Gráinne Mhic Géidigh, bean Ghaeltachta ‘a rinne a cion dá teanga agus dá pobal’, ar shlí na fírinne

Ba í Gráinne Mhic Géidigh as Rann na Feirtse an chéad ionadaí riamh ag Sinn Féin ar Bhord Údarás na Gaeltachta

Gráinne Mhic Géidigh, bean Ghaeltachta ‘a rinne a cion dá teanga agus dá pobal’, ar shlí na fírinne

Tá Gráinne Mhic Géidigh, iarchomhalta ar Bhord Údarás na Gaeltachta, arb as Rann na Feirste ó thús di, ach a raibh cónaí le fada uirthi i nDún Lúiche, tar éis bháis.

59 bliain d’aois a bhí sí.

Ball de Shinn Féin a bhí i Gráinne Mhic Géidigh agus ba í an chéad ionadaí riamh ag an bpáirtí sin ar Bhord Údarás na Gaeltachta. Bhí aithne fhorleathan uirthi mar bhean Ghaeltachta a bhí mórtasach as a teanga, a pobal agus a dúchas.

Toghadh í ar Bhord Údarás na Gaeltachta in Aibreán na bliana 2005 agus seacht mbliana ar fad a thug sí ina comhalta ar bhord na heagraíochta fiontraíochta. I ráiteas a d’eisigh an tÚdarás tráthnóna dúradh “gur sheas Gráinne Mhic Géidigh an fód do Ghaeltacht Dhún na nGall” i gcónaí le linn a tréimhse ar an mbord. Dúradh go raibh “suim ar leith” aici “i gcur chun cinn cúrsaí Gaeilge agus cúrsaí pobail”.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Mícheál Ó hÉanaigh go ndearna sí “a cion go maith ar son na Gaeilge agus ar son phobal Ghaeltacht Dhún na nGall”. 

“Níorbh iontas ar bith a tiomantas don teanga mar gur tháinig sí ó cheann de theaghlaigh mhóra seanchais Thír Chonaill, Clann Uí Dhuibheannaigh as Rann na Feirste. 

“Bhí cumarsáid den scoth aici le chuile ghlúin, agus ina dhlaoi mullaigh air sin bhí loinnir a daonnachta agus a cineáltais. Thar ceann Údarás na Gaeltachta, cuirim ár gcomhbhrón ó chroí in iúl dá clann agus dá muintir ar fad. Ar dheis Dé a raibh a hanam,” a dúirt Mícheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach an Údaráis tráthnóna.

Gníomhaí pobail agus poblachtánach ab ea Gráinne Mhic Géidigh a dúirt nach raibh spéis aici sa pholaitíocht  nó gur taibhsíodh di gurb ionann an pholaitíocht agus “a bheith ag cuidiú le daoine eile, leis na comharsana, le leanaí”. Tháinig sí ó chlann láidir poblachtánach agus dúirt sí tráth gurb é a shamhlaigh sí leis an bpoblachtánachas ná a bheith ag “seasamh leo siúd atá imeallaithe”.

Bhí suim mhór aici ina teanga dhúchais agus rinne sí staidéar ar litríocht na Gaeilge agus ar léann na hÉireann chomh maith. Bhí Mo Bhealach Féin le Seosamh Mac Grianna agus Cré na Cille le Máirtín Ó Cadhain i measc na leabhar ab ansa léi.

Aistreofar a corp óna teach cónaithe Dé hAoine ag 10.30am go dtí Teach Pobail an Chroí Rónaofa i nDún Lúiche, mar a léifear Aifreann na sochraide ag 11am. 

Maireann a fear Edward, a mbeirt mhac, a mbeirt iníonacha, a cúigear deirfiúracha agus a gaolta agus a cairde go léir.

  

Fág freagra ar 'Gráinne Mhic Géidigh, bean Ghaeltachta ‘a rinne a cion dá teanga agus dá pobal’, ar shlí na fírinne'

  • Braoin

    D’imigh sí róluath… Go ndéana Dia grásta uirthi.

  • Niall Comer

    D’imigh sí i bhfad róluath. Bhí Gráinne mar bhean a’tí agam i nDún Lúiche agus bean iontach a bhí inti. Sásta an fód a sheasamh riamh ar son na teanga, ach níos tábhachtaí ná sin, ba mháthair clainne agus bean teaghlaigh iontach í. Is mór atá pobal Dhún Lúiche agus Rann an Feirste faoi smúid anocht. Crónófar í go mór.

  • Eoin Ó Murchú

    Brón mór orm faoi seo. Bean íontach díograiseach, dílis, cairdiúil is cuiditheach ab ea í. Tá sé deacair a chreidmheáil gur imigh sí chómh hóg sin. Mó chómhbhrón d’Edward is don chlann ar fad.