Greim barróige cultúrtha ag muintir  na Gaeltachta ar a chéile ag an gComórtas Peile

Chonaic lucht bunaithe Chomórtas Peile na Gaeltachta, atá ar siúl i gCorca Dhuibhne an deireadh seachtaine seo, an fuinneamh a bhí le ceansú i muintir na Gaeltachta ach an deis agus an t-ardán a thabhairt dóibh

Greim barróige cultúrtha ag muintir  na Gaeltachta ar a chéile ag an gComórtas Peile

Rhian Kenny (Maigh Cuilinn) ag imirt i gcoinne An Tearmainn ag Comórtas Peile na Gaeltachta 2018. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Inniu tá Comórtas Peile na Gaeltachta ar cheann dos na comórtaisí peile is mó, is rathúla agus is dea-eagraithe sa tír. Cosnaíonn sé suas le €100,000 ar chumann an fhéile a reáchtáil. Glacann suas le 28 foireann páirt ann gach bliain, idir fhir agus mhná. Is ionann san agus 2,250 leaba do na foirne amháin. Meastar go bhfreastalaíonn go maith os cionn 5,000 duine eile ar na cluichí. Craoltar na cluichí anois ar na meáin náisiúnta, beo ar TG4 agus táid le clos ar Raidió na Gaeltachta, gan trácht ar an gclúdach a fhaigheann siad ar an meáin chlóite agus dhigiteacha. Ina theannta san, tá aitheantas oifigiúil ag an gComórtas ar fhéilire náisiúnta Chumann Lúthchleas Gael.

Ó cuireadh tús le Comórtas Peile na Gaeltachta, leathchéad bliain ó shin anois, tá feabhas thar cuimse tagtha ar chúrsaí peile sna ceantracha imeallacha so. Tá craobhacha sinsir contae agus craobhacha cúige buaite ag cuid mhaith acu don gcéad uair. Tá cuid dos na páirceanna imeartha agus cuid dos na háiseanna is fearr sa tír ag na cumainn Ghaeltachta anois. Reachtáil an Chomórtais a spreag agus a mheall an t-airgead chun cuid mhaith den bhforbairt seo a dhéanamh.

Conas mar a chuir dhá fhoireann Ghaeltachta síol comórtas peile sa sneachta i nGaoth Dobhair i 1969…

Ní bréag a rá ach go raibh bunaitheoirí an chomórtais uaillmhianach, misniúil agus ceanndána. Thugadar dúshlán na n-údarás, Ard-Chomhairle CLG agus boird chontae. Ach bhíodar fadradharcach, ceannródaíoch chomh maith.

Má fhéachaimid ar na trí chloch chúinne a bhí ag an gcoiste bunaithe sin i 1969 – feabhas a chur ar chaighdeán na peile sa Ghaeltacht, áiseanna níos fearr a chur ar fáil do chumainn Ghaeltachta agus caidreamh níos fearr a chothú idir na ceantair Ghaeltachta – a bheag nó a mhór, tá siad ar fad bainte amach.

Bhí fís ag leithéidí Antóin de Bairéad, Antoine Ó Cearbhaill, Feardorcha Ó Colla agus baill eile an chéad choiste sin, agus bhí an cur chuige acu agus an fonn oibre iontu an fhís sin a thabhairt chun coinlíochta. Do chonaiceadar san an fuinneamh a bhí le ceansú i muintir na Gaeltachta ach an deis agus an t-ardán a thabhairt dóibh. Chuireadar tús le gluaiseacht a tháinig ón dtalamh aníos agus ón gcroí amach, agus atá anois ar an léiriú is gléine dá bhfuil againn ar fhéiniúlacht phobal na Gaeltachta.

Má labhrann tú inniu leis na fearaibh a d’imir sa chluiche stairiúil sin a chuir tús leis an rud ar fad, an cluiche úd a imríodh sa tsneachta agus sa tsioc, Oíche na dTrí Rithe, 1969, tabharfaidh tú fé ndeara gur beag a gcuimhne ar mhionsonraí an chluiche féin.

Ní cuimhin leo eachtraí móra na himeartha, ní cuimhin leo cé a fuair na scóranna, ní cuimhin le cuid acu, fiú, cé a bhuaigh an cluiche. Ní mhaireann ach cuimhní ar an gcraic, ar an gcomhluadar agus ar an gcairdeas a cothaíodh agus a buanaíodh an deireadh seachtaine úd, i ndorchadas an gheimhridh, i nGaoth Dobhair.

Tá cuimhní chomh geal leis an sneachta a bhí féna gcosa acu ar an spraoi, ar an bhfiántas agus ar an ardú croí a bhain leis an dteacht le chéile sin – dhá phobal Gaeltachta ó dhá cheann na tíre agus greim barróige cultúrtha acu ar chéile.

Níorbh é toradh an chluiche an rud ba thábhachtaí, ach an tuiscint a bhí ríshoiléir eatarthu go léir, go raibh buille á bhualadh acu ar son a muintire féin agus ar son phobail na Gaeltachta ar fud na tíre.

Bhí brat na teanga agus na Gaeltachta ar foluain, bhí meas ar a ndúchas agus ar a gceantar dúchais ina spreagadh acu, ómós acu dá n-oidhreacht agus d’fhéiniúlacht a muintire féin.

Theastaigh uathu é sin á cheiliúradh os comhair an tsaoil mhóir.

Fág freagra ar 'Greim barróige cultúrtha ag muintir  na Gaeltachta ar a chéile ag an gComórtas Peile'