Greim daingean an airgid ar an spórt agus cás na nÉireannach i Sasana

Fágann an t-ardú céadach sin atá tagtha ar airgead na Príomhroinne go mbíonn lucht a heagair ag maíomh anois gur acu atá an tsraith sacair is fearr san Eoraip, nó ar domhan fiú.

Greim daingean an airgid ar an spórt agus cás na nÉireannach i Sasana

David Meyler agus Daryl Murphy. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Deir fear ar m’aithne atá ina chónaí i Sasana agus ar mó a shuim agus a chuid eolais ar chúrsaí sacair ná mo chuidse gur fearr leis go mór anois freastal ar chluichí sacair sa Championship ansiúd ná ar chomhraic na Príomhroinne.

Tá cúiseanna go leor lena dhearcadh – praghas na dticéad agus a éasca agus a bhíonn fáil aige ar phéire acu.

Deir sé freisin gur dream a mbíonn ceangal i bhfad níos dlúithe acu leis na háiteanna ina bhfuil na foirne lonnaithe a leanann an Championship agus gur le teann dílseachta atá a mbunáite ann. Is fearr leis a leithéidí siúd ná an dream gur beag de nasc a bhíonn idir iad agus an fhoireann is ansa leo cé is moite d’amharc a fháil ar laochra cáiliúla idirnáisiúnta, a bhfuiltear ag íoc na scórtha de mhilliúin orthu agus atá ag saothrú dá réir. 

Níl aon locht aige ar chaighdeán na himeartha ach an oiread. Imreoirí a bheadh ag imirt sa Premiership murach go bhfuil seilbh glactha ag na billiúnaithe air sin iad go leor de pheileadóirí an Championship, dar leis, agus deir sé gur chun sochair an chomórtais sin anois an scéal ar fad.

Fágann an t-ardú céadach sin atá tagtha ar airgead na Príomhroinne go mbíonn lucht a eagair ag maíomh anois gur acu atá an tsraith sacair is fearr san Eoraip, nó ar domhan fiú. Tharlódh go bhfuil an ceart acu, ach ar an lámh eile is cinnte go bhfuil foireann náisiúnta Shasana thíos go mór leis an sruth leanúnach imreoirí atá ag teacht ó thíortha thar lear.

Níor éirigh leosan babhta ceathrú ceannais a bhaint amach i gCorn an Domhain ó 2006 agus ní dheachaigh siad níos faide ná na cluichí grúpa sa mBrasaíl trí bliana ó shin.

Chomh gruama céanna atá an scéal a bhaineann lena gcuid imeartha i gCraobh na hEorpa. Chinn orthu na babhtaí ceannais a bhaint amach beag ná mór in 2008 agus cé gur shroicheadar cluiche ceathrú ceannais ceithre bliana ina dhiaidh sin, faoin am ar chríochnaigh Craobh na hEorpa sa bhFrainc anuraidh bhí an Bhreatain Bheag os a gcionn agus iad díbeartha as an gcomórtas ag an Íoslainn.

Is fíor ceart go leor go raibh a bpaisinéireacht chuig Corn an Domhain sa Rúis an bhliain seo chugainn bainte amach acu i bhfad sular tháinig imirt na seachtaine seo caite, ach níor mhór an t-údar gaisce é sin i ngrúpa arbh iad an tSlóvaic, Albain, an tSlóivéin, an Liotuáin agus Málta bhí in aon leaba leo.

Is léiriú ar m’aineolas agus ar an neamhshuim atá agam sa bPríomhroinn go n-admhaím nár chuala mé trácht riamh ar Harry Winks a fuair gradam ‘Laoch na hImeartha’ i mbua Shasana ar an Liotuáin Dé Domhnaigh seo caite agus gurbh iad a chomrádaithe Jordan Henderson, Marcus Rashford agus Harry Kane an t-aon triúr a raibh a fhios agam cé na clubanna a n-imríonn siad dóibh.

