Grúpaí Gaeilge ó thuaidh á ngríosú chun cur isteach ar mhaoiniú sóisialta

Deir Iontaobhas Infheistíochta Pobail Uladh go bhfuil fás suntasach tagtha ar líon na ngrúpaí teanga ó thuaidh tráth a bhfuil níos lú airgid ar fáil ón Rialtas

Grúpaí Gaeilge ó thuaidh á ngríosú chun cur isteach ar mhaoiniú sóisialta

Tá grúpaí Gaeilge ó thuaidh á spreagadh chun cur isteach ar mhaoiniú sóisialta tráth a bhfuil maoiniú rialtais ag dul i léig.

Tá an moladh á chur chun cinn ag Iontaobhas Infheistíochta Pobail Uladh (Ulster Community Investment Trust, nó UCIT), carthanacht chláraithe atá mar phríomh-sholáthraí neamhspleách iasachtaí don earnáil pobail, dheonach agus fiontraíochta sóisialta i dtuaisceart na hÉireann.

Deir an tIontaobhas go bhfuil fás suntasach tagtha ar líon na ngrúpaí teanga agus cultúir atá ag feidhmiú ó thuaidh, agus dá bharr sin go bhfuil níos mó éilimh ar an méid maoinithe atá ar fáil ón rialtas.

“Cuireann UCIT réimse iasachtaí agus comhairle ghairmiúil airgeadais ar fáil chun cuidiú le grúpaí an dóigh is éifeachtaí a aimsiú chun seirbhísí s’acu a mhaoiniú,” arsa Phelim Sharvin, Stiúrthóir Comhlach UCIT.

I measc na ngrúpaí a bhain leas as maoiniú tá An Droichead, atá lonnaithe i mBéal Feirste.

Tacaíonn An Droichead le pobal na Gaeilge trí sheirbhísí fostaíochta agus oideachais a chur ar fáil, chomh maith le seirbhísí cúram leanaí, seirbhís óige, scoláireachtaí agus deiseanna chun obair dheonach a dhéanamh.

Fuair an grúpa iasacht £50,000 le hathchóiriú a dhéanamh ar a n-áiseanna cúram leanaí agus lena bplean gnó a fhorbairt.

“Bhunaigh An Droichead fiontar sóisialta in 2013, a bhfuil 25 duine fostaithe go díreach ann. Chuidigh an iasacht ó UCIT linn an tseirbhís seo atá ag fás a dhaingniú, caighdeáin a choinneáil ard agus ioncaim a mhéadú ag an am céanna,” arsa Pól Deeds, Príomhfheidhmeannach An Droichead.

“Bhí muid ábalta pleananna s’againne do mhol cultúir agus fiontraíochta sóisialta ar Bhóthar Ormeau a thabhairt suas chun dáta chomh maith.”

Tá UCIT i ndiaidh tacaíocht a thabhairt do 400 eagraíocht agus tá gealltanais iasachta ar fiú os cionn £80 milliún iad san iomlán tugtha acu ó bhí 2001 ann. Coinnítear gach brabús a dhéanann UCIT agus úsáidtear arís é ar mhaithe lena gcuid cliant.

I measc na ngrúpaí teanga agus cultúir eile a fuair maoiniú ó UCIT tá Coiste Ghaeloideachas Chromghlinne a fuair maoiniú chun cuidiú le forbairt áis scoile úr agus ionad teaghlaigh i gCromghlinn agus An Gaeláras, a d’úsáid an t-airgead chun cuid den sain-lárionad Cultúrlann Uí Chanáin i nDoire a fhorbairt.

Fág freagra ar 'Grúpaí Gaeilge ó thuaidh á ngríosú chun cur isteach ar mhaoiniú sóisialta'