Grúpa bunaithe ag an rialtas le tinte sléibhe a fhiosrú

Fiosróidh an grúpa nua na bealaí ar féidir an damáiste a dhéanann tinte mar seo a laghdú agus na bealaí is fearr le seirbhísí éigeandála agus acmhainní eile a úsáid nuair a bhíonn tinte ann

Grúpa bunaithe ag an rialtas le tinte sléibhe a fhiosrú

Tá grúpa bunaithe ag an rialtas le fiosrú a dhéanamh faoi na tinte a réab trí cheantair sléibhe ar fud na tíre an samhradh seo, an tine mhór ar an gClochbhaile i nGaeltacht na Gaillimhe ina measc.

Fiosróidh an grúpa nua na bealaí ar féidir an damáiste a dhéanann tinte mar seo a laghdú agus na bealaí chun an leas is fearr agus is éifeachtaí a bhaint as seirbhísí éigeandála agus acmhainní eile nuair a bhíonn tinte ann. Beidh oifigigh de chuid na Roinne Talmhaíochta, na Roinne Gaeltachta, agus na Roinne Rialtais Áitiúil sa ghrúpa nua.

Thug an tAire Comhshaoil Denis Naughten, sonraí faoin ngrúpa nua le deireanas agus ceist ón Teachta Dála Catherine Connolly faoin tine mhór ar an gClochbhaile á freagairt aige.

Dúirt an tAire Comhshaoil nach bhfuil aon ról ag a Roinn féin i bhfiosrúchán na dtinte seo, ach go bhfuil imní air féin faoin tionchar a bhíonn ag a leithéid de thinte ar an timpeallacht, ar an bpobal agus ar chúrsaí gnó agus feirmeoireachta.

“Tuigim go bhfuil pionós gearrtha ar fheirmeoirí a sháraigh na treoracha maidir le dó talún ag an Roinn Talmhaíochta agus íocaíochtaí aon-uaire curtha ar ceal ag an Roinn sin,” a dúirt sé.

Dúirt sé freisin go bhfuil an Garda Síochána, na seirbhísí dóiteáin agus an tSeirbhís Fiadhúlra agus Páirceanna Náisiúnta ag obair as lámh a chéile le dul i ngleic le fadhb na dtinte.

D’imigh an tine ar an gClochbhaile i gConamara ó smacht sa Bhealtaine agus thóg sé beagnach seachtain ar na seirbhísí éigeandála, dhá héileacaptar ina measc, an tine a mhúchadh. Scriosadh os cionn 1,500ha den choill i gceantar Mhaigh Cuilinn agus spréadh na mílte lítear uisce i gcaitheamh na seachtaine.

Bhí an fheirm ghaoithe sa choill faoi bhagairt nuair a tháinig an tine i ngiorracht 40m de na tuirbíní gaoithe ann, ach cuireadh toitbhearnaí in áit ag Páirc Ghaoithe na Gaillimhe a shábháil an fheirm.

Dódh 2,000ha de thalamh portaigh freisin le linn na tine, an tine is mó dá leithéid i stair an stáit.

Fág freagra ar 'Grúpa bunaithe ag an rialtas le tinte sléibhe a fhiosrú'