Tá coiste nua Gaeilge le bunú sa Gharda Síochána a mbeidh an Coimisinéir Drew Harris ina chathaoirleach air.
Fógraíodh an méid sin sa Dáil tráthnóna, mar a raibh Coimisinéir an Gharda Síochána Drew Harris os comhair Choiste Gaeilge an Oireachtais chun ceisteanna a fhreagairt faoi shárú a bheith déanta ag an bhfórsa ar an dlí teanga.
“I bhforbairt nua eile atá thar a bheith dearfach, aontaíodh go mbeidh Coimisinéir an Gharda Síochána ina chathaoirleach ar Ghrúpa Rialachais Gaeilge na heagraíochta as seo amach. Is é seo an chéad uair a mbeidh an Grúpa Rialachais Gaeilge ag an leibhéal is airde san eagraíocht.
“Creidimid gur céim thábhachtach chun tosaigh é seo, ceann a léiríonn ár dtiomantas don teanga agus a chinnteoidh go gcuirfear ár Straitéis nua Gaeilge i bhfeidhm go hiomlán.
“Creidimid freisin go bhfuil sé riachtanach an straitéis nua seo a spreagadh ón mbarr anuas, rud a chinnteoidh go dtuigeann an eagraíocht ar fad an tábhacht a bhaineann leis,” a dúradh i ráiteas Gaeilge a tugadh thar ceann an Choimisinéara.
Tá an Coimisinéir Drew Harris i láthair ag cruinniú de Choiste Gaeilge an Oireachtais tráthnóna chun ceisteanna a fhreagairt faoi thuarascáil a chuir an Coimisinéir Teanga faoi bhráid Thithe an Oireachtais le déanaí. Deirtear sa tuarascáil sin go bhfuil sárú á dhéanamh ag an nGarda Síochána ar an dlí teanga.
Baineann an sárú leis an dualgas atá ar an nGarda Síochána dóthain Gardaí le Gaeilge líofa a chur ar dualgas sa Ghaeltacht.
Dúradh i ráiteas Choimisinéir an Gharda Síochána sa Dáil tráthnóna go raibh an fórsa “lántiomanta” do chomhlíonadh a ndualgais reachtúla teanga “dírithe ar sholáthar seirbhísí dátheangacha a fheabhsú dár bpobail Ghaeltachta”.
Dúradh go raibh sé mar chuspóir ag an nGarda Síochána “seirbhís ardchaighdeáin i nGaeilge a sholáthar, de réir mar is gá, don phobal ar a bhfreastalaímid”.
Shocraigh an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill tuarascáil a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais i mbliana mar nár chuir an Garda Síochána i bhfeidhm riamh moltaí a bhí san imscrúdú a rinneadh deich mbliana ó shin, in 2011.
Thug Coimisinéir an Gharda Síochána le fios sa ráiteas a cuireadh ar fáil do Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta inniu go raibh méadú 12% tagtha ar líon na nGardaí le Gaeilge i gceantair Ghaeltachta ó 2011.
Maíodh go gcinnteodh an straitéis nua Gaeilge, atá á forbairt faoi láthair, agus tograí eile atá beartaithe “go leanfadh líon na gcomhaltaí le Gaeilge ag méadú i stáisiúin Ghaeltachta”.
“Is féidir liom a rá go muiníneach go bhfuil an Garda Síochána ag cinntiú faoi láthair, a mhéid agus is indéanta, gur comhaltaí le Gaeilge a aistrítear chuig stáisiúin i gceantair Ghaeltachta,” a dúradh.
Nuair a cuireadh ceist ar Choimisinéir an Gharda Síochána inniu cén fáth nár cuireadh i bhfeidhm na moltaí a rinneadh in 2011, dúirt sé go raibh iarracht mhór déanta sin a dhéanamh ach gur cheist acmhainní a bhí ann den chuid is mó.
Fág freagra ar 'Grúpa nua Gaeilge le bunú sa Gharda Síochána faoi chathaoirleacht an Choimisinéara Drew Harris'