Grianghraif a ghlac cainteoir Gaeilge de Shane MacGowan agus The Pogues le foilsiú den chéad uair

Ag ceolchoirm a rinne The Pogues i dteach tábhairne Kennedy’s sa bPocán i gcontae Thiobraid Árann sa mbliain 1986 a ghlac Pádraig Ó Flannabhra na pictiúir a bheidh sa leabhar Songsmith: Picturing the Pogue

Grianghraif a ghlac cainteoir Gaeilge de Shane MacGowan agus The Pogues le foilsiú den chéad uair

ShaneMcGowan. Pictiúr: Pádraig Ó Flannabhra

Tá grianghraif nár foilsíodh riamh cheana de Shane MacGowan agus a ghrúpa The Pogues, á chur amach i leabhar nua le grianghrafadóir agus cainteoir líofa Gaeilge as Tiobraid Árann.

Ag ceolchoirm a rinne siad i Kennedy’s Bar sa bPocán i gContae Thiobraid Árann sa mbliain 1986 a ghlac Pádraig Ó Flannabhra na pictiúir a bheidh sa leabhar Songsmith: Picturing the Pogue.

Thóg Ó Flannabhra na pictiúir ag an gceolchoirm a cuireadh ar bun sa teach ósta cáiliúil atá suite deich nóiméad ó Choimín Charnaí, áit dúchais mháthair Shane MacGowan.

Ba é sin an t-aon cheolchoirm riamh a rinne The Pogues sa gceantar inar chaith MacGowan blianta sona ina óige agus na blianta deireanacha dá shaol.

Is as ceantar an Aonaigh é an grianghrafadóir Pádraig Ó Flannabhra. Ba mhinic leis bualadh isteach go Kennedy’s Bar ag ceolchoirmeacha chun grianghraif a thógáil. Póstaer a chonaic sé faoi cheolchoirm na Pogues a thug isteach an oíche sin é agus a cheamara ar iompar aige. Tá cóip den phóstaer le feiceáil istigh sa leabhar.

B’in an chéad uair ar casadh Pádraig Ó Flannabhra ar Shane MacGowan.

“An chéad uair a leag mé súil ar Shane ná ag an gceolchoirm i Kennedy’s bar i 1986. Chuaigh mé ann mar go raibh sé de nós agam ó tharla go raibh cáil air mar áit a dtéadh daoine ag casadh ceoil. Ba é an teach ósta sin an phríomháit don cheol i dTiobraid Árann thuaidh sna 1970idí agus 1980idí.”

Pádraig Ó Flannabhra

Tá clú agus cáil ar Kennedy’s Bar de bharr na gceoltóirí a sheinn ann i gcaitheamh na mblianta. Bhíodh sé i gcroílár an cheoil sa tréimhse sin agus chas, ní hamháin na Pogues, ann ach ceoltóirí eile ar nós Christy Moore, Mary Black agus go leor eile.

Chaith Ó Flannabhra an oíche ag an gceolchoirm agus é ag tógáil pictiúr den bhanna i rith an ama. Ceolchoirm speisialta a bhí ainti mar go raibh pobal MacGowan i láthair, a ghaolta agus a chairde.

Níor fhoilsigh Ó Flannabhra na grianghraif ón oíche sin riamh ach tháinig siad ar ais ina intinn nuair a cailleadh MacGowan mí na Samhna 2023.

“Is dóigh gur spreag a adhlacadh mé. Dúirt mé liom féin nár chóir dom a bheith ag suí ar an ábhar a bhí agam agus gur chóir dom é a chur amach sa bpobal chun go mbeadh fáil ag gach duine air.”

Shocraigh sé na grianghraif ón gceolchoirm a fhoilsiú chomh maith le pictiúir eile a thóg sé de MacGowan ag amanna eile.

“Tá sé an-phearsanta, tá mé ag obair ar an leabhar seo ó mhí Eanáir gach aon lá, gach aon oíche.”

