Gráid mheasta le tabhairt do gach dalta Ardteiste, ach scrúduithe ina rogha chomh maith

Tuairiscítear gur thug fochoiste oideachais an Rialtais a mbeannacht tráthnóna do phlean an Aire Oideachais don Ardteist

Gráid mheasta le tabhairt do gach dalta Ardteiste, ach scrúduithe ina rogha chomh maith

Tabharfar gráid mheasta do gach dalta Ardteiste i mbliana, ach tabharfar rogha dóibh scrúduithe traidisiúnta a dhéanamh freisin, de réir phlean an Rialtais don scrúdú.

Ní bheidh aon scrúduithe ann don Teastas Sóisearach i mbliana.

Tuairiscítear gur thug fochoiste oideachais an Rialtais a mbeannacht don phlean do na scrúduithe tráthnóna.

Toradh amháin a bhronnfar ar na daltaí do gach scrúdú agus an dalta a dhéanfaidh scrúdú freisin beidh cead aige an marc is airde a roghnú.

Táthar ag súil go spreagfaidh sin daltaí chun na scrúduithe tradisiúnta a dhéanamh.

Chuir urlabhraí oideachais Pháirtí an Lucht Oibre Aodhán Ó Ríordáin fáilte roimh an bplean agus dúirt sé go mbeadh a pháirtí ag comhoibriú leis an Rialtas lena chinntiú go mbeadh an gnáthstádas ag torthaí Ardteiste na bliana seo. D’fhéadfadh, a dúirt sé, go mbeadh gá le reachtaíocht chun tacú le córas na ngrád measta i mbliana.

Táthar ag súil go bhfillfidh daltaí na hArdteiste ar an seomra ranga ar an 1 Márta.

Tá an plean le plé le ceardchumainn agus táthar ag súil le fógra oifigiúil tráthnóna.

 

Fág freagra ar 'Gráid mheasta le tabhairt do gach dalta Ardteiste, ach scrúduithe ina rogha chomh maith'