GRAFAIC EOLAIS: An stát á athoscailt agus deireadh á chur le srianta dianghlasála

Inniu an chéad chéim de phlean díghlasála an Rialtais agus srianta Leibhéal 3 le tabhairt isteach in áit srianta Leibhéal 5

GRAFAIC EOLAIS: An stát á athoscailt agus deireadh á chur le srianta dianghlasála

Tá siopaí, gruagairí, leabharlanna agus ionaid aclaíochta á n-athoscailt inniu den chéad uair le sé seachtaine agus deireadh ag teacht leis an dara tréimhse dianghlasála sa stát.

Tiocfaidh srianta Leibhéal 3 isteach in áit srianta Leibhéal 5 inniu agus beidh cead oscailte Dé hAoine ag bialanna agus tithe tábhairne a mbíonn bia ar fáil iontu.

Tá deireadh inniu chomh maith leis an gcosc taistil 5 ciliméadar ach beidh ar dhaoine fanacht ina gcontaetha féin go dtí an 18 Nollaig. 

Inniu an chéad chéim de phlean díghlasála trí chéim an Rialtais.

Faoin tríú céim, idir an 18 Nollaig agus 6 Eanáir a cheadófar cuairteanna chun an tí chun deis a thabhairt do dhaoine an Nollaig a cheiliúradh i dteannta a muintire.

Beidh cead ag trí líon tí teacht le chéile faoin aon díon amháin don Nollaig.

Cé go bhfuil ráta an ghalair tite i measc gach aoisghrúpa le seachtain anuas, tá an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí den tuairim go dtiocfaidh ardú ar líon na gcásanna faoi cheann coicíse.

Tá rabhadh tugtha ag an Rialtas chomh maith go bhfágfadh ardú mór ar líon na gcásanna go mbeadh gá le tuilleadh srianta mí Eanáir.

Dúirt an tAire Sláinte Stephen Donnelly go raibh an stát “in áit nach rabhamar riamh cheana”.

Mhaígh Nphet go mbeadh gá le srianta trí seachtaine dá n-ardódh líon na gcásanna go dtí os cionn 400 cás in aghaidh an lae, ach níl aon chuimhneamh ag an Rialtas srianta níos déine a thabhairt isteach mura dtagann ardú an-mhór ar líon na gcásanna.

Tá an Rialtas ag iarraidh ar dhaoine a bheith an-chúramach, plean a chur i gcrích chun an Nollaig a chaitheamh ar bhealach sábháilte agus líon na ndaoine eile a mbuaileann siad leo a choinneáil íseal.

Idir an dá linn, bhí a ndara cruinniú inné ag an tascfhórsa atá ag plé le straitéis an stáit i leith an vacsaínithe.

Deir an Rialtas gur dócha gur luath sa bhliain nua a chuirfear tús le clár vacsaínithe.

Tá an tascfhórsa lena straitéis náisiúnta a chur faoi bhráid an Rialtais an 11 Nollaig.

Tá iarrtha ag an Rialtas ar an bpobal a bheith tuisceanach faoina dteastaíonn ó dhaoine eile tráth seo na Nollag. Dúirt Liz Canavan as Roinn an Taoisigh inné gur chóir dúinn cuimhneamh nach mbeidh fonn ar gach uile dhuine cuairt a thabhairt ar dhaoine eile ina dtithe ná bualadh leo i mbialanna an Nollaig seo.

Dúirt sí nár chóir go gcuirfeadh sé as dúinn má dhiúltaíonn duine cuireadh mar nach eol d’aon duine againn cén duine atá leochaileach ó thaobh an víris nó a bhfuil duine muinteartha leis amhlaidh.

“Más fearr leat le comhluadar níos lú an Nollaig seo, ná bíodh aon leisce ort é sin a chur in iúl. Más nós leat féin agus le do theaghlach an Nollaig a chaitheamh le do thuismitheoirí go hiondúil, bí cinnte go dtugann tú deis dóibh a rá leat céard ab fhearr leosan a dhéanamh i mbliana.”

306 cás eile den choróinvíreas a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna inné.

Tá líon na gcásanna den Covid-19 sa lá tite ó 1,200 cás ar an meán cúig seachtaine ó shin go dtí 277 cás. Le linn na tréimhse céanna, thit ráta coicíse an ghalair in aghaidh gach 100,00 duine ó 307 go dtí 89.

Is in Éirinn anois atá an dara ráta is ísle san Eoraip.

Fág freagra ar 'GRAFAIC EOLAIS: An stát á athoscailt agus deireadh á chur le srianta dianghlasála'