Elvis Costello i Kennedy’s Bar sa bPocán. Pictiur: Pádraig Ó Flannabhra

Cé gur rugadh MacGowan i Sasana, théadh a mháthair agus an chlann ar fad abhaile go Coimín Charnaí gach samhradh agus labhair MacGowan go minic faoi na laethanta sona a chaith sé ansin.

Duine de mhuintir Uí Loingsigh as Coimín Charnaí ab ea Therese, máthair Shane. Bhí cáil ar an gclann sa gceantar as an gceol, an scéalaíocht agus an amhránaíocht.

Tá sé curtha síos don amhránaí cáiliúil gur ann a chuala sé na scéalta, an ceol agus na hamhráin a bhí mar thobar inspioráide aige ina shaol. Sa mbliain 2000, bhog MacGowan go dtí áit dúchas a mháthar i gCoimín Charnaí agus dúirt sé ag an am go raibh sé i gceist aige an chuid eile dá shaol a chaitheamh ann.

Trí thréimhse ama atá i gceist i leabhar Uí Fhlannabhra, SongSmith: Picturing the Pogue ina bhfuil grianghraif, nótaí ómóis agus ábhar cuimhneacháin go leor. Sa gcéad chuid den leabhar tá na grianghraif a tógadh ag an gceolchoirm a thug na Pogues i Kennedy’s Bar. Tá grianghraif den bhanna féin sa leabhar chomh maith le cinn de Shane MacGowan féin ar stáitse agus é ag amhránaíocht, agus cuid de na daoine a bhí istigh ag an gceolchoirm an oíche sin.

ShaneMcGowan. Pictiúr: Pádraig Ó Flannabhra

I lár an leabhair tá dhá phortráid déag de Shane MacGowan a thóg Ó Flannabhra ina stiúideo grianghrafadóireachta ar an Aonach sa mbliain 2003. Is é seo an chéad uair a foilsíodh na portráidí sin.

Sa gcuid dheireanach den leabhar tá grianghraif a thóg Ó Flannabhra ag sochraid Shane MacGowan in 2023 i séipéal Naomh Muire an Phaidrín, An tAonach. Bhí laethanta traidisiúnta na Nollag tráthúil i saol MacGowan, rugadh é i ngar do Tunbridge Wells i Sasana Lá Nollag 1957, chas sé an cheolchoirm leis na Pogues i Kennedy’s Bar Oíche Nollag na mBan, 1986, agus bhí aifreann a shochraide Lá Fhéile Muire gan Smál, an 8 Nollaig.

Beidh SongSmith: Picturing the Pogue á sheoladh ag Siobhán, MacGowan, deirfiúr Shane, ag ócáid in Ionad Ealaíne an Aonaigh (Nenagh Arts Centre) ar an Mháirt, an 10 Meán Fómhair ón 6i.n. go dtí a 9i.n.

Cuirfear taispeántas físe i láthair ag an seoladh agus ceol ag dul leis. Tá an brabús ó dhíolachán an leabhair ag dul chuig Ciste Éigeandála na Náisiún Aontaithe do Pháistí (UNICEF), go speisialta do pháistí na Palaistíne. Beidh praghas laghdaithe ar an leabhar ag an seoladh, €30 ar chóip amháin nó péire ar €50. Is féidir an leabhar a réamhordú anseo.

Fág freagra ar 'Grianghraif a ghlac cainteoir Gaeilge de Shane MacGowan agus The Pogues le foilsiú den chéad uair'

  • Pat Butler

    Mo dhá ghreidhin thú, a Phádraig! Is iomaí ball tíre inár chasamar beirt ar a chéile le linn an aistir! Iontach go deo scéala an leabhair nua seo. Treise leat.

  • Pádraig Ó Flannabhra

    Go raibh mile maith agat Pat,agus ná déan dearmad ar an aistir a bhí againn thuas san aer go. ???

    Hillsborough agus ar ais !