Ar an taobh eile de Mhuir nIocht is í príomhroinn an rugbaí atá plúchta ag airgead le blianta beaga agus é admhaithe anois go hoscailte ag lucht eagair na foirne idirnáisiúnta sa bhFrainc gur chun a n-aimhleasa siúd atá cúrsaí gafa dá bharr.

Eachtrannaigh iad 45% de na himreoirí atá ag na cumainn atá sa Top 14 agus ní hiad réalta móra na Nua-Shéalainne, na hAfraice Theas agus na Breataine amháin atá ag coinneáil na n-imreoirí dúchasacha faoi chois. Chonaic mé scríofa i nuachtán le gairid go bhfuil 17 frapa as an tSeoirsia ag saothrú a gcoda sa bhFrainc.

Níor bhuaigh foireann na Fraince Craobh na 6 Náisiún ó 2010. Roimhe sin bheadh ar dhuine dul siar go dtí 1967 sula dtiocfá ar an am a raibh fanacht níos mó ná 3 bliana ar Fhrancaigh go dtiocfadh craobh ina mbealach.

 údaráis idirnáisiúnta na tíre ag caint anois ar aithris a dhéanamh ar an gcóras atá i réim anseo in Éirinn agus a fhágann gurb iad an tAontas Náisiúnta Rugbaí a íocann tuarastal na n-imreoirí idirnáisiúnta agus dá réir go mbeadh iomlán smachta acu ar an méid imeartha a dhéanfadh siad do na clubanna.

Is ríléir nach mbeidh aon ghlacadh ag na cumainn leis sin agus ní hé fearacht na tíre seo é mar a bhfuil na cúigí ag brath go mór ar chabhair ón IRFU, níl beann an diabhail ag clubanna na Fraince ar na húdaráis. Cuimhnigh go bhfuil an Ligue National de Rugby tar éis conradh a shíniú leis an gcomhlacht teilifíse Canal+ a fhágfaidh €98 milliún in aghaidh na bliana ag chuile chlub go dtiocfaidh an bhliain 2022.

Agus an méid sin ar fad ráite caithfear aitheantas a thabhairt don ghaisce atá déanta ag imreoirí sacair na hÉireann agus iad fós sa tóir ar an seans dul chun na Rúise an bhliain seo chugainn. Nuair a tarraingíodh na foirne in aghaidh a chéile sna grúpaí cáilithe in 2015 bhí Éire ar cheann de na tíortha a bhí rangaithe sa cheathrú sraith agus d’fhág a mbua Dé Luain seo caite go raibh an dara háit ina ngrúpa bainte amach acu.

Seisear déag Éireannach, sin eile a imríonn le clubanna i bPríomhroinn Shasana an séasúr seo (bhí 33 á dhéanamh sin in 2011/2012). Fós rinne mé iontas gurbh imreoirí as an tsraith sin seachtar díobh siúd a bhí ar an bpáirc nuair a thosaigh an cluiche in Caerdydd – bhí seachtar eile ag an mBreatain Bheag.

Go deimhin bhí Stephen Ward agus Robbie Brady ag imirt do Burnley i ngach cluiche atá imeartha go dtí seo acu i bPríomhroinn an tséasúir seo, rud a bheadh déanta freisin ag Jeff Hendrick murach é a bheith tamall gortaithe. Chonacthas Ciarán Clarke ar an bpáirc freisin i ngach cluiche atá imeartha ag Newcastle United agus b’amhlaidh do Shane Duffy le Brighton. Tá cúig chluiche imeartha ag James McClean do West Brom agus an méid céanna ag Harry Arter do Bournemouth.

Maidir leis an gceathrar eile bhíodar san ar an bpáirc i chuile chluiche atá imeartha ag a gclubanna sa Championship (11) – Darren Randolph agus Cyrus Christie (Middlesbrough), David Myler (Hull) agus Daryl Murphy (Nottingham Forest).

Fág freagra ar 'Greim daingean an airgid ar an spórt agus cás na nÉireannach i Sasana'