Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ a bheidh freagrach as RTÉ Raidió na Gaeltachta feasta

D’fhógair Dee Forbes, Ard-Stiúrthóir RTÉ, athruithe éagsúla ar struchtúr bainistíochta an chraoltóra inniu

Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ a bheidh freagrach as RTÉ Raidió na Gaeltachta feasta

Is ar Ghrúpcheannasaí Gaeilge RTÉ, Rónán Mac Con Iomaire, a bheidh freagracht Raidió na Gaeltachta feasta.

Roimhe seo is do Cheannasaí Raidió RTÉ a bhíodh an stáisiún freagrach, ach tá deireadh á chur le post an cheannasaí raidió in RTÉ.

Faoin struchtúr bainistíochta nua aistreofar an fhreagracht in RTÉ as Raidió na Gaeltachta go dtí an Grúpcheannasaí Gaeilge, ar iar-leascheannaire ar RnaG é.

Chuir Ard-Stiúrthóir RTÉ, Dee Forbes, eolas ar fáil d’fhoireann RTÉ inniu faoin athstruchtúrú atá beartaithe don chraoltóir náisiúnta agus faoi na pacáistí iomarcaíochta atá le tairiscint do bhaill foirne mar chuid de na ciorruithe atá le déanamh ag an stáisiún.

Ba le linn an chruinnithe leis an bhfoireann, a fógraíodh go mbeadh Mac Con Iomaire freagrach feasta as Raidió na Gaeltachta.

Tá Jim Jennings, an té a mbíodh RnaG freagrach dó, le ceapadh ina Stiúrthóir Ábhair agus deireadh á chur leis an bpost a bhíodh aige mar cheannasaí raidió.

Tuigtear chomh maith go mbeadh Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ freagrach freisin as cláracha teilifíse Gaeilge an chraoltóra náisiúnta, ach go bhfanfaidh cúram Nuacht RTÉ/TG4 faoi rannóg nuachta agus chúrsaí reatha an stáisiúin.

Cé nach ndearnadh aon fhógra inniu faoi phost cheannaire Raidió na Gaeltachta, meastar go bhfógrófar an post sin go hoifigiúil idir seo agus deireadh na bliana. D’fhéadfadh go bhfógrófaí an uair sin chomh maith athruithe ar struchtúir bainistíochta RTÉ RnaG féin, agus amhras ann go gcuirfí deireadh, mar shampla, le post an leascheannaire nach bhfuil aon duine ina bhun faoi láthair.

Níos túisce i mbliana, d’éirigh Edel Ní Chuireáin  as a cúram mar cheannaire RTÉ RnaG chun bogadh ó thuaidh mar Bhainisteoir Réigiúin an Tuaiscirt sna Doirí Beaga.

Tá Gearóid Mac Donncha iar-leascheannaire an stáisiúin, ag feidmiú mar cheannaire eatramhach ar an eagraíocht ó shin.

D’fhógair Dee Forbes athruithe éagsúla ar struchtúr bainistíochta RTÉ inniu agus chuir sí an fhoireann ar an eolas freisin faoi chlár iomarcaíochta deonaí a bhfuil sé mar aidhm aige laghdú 250 duine a dhéanamh ar líon na foirne san eagraíocht.

Tuairiscítear go bhféadfadh duine a mbeadh 18 bliain de sheirbhís aige i dteideal pacáiste iomarcaíochta arbh fhiú cnapshuim dhá bhliain tuarastail é. Bheadh an méid sin seirbhíse tugtha ag cuid mhaith d’fhoireann RTÉ Raidió na Gaeltachta agus ag na daoine is faide i mbun seirbhíse le Nuacht TG4.

Naonúr atá ar Bhord Feidhmeannach nua RTÉ a fógraíodh inniu: Dee Forbes, Jon Williams (Stiúrthóir Nuachta agus Cúrsaí Reatha), Jim Jennings (Stiúrthóir Ábhair), Breda O’Keeffe (Príomhoifigeach Airgeadais), Willie O’Reilly (Stiúrthóir Tráchtála), Brian Dalton (Stiúrthóir Um Ghnóthaí Corparáideacha), Eimear Cusack (Stiúrthóir Acmhainní Daonna), agus Richard Waghorn (Stiúrthóir Teicneolaíochta). Níl grúpcheannasaithe RTÉ ina bhaill den bhord feidhmeannach, rud a fhágann nach mbeidh an té atá freagrach anois as RTÉ RnaG ar an mbord sin, mar a bhíodh nuair a bhí an cúram sin ar an gceannasaí raidió.

Fág freagra ar 'Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ a bheidh freagrach as RTÉ Raidió na Gaeltachta feasta'