionad Éigeandála agus Timpistí…

18/1/2013 Galway University Hospital where the death of Savita Halappanavar happened. This inquest was called because Savita who was from India was pregnant and asked for an abortion but was denied because abotion is illegal in Ireland. She later died from her medical condition. Photo: Brian Farrell/RollingNews.ie
Ospidéal na hOllscoile Gaillimh. Pictiúr: Brian Farrell/RollingNews.ie

Mise Othar, easlán mé, níl mé slán ná folláin. Cúram atá uaim. Ar chomhairle dhochtúir na hobráide, tá mé ar ais i Rannóg Éigeandála agus Timpistí Ospidéal na hOllscoile Gaillimh. Tá mo chomrádaí Tíogar i mo theannta. Tá sé a 4.00 pm. Ní bheidh mé i bhfad anseo, tá ‘ardtosaíocht’ ar mo litir.

Tinn agus tnáite – níl mé in ann suí ná seasamh. Tá mo phluid, mo philiúr, mo phanadol agus mo bhuidéal uisce féin agam – nach mór an trua nár chuimhnigh mé mo leaba a thabhairt liom. Sciobann Tíogar tralaí tréigthe atá díomhaoin. Nach breá an faoiseamh síneadh siar ar an gcorróg shlán?

Ní easláin muid uilig. Cúig chriú otharchairr sa scuaine – cúig leaba, deichniúr foirne ard-oilte, cúig otharcharr díomhaoin i scuaine. Taom laige diaibéitis ar mo chomharsa – éigeandáil – isteach an doras draíochta. An croí a loiceann ar an seanduine siúd thall – an doras draíochta á shlogadh. Tart ar an seanfheirmeoir os mo chomhair amach– tá fuarán uisce ann ach níl aon chupán agus imeacht gan teacht a rinne an t-oibrí a ghlac leis an gcúram sin. Níl sóinseáil aige don mheaisín agus imní air faoi na caoirigh ag baile – tugaim buidéilín uisce dó.  Cé acu is measa tart nó tuirse?

9.30pm: Oibrí culaith ghorm “Cé a thug cead duitse luí ar an tralaí sin? Anuas leat agus suigh ar chathaoir.” “Ach níl mé in ann s…”. Í imithe léi leis an tralaí a shocrú díomhaoin le balla.

12.00: Ruathar neamhcheadaithe ar an doras draíochta. “Gabh amach as seo, níor cuireadh aon fhios ortsa.” Tíogar ar ais agus í ag éirí dodach. “Caithfidh Othar luí. Níl sí in ann suí ná seasamh. Cuirfidh mé an phluid anseo ar an urlár.” Go doicheallach faightear cathaoir –“Níl mé in ann suí…”

Pictiúr: Brian Farrell/RollingNews.ie
Pictiúr: Brian Farrell/RollingNews.ie

Tralaí sa bpasáiste cúng. Mo phluid fúm agus mo philiúr. Aililiú! Cuireann altra a dhá lámh thart ar Thíogar: “Tá sé tough. Chaith mé féin dhá bhliain ag teacht anseo le mo Mhama.” Thug sí dhá mhuigín tae againn le croí mór maith agus gan aon am tae aici féin. 18 tralaí atá sa dá phasáiste chúnga seo – ceathrar ann le dhá lá ag fanacht le leaba i mbardaí dúnta, mionobráid chroí ag teastáil uathu. Beirt eile ag fanacht le hobráid ar an mbolg. Timpiste agus éigeandáil nó seomra feithimh na n-obrádlann?

Srannadh, casacht, bromanna agus sianaíl chráite na bpáistí, mac ag impí ar altra pó a fháil dá Mhama, Tíogar ag coinneáil buidéal fuail do sheanfhear nach bhfaca sí riamh go dtí anocht. Is fánach an áit a bhfaighfeá…..

10am: 18 n-uaire déag i Guantanamó an HSE, gan leigheas gan scrúdú. Oibríonn teaicticí an chéasta. Dhíolfainn Tíogar ar spúnóg moirfín. Buaileann taom donachta, tuirse agus péine mé. I siabhrán meirfin cloisim Tíogar ag glaoch go cráite ar chóir leighis.  Cillín, dochtúir, pianmhúcháin ag sileadh isteach i mo chuid fola.

1.00 pm: “Tá an t-x-gha togha. Gabh abhaile agus coinnigh ort leis na hantaibheathaigh.”

Tagann cruit oilc ar an Tíogar agus trína fiacla: “Ní fhágfaidh muide an áit seo go bhfeicfidh muid an dochtúir a dúirt linn a theacht anseo mar high priority!”

Easpa codlata, sárú dínite, tart, faitíos, teas marfach, náiriú agus uirísliú, solas scéiniúil, torann síoraí agus ag breathnú ar fhulaingt daoine eile agus iad á gciapadh – is ionann teaicticí céasta Ghuantanamó agus cúinsí ionad Éigeandála agus Timpistí Ospidéal na hOllscoile Gaillimh agus is ann atá na daoine is láiche, is soilíosaí agus is cumasaí sa tír ag obair. Is mithid do cheardchumann na n-altraí an dlí a chur ar an bhfostóir atá á gcéasadh agus is náire shaolta easpa bainistíochta an chórais leighis.  Tugaigí aire dá sláinte.

Fág freagra ar 'Guantanamó an HSE – Dialann ocht n-uaire déag ó Rannóg Éigeandála agus Timpistí'

  • Ríméad orm gan a bheith san ospidéal

    Níor lagaigh an tinneas do chumas breá scríbhneoireachta, a Mháire.

  • Gráinne

    Is breá liom an chaoi a scríobhann tú a Mháire! Chomh cumasach!