Gruaig níos deise gan aon seampú

Triail bainte ag ár gcomhfhreagraí as córas nua nite gruaige gan aon seampú a úsáid

Hair

Shilfeá nach mbeadh mórán nua le foghlaim faoi do ghruaig a ní – tá muid ar fad a dhéanamh le fada. Uisce, seampú, feabhsaitheoir, tuáille agus triomadóir gruaige – sin a bhfuil ag teastáil. Ach tá fás faoi ghluaiseacht nua le gairid a mholann gur cheart an seampú a fhágáil ar leataobh ar fad agus go mbeidh gruaig níos glaine, níos boige agus níos deise mar thoradh ar do chuid iarrachtaí.

Tá ainm ar an gcóras nua seo – tugtar ‘cowashing’ air. Giorrúchán é sin ar thrí fhocal Béarla ‘conditioner only washing’. In áit úsáid a bhaint as seampú moltar dul díreach chuig an bhfeabhsaitheoir agus do ghruaig a ní go maith leis. Triomaigh é ar an ngnáthbhealach agus ba cheart go mbeidh tú i bhfad níos sásta leis an toradh.

Moltar an cleas nua seo go speisialta do dhaoine a bhfuil gruaig fhada chatach orthu agus deirtear go bhfuil sé thar cionn sa chás is go bhfuil do ghruaig tirim nó go bhfuil damáiste déanta di in imeacht na mblianta.

Tá míniú eolaíochta ar an gcúis go n-oibríonn feabhsaitheoir níos fearr ná seampú do go leor daoine. Is cosúil go n-úsáidtear comhábhar ar a dtugtar ‘gníomhaithe dromchlacha’ (surfactants) i ndéanamh seampú; as an gceimic sin a thagann an sobal a fhágann an ghruaig an-ghlan go deo. Bíonn beagán den ábhar céanna sa bhfeabhsaitheoir ach ní bhíonn a oiread sin ann agus bíonn sé níos séimhe dá bharr sin.

Bíonn ní níos cineálta i gceist le húsáid an fheabhsaitheora agus coinníonn sé níos mó den ola nádúrtha sa ghruaig féin.

Tá cuid de na saineolaithe ag moladh nár cheart dearmad iomlán a dhéanamh ar an seampú ach gur cheart an dá chóras a mhalartú ar a chéile anois is arís – seampú uair amháin agus ansin gan ach an feabhsaitheoir a úsáid an chéad dá uair eile a mbeadh do ghruaig á ní agat.

Ceann de na buntáistí móra leis an gcóras seo ná nach mbeidh a oiread ribí gruaige á gcailliúint agat agus nach mbeidh a oiread ribí briste agat. Ba cheart go mbeidh an craiceann ar bharr do chinn níos boige agus nach mbeidh oiread snaidhmeanna i d’fholt gruaige. Ar ndóigh, sábhálfaidh tú am agus airgead freisin ach thar aon rud eile beidh do ghruaig níos glaine agus níos sláintiúla.

Is ceart an feabhsaitheoir a fhágáil i do ghruaig ar feadh cúpla nóiméad sula níonn tú amach é. Tá an rinseáil sin an-tábhachtach go deo le gach rian den fheabhsaitheoir a ghlanadh amach. Deirtear gur le linn do do ghruaig a bheith fliuch is fusa dochar nó damáiste a dhéanamh di agus sin an chúis go moltar do dhaoine a bheith aireach i gcónaí ag an am áirithe sin.

Bhain mé féin úsáid as an gcóras seo le gairid – an feabhsaitheoir in áit an tseampú – agus caithfidh mé a rá go raibh mé sásta go maith leis. Ní raibh an oiread céanna sobail ann is a bheadh dá mbeadh seampú á úsáid agam ach is cinnte go raibh sé i bhfad níos sciobtha; próiseas sách mall é de ghnáth gruaig fhada a ní le seampú.  Níor thóg sé mórán níos mó ná cúig nóiméad orm í a ní leis an bhfeabhsaitheoir agus bhí sí deas bog agus chomh héasca céanna a scuabadh is a bheadh tar éis seampú

Cinnte dhéanfainn arís é rialta go leor, go háirithe dá mbeadh deifir orm.

Fág freagra ar 'Gruaig níos deise gan aon seampú'