Thug muintir Árann Gradam Fuinnimh Inmharthana SEAI leo ag ócáid bhronnta gradam i dTeach an Ardmhéara i mBaile Átha Cliath aréir.
Bronnadh ‘Duais an Phobail’ ar Chomharchumann Fuinnimh Oileáin Árann toisc, a dúirt na moltóirí, an “cur chuige den scoth a bhí acu maidir le héifeachtúlacht agus fuinneamh in-athnuaite”.
Dúirt urlabhraí ó Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI) go raibh an comharchumann in Árainn “oscailte do gach duine atá ina chónaí ar na hoileáin agus ó bunaíodh é in 2012, tá athruithe móra curtha i gcrích aige”.
“Tá an obair fós ag dul ar aghaidh agus tá uasghrádú déanta ar na foinsí fuinnimh a úsáidtear i níos mó ná leath na dtithe agus na bhfoirgneamh ar na trí oileán ó bunaíodh an comharchumann seo sé bliana ó shin.
“Tá caidéil teasa agus painéil fhótavoltacha ghréine curtha isteach i leath na dtithe in Inis Oírr anois in áit na mbreoslaí iontaise a bhíodh in úsáid iontu roimhe sin,” a dúirt urlabhraí ón Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI).
Moladh chomh maith an “dul chun cinn” atá á dhéanamh in Inis Mór agus deich bhfeithicil leictreach in úsáid ar an oileán sin anois.
Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Dara Ó Maoildhia, Cathaoirleach Chomharchumann Fuinnimh Árann go raibh ‘an-áthas’ orthu an t-aitheantas seo a fháil ar an obair atá ar siúl ar na trí oileán faoi láthair.
“Tá go leor daoine anseo a bhfuil iarrachtaí déanta acu a gcuid tithe a insliú, a bhfuil fuinneoga nua agus painéal gréine curtha isteach acu nó a fuair uasghrádú ar a gcoire le déanaí. Tá muid ag déanamh dul chun cinn ar go leor bealaí,” a dúirt Ó Maoildhia.
Sa bhliain 2012 a bunaíodh Comharchumann Fuinnimh Oileáin Árann agus bronnadh mórghradam SEAI ‘Gradam an Fhuinnimh in-athnuaite’ orthu sa bhliain 2014.
Dúirt Ó Maoildhia go gceapann sé go ndeachaigh “fís leathan an chomharchumainn” i bhfeidhm ar lucht SEAI an t-am sin.
“Is é an sprioc a bhí agus atá againn ná go ndéanfaimis an t-athrú iomlán ó bhreosla go dtí fuinneamh in-athnuaite agus go ndéanfaimis an t-athrú sin níos sciobtha ná aon áit eile sa tír.”
Dúirt sé gurb é “an chéad chéim eile” sa phróiseas sin go mbeadh muilte gaoithe á dtógáil ar an oileán chun leictreachas a ghiniúint do na trí oileán.
“Tá sé i gceist againn go mbeadh pobal Árann mar úinéirí ar na muilte gaoithe seo agus go mbeadh an leictreachas á dhíol ar ais le muintir na n-oileán,” a dúirt Cathaoirleach Chomharchumann Fuinnimh Oileáin Árann.
Fág freagra ar 'Gradam timpeallachta bronnta ar mhuintir Árann as ‘cur chuige den scoth